Tá fothrach ar cheann thiar na trá ar an Meall Rua i Maínis i gCarna, lorg na haimsire ar na beanna agus an ghaoth ag baint macalla as na seanbhallaí cloiche.
Is fada ó bhí tine ar an teallach ann. D’imigh chuile dhuine, a bhformhór ar deoraíocht. Ba ansin a rugadh agus a tógadh mo mháthair mhór, Máire Mhicil Phádraig Mhóir – Máire Ní Chonghaile.
Ansin freisin a rugadh agus a tógadh athair mór Jack Connolly – b’in é Antoine Mhicil Phádraic Mhóir. Col seisearacha Jack agus mé féin; ba dheirfiúr agus deartháir as an teachín sin ar an Meall Rua seanmháthair agus seanathair na beirte againn.
Tá Jack Connolly ina Chomhairleoir Cathrach i Somerville ar imeall thuaidh Bhoston le scaitheamh maith blianta. Níl Donald Trump an-gheal ar an gComhairle sin.
Bhíodar ar cheann de na chéad chathracha i Meiriceá a bhí istigh sa gcóras ‘Cathracha Dídine’ no ‘Sanctuary Cities’. Córas é seo faoina dtugtar faoiseamh éigin d’imirceoirí mí-dhleathacha. Socraíonn an Chomhairle sna cathracha sin nár cheart go gcuirfeadh na póilíní ná na húdaráis eile, ceist ar dhaoine faoin stádas atá acu i Meiriceá – bídís ansin go dleathach nó go mídhleathach. Sin ceann de na socruithe is tábhachtaí a bhaineann le cathair dhídine. Thug Méara Somerville, Joseph Curatone dúshlán do Donald Trump an lá cheana, ‘tar anseo agus breathnaigh ar na buntáistí a bhaineann le stádas Cathair Dhidine’.
Tá Trump buartha faoin gcosaint seo atá ag imirceoirí mídhleathacha; tá samplaí tugtha aige a léiríonn an drochthoradh a bhíonn ar an gcóras seo, dar leis.
Dá mbeadh sé sa Teach Bán chuirfeadh Trump deireadh, a deir sé, le cúnamh airgid as Washington do chathracha dídine.
Bhí Jack Connolly ar dhuine acu siúd a d’ullmhaigh an cháipéis a bhain le tús a chur le stádas Chathair Dhídine i Somerville beagnach tríocha bliain ó shin.
Chuir mé glaoch air an lá cheana.
Labhraíonn Jack i gcónaí ar a mhuintir as Conamara agus ar an gcosán a bhí rompu nuair a shroicheadar na Stáit. I Somerville a shocraigh a sheanathair, Antoine Mhicil Phádraig Mhóir as Maínis agus a sheanmháthair, Áine Nic an Iomaire as an gCaiseal síos. Bhí an stair agus an scéal sin uilig greanta ina intinn nuair a chuaigh sé i bpáirtíocht lena chomhghleacaithe ag réiteach an mholadh do chathair dhídine i Somerville i 1987. B’in ocht mbliana tar éis don chéad chathair dhídine a bheith fógartha sna Stáit Aontaithe, Los Angeles. Tá cúpla céad acu sa tír anois.
“B’fhacthas dom an uair sin – agus feictear dom fós – go bhfuil ciall leis an stádas seo,” a deir Jack Connolly. “Is fearr go mór go mbeadh daoine páirteach i sruth an tsaoil sa bpobal ná a bheith ar an gcúlsráid. Ar ndóigh, is dual dúinne (Gael-Mheiriceánaigh) go mbeadh muid tuisceanach do chás na ndaoine a thagann anseo ar thóir saol níos fearr i Meiriceá. Sin é a rinne Antoine Ó Conghaile agus mo mhamó, Áine Nic an Iomaire.”
Ní bhíonn stádas reachtúil scaití ag aitheantas ‘Cathair Dhídine’. Ina dhiaidh sin féin, nuair a bhíonn a leithéid de shocrú déanta ag comhairle cathrach a bhíonn tofa go daonlathach, tugann na póilíní agus údaráis eile suntas dó. Bítear ag súil nach gcuirfidh na húdaráis ceisteanna faoi stádas dleathach nó mídhleathach ar dhuine ar bith i gcathair dhídine, fiú má bhíonn siad á gceistiú faoi choir éigin eile.
Sin athrú mór.
“Sílim go bhfuil an saol níos suaimhní i Somerville de bharr an stádais seo,” a deir Jack Connolly liom.
“De réir na staitisticí, tá 41% de laghdú ar an gcoiriúlacht anseo ó shocraigh muid ar an stádas mar chathair dhídine i 1987.”
Daoine de shliocht na hÉireann agus na hIodáile is tréine a bhíodh i Somerville, ach tá an saol ag athrú agus tá lucht imirce go leor eile teannta isteach ann anois. “Ba cheart go mbeadh fáilte rompu agus go mbeadh muid báúil leo,” a deir Jack Connolly.
Ar an taobh eile den scéal agus sa taobh eile de Mheiriceá, tharla eachtra thragóideach ar an 1 Iúil 2015 a tharraing droch-chlú ar phlean na gcathracha dídine.
Bhí bean 32 bliain d’aois, Kathryn Steinle, ag siúl ar ché i San Francisco nuair a maraíodh í le hurchar gunna. Go gairid ina dhiaidh sin, gabhadh fear as Meicsiceo, Juan Francisco Lopez-Sanchez, agus cúisíodh é sa gcoir. Fuarthas amach gur díbríodh as na Stáit Aontaithe cúig bhabhta roimhe sin é, ach go raibh a bhealach déanta ar ais arís aige. De bharr gur cathair dhídine í San Francisco, ní raibh na póilíní ag cur aon cheist, gan údar maith, ar dhaoine faoina stádas cónaithe.
Thagair Donald Trump don eachtra nuair a ghlac sé le hainmniúchán na bPoblachtánach agus é ag caitheamh anuas ar pholasaí na gcathracha dídine.
Tá Hillary Clinton tar éis a rá, cé nach raibh a cuid focal chomh láidir i dtosach an fheachtais, gur cheart go mbeadh lucht dlí ar a n-airdeall i gcásanna áirithe, beag beann ar an stádas dídine d’imirceoirí i gcathair ar bith.
“Ní féidir a bheith dall ar chruacheisteanna an tsaoil mhóir,” a deir Jack Connolly i Somerville.
“San am céanna, tá muid sásta tar éis deich mbliana fichead gur polasaí fiúntach é an dídean. Ina dhiaidh sin féin, is as tíortha bochta atá formhór na n-imirceoirí ag teacht anseo ag lorg oibre – mar a tháinig Antoine Ó Conghaile as an Meall Rua”.
Fág freagra ar 'Dúshlán polaiteora de bhunadh Chonamara do Donald Trump – ‘tar anseo agus breathnaigh ar ár gCathair Dhídine’'