Chuirfí féiniúlacht na hÉireann ‘ar ceal’ dá rachadh an Ghaeilge in éag – 64% den phobal

De réir na tuarascála nua Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge, tá dearcadh dearfach ag 67% den phobal ó dheas i leith na Gaeilge agus dúirt 45% de rannpháirtithe an tsuirbhé i dTuaisceart Éireann amhlaidh

 

Screen Shot 2015-08-06 at 18.37.02

Chuirfí féiniúlacht na hÉireann ‘ar ceal’ dá rachadh an Ghaeilge in éag, dar le nach mór dhá thrian den phobal ó dheas.

De réir tuarascáil nua ón ESRI, a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, thug 67% de na daoine a ghlac páirt i bpobalbhreith náisiúnta in 2013 le fios go bhfuil dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge agus dúirt 45% de rannpháirtithe an tsuirbhé i dTuaisceart Éireann amhlaidh.

Dúirt 57% de lucht na bhfreagraí ó dheas agus 17% de lucht na bhfreagraí ó thuaidh go raibh líofacht éigin sa Ghaeilge acu.

Tháinig ardú suntasach ar chéatadán na ndaoine ó thuaidh agus ó dheas a thug le fios go raibh siad i bhfách leis an nGaeilge ón uair dheireanach a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge a leithéid de shuirbhé in 2001. An bhliain sin, dúirt níos lú ná leath díobh siúd a ceistíodh –  49%  – go raibh dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge. Bhí ardú suntasach i gceist ó thuaidh chomh maith, ó 29% in 2001 go 45% in 2013.

Chreid 64% de dhaoine ó dheas go gcuirfí féiniúlacht na hÉireann ar ceal in éagmais na Gaeilge, ach níor chreid ach 33% de na rannpháirtithe ó thuaidh amhlaidh.

Fig 7.2
Léaráidí le CÓS/Tuairisc.ie, bunaithe ar an tuarascáíl ‘Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge’ ó ESRI/Foras na Gaeilge

De réir Dearcadh an Phobail i leith na Gaeilge, mheas ceathrar as gach cúigear duine fásta sa Phoblacht gur cheart an teanga a bheith ar fáil mar ábhar scoile. Mheas 48% de na rannpháirtithe ó thuaidh gur cheart go mbeadh an Ghaeilge ar fáil mar ábhar scoile.

Mheas 53% de dhaoine ó dheas gur chóir don Rialtas deimhin a dhéanamh de go mbíonn an Ghaeilge á múineadh “go maith” sna scoileanna agus dúirt 34% de dhaoine i dTuaisceart Éireann amhlaidh.

Níor mheas ach mionlach beag sa dá dhlínse gurb í an Ghaelscolaíocht an cur chuige is oiriúnaí d’fhormhór de pháistí na tíre, cé gur thug móramh ar an dá thaobh den teorainn le fios gur cheart Gaelscoileanna a chur ar fáil san áit a bhfuil éileamh orthu.

Fig 7.5aFig 7.5b

 

Mheas 26% de na rannpháirtithe ó dheas gur cheart beartas a chur i gcrích a bheadh dírithe ar ‘theaghlaigh le Gaeilge/ceantair Ghaeltachta’ agus thug 23% de dhaoine i dTuaisceart Éireann le fios gur cheart na meáin chumarsáide a úsáid chun an teanga a chaomhnú.

Thug 43% de dhaoine ó dheas agus 34% de dhaoine ó thuaidh le fios gur cheart an dátheangachas a chur chun cinn ach gur cheart an Béarla a bheith mar phríomhtheanga.

Ag labhairt dó faoin tuarascáil nua, dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge:

“Aithníonn An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 nach ionann cumas a bheith ag duine sa teanga agus í a úsáid agus treoróidh an taighde seo Foras na Gaeilge agus é ag tabhairt faoina chuid freagrachtaí reachtúla ag cur comhairle ar na rialtais ó thuaidh agus ó dheas maidir lena bpolasaithe Gaeilge.

“Daingníonn an dearcadh atá léirithe ag an bpobal sa tuarascáil seo ár dtaithí féin ar an fhíoréileamh atá ar an Ghaeloideachas agus ar scéimeanna tacaíochta teanga.”

Dúirt urlabhraí ó Ghael Linn gur “cabhair é an taighde maidir le polasaithe dearfacha a cheapadh don Ghaeilge”.

“Is easnamh an-mhór é nach bhfuil dóthain áiseanna siamsaíochta agus ionaid teacht le chéile ann, go háirithe  sna cathracha.

“Mar chomóradh ar 1916, ba chóir go mbeadh ar a laghad ionad amháin nua don Ghaeilge ann ó Dheas,” a dúirt urlabhraí Ghael Linn.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, gur léir ón dtaighde an gá le le lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre.

“Léiríonn sé seo an tábhacht a bhaineann le lárionaid Ghaeilge a fhorbairt ar fud na tíre freisin, faoi mar atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas, le deiseanna praiticiúla, rialta a chur ar fáil don phobal chun leas a bhaint as an nGaeilge atá acu.

“Tá deis ag na Rialtais gníomhú ar na moltaí sa suirbhé ESRI seo agus freastal mar is cuí a dhéanamh ar thoil an phobail tabhairt faoin teanga a úsáid, tríd na deiseanna breise úsáidte sin a sholáthar dóibh, thuaidh agus theas,” a dúírt Cóilín Ó Cearbhaill.

Tá tuarascáil nua an ESRI faoin nGaeilge bunaithe ar dhá shuirbhé uile-oileáin a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, ceann acu i 2001 i gcomhar le Research and Evaluation Services, agus an ceann eile i 2013 leis an gcomhlacht Amárach Research.

Fig 7.3bFig 7.3a

Fág freagra ar 'Chuirfí féiniúlacht na hÉireann ‘ar ceal’ dá rachadh an Ghaeilge in éag – 64% den phobal'

  • sceolaing@hotmail.com

    Foghlaimíodh daltaí an lae inniu grá dá dteanga dála an fhir seo: Mrs Jane Ó Donnabháin said that Rossa in his last days “became, if possible, more purely Irish than before”. Addressing him in English, his family could get no answer but if he was spoken to in Irish, the language of his boyhood, “his face would light up, and he would keep up the conversation in that language till he was exhausted”