Drogall ar chainteoirí Gaeilge comhrá a thosú i nGaeilge nó í a labhairt i láthair daoine nach bhfuil an teanga acu

Ní maith le 49% dóibh siúd a mhaígh go raibh bunlíofacht sa Ghaeilge acu agus 55% acu siúd a mhaígh go raibh ardlíofacht acu a bheith á labhairt nuair a bhíonn daoine sa chomhluadar nach bhfuil sí acu

19/06/2014. Dublin scenes. Two men having a drink outside The Palace Bar in Dublin's Temple Bar today. Photo Laura Hutton/RollingNews.ie
Pictiúr:  Laura Hutton/RollingNews.ie

Ní maith le nach mór leath de chainteoirí Gaeilge comhrá a thosú i nGaeilge agus ní maith leo ach an oiread an teanga a labhairt nuair a bhíonn daoine i láthair nach bhfuil sí acu.

Sin cuid den tátal atá le baint as an tuarascáil nua faoin nGaeilge a d’ullmhaigh an ESRI d’Fhoras na Gaeilge.

Thug beagnach leath (49%) dóibh siúd a mhaígh go raibh bunlíofacht sa Ghaeilge acu agus 55% acu siúd a mhaígh go raibh ardlíofacht acu le fios nár mhaith leo an Ghaeilge a bheith á labhairt nuair a bhíonn daoine sa chomhluadar nach bhfuil an teanga acu.

Léirigh an taighde freisin go mbíonn cainteoirí Gaeilge amhrasach maidir le tús a chur le comhrá ina dteanga féin. Dúirt 50% de dhaoine le bunlíofacht agus 43% le h-ardlíofacht nár mhaith leo ‘comhrá a thosú’ sa teanga sin.

Deirtear gur féidir ‘go bhfuil easpa deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid’ ar cheann de na príomhchúinsí a chuireann bac ar dhaoine a bhfuil eolas áirithe acu ar an nGaeilge an teanga a úsáid níos mince. I bPoblacht na hÉireann, thuairiscigh trí cheathrú (75%) acusan a bhfuil bunlíofacht acu, agus beagnach leath (45%) a bhfuil ardlíofacht acu, nach mbíonn an Ghaeilge á húsáid ag a lucht aitheantais.

Tugtar le fios sa staidéar freisin go bhfuil cara amháin, ar a laghad, a labhraíonn Gaeilge lasmuigh den bhaile ag beagnach an tríú cuid den phobal, thuaidh agus theas (33% sa Phoblacht agus 31% sa Tuaisceart).

Tá ‘cairde’ ag beagnach beirt as gach cúigear duine fásta ó dheas (38%), atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge sa bhaile nó a úsáideann ‘cuid mhór’ Gaeilge lena gcuid páistí. Tá an figiúr beagáinín níos isle (31%) i dTuaisceart Éireann.

 

Fág freagra ar 'Drogall ar chainteoirí Gaeilge comhrá a thosú i nGaeilge nó í a labhairt i láthair daoine nach bhfuil an teanga acu'

  • Eoghan ONeill

    Tá sé bainteach le muinín, ní bhíonn drogall ar dhaoine le béarla comhra a thosú sa teanga sin in áit ar bith ar fud na hEorpa na laethannta seo. An bhfuil sé tráthúil go dtosódh na Gaeil fáinne a chaitheamh le go naithnódh ciaróg ciaróg eile?

  • Colmán

    An sin a shamhlaíonn sibh le cainteoirí Gaeilge – beirt sheanóirí taobh amuigh de theach tábhairne duine acu ag caitheamh fags agus an duine eile ag ól? Cad chuige nár chuir sibh íomhá den dhaoine óga, bríomhara, sona sa phictiúr?

  • Jack Delaney

    Anois is arís bím i lár na cathrach (BAC) agus bím ar an bhfón ag labhairt Gaeilge. bhuel is féidir liomsa a rá go mbím meascán ann maidir le tuairimí na ndaoine- bíonn roinnt daoine ag éisteacht go géar liom. “an bhfuil sé ag labhairt Gaeilge? Poilinnis? ach bíonn roinnt ann a mothaím eagla ait uathu. Ceapann go mbaintear geit as daoine nuair a cloiseann siad an teanga á labhairt de bharr go gceapann siad, b’fhéidir, nach bhfuill an teanga beo a thuilleadh. I gcochall chroíthe na ndaoine, silim gur mhaith leo an teana a fhoghlaim agus a úsáid, ach ní rud poiblí í an Ghaeilge: rud rúnda atá inti agus labhraítear i ranganna oíche agus clubanna beaga ach níl sí á húsáid i ngnáthrudaí an tsaoil. Sin an trua atá ann- is mian le daoine go domhain rud éigin a dhéanamh faoina n-easpa Gaeilge, ach tá obair agus páistí agus laethanta saoire le réachtáil acu agus mura bhfuil an teanga á húsáid i gnáthrudaí an tsaoil, níl an t-am acu.

  • seán

    Tabhair thar n-ais an fáinne! Ar an gcuma sin d’fhéadfadh Gaeilgeoirí bleid a bhualadh ar a chéile agus a gcaidreamh sóisialta a mhéadú. Smaoineamh fiúntach atá le moladh go hard. Ach conas tabhairt faoi? Fón a dhéanamh ‘dtí Denis O Brien b’fhéidir chun é a chistiú. Is géar a theastódh bollscaireacht dhearfach uaidh anois!

  • cormac

    Ni beirt sheanoiri ata iontu! Sin saol sona sasta ina eiseamlair ansin agat agus iad ag Gaeilgeoireacht le cheile idir gach re bolgam agus gach re feaig. Ciorraionn beirt trathnona.

  • Seán Mór

    Tá an fáinne imithe go mór i léig ach b’fhiú go mór é a thabhairt ar ais ina bheatha arís, go háirithe san ionad oibre, sa tseirbhís phoiblí, i measc cúntóirí siopa, in áiteanna a mbíonn na sluaite ann srl. B’fhéidir go bhfuil gá le é a athdhearadh, caithfidh mise a rá gur iomaí uair a chonaic mé cruth fáinne ar lipéad cóta agus gan mé cinnte an fáinne a bhí ann nó cnaipe breise de chineál inteacht! Bheadh leagan óir/airgid/daite den G mór sin a úsáidtear le hearraí Éireannacha a aithint i bhfad níos fearr agus i bhfad Éireann níos so-aitheanta. Is dócha nach fáinne a bheadh ann a thuilleadh, áfach!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Caidé fá feachtas ar labhairt na Gaeilge a thoiseacht don bhliain 2016? ‘Comhrá Coiteann le Coimhthíoch’. Tá muintir na hÉireann i bhfad ró-fhaiteach agus eagla a bháis orthu roimh an t-eiteachas agus nach nglacfaí leo go sóisialta – ach c’as a dtagann an meon intinne sin?…