Dráma le carachtar bunaithe ar Dhomhnall Ó Lubhlaí le stáitsiú i mBaile Átha Cliath

Sa dráma nua In the Language of the Mute tá carachtar ann ar brathadóir é a sceitheann eolas leis na Gardaí faoin ngluaiseacht phoblachtánach, carachtar atá bunaithe ar Dhomhnall Ó Lubhlaí

Screen-Shot-2014-11-26-at-22.35.21

Cuirfear dráma ar stáitse i mBaile Átha Cliath anoct, tráthnóna Dé Luain, bunaithe ar chás Dhomhnall Uí Lubhlaí agus an chaoi ar láimhseáil an Stát an 56 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe gnéis a dhéanamh ar bhuachaillí óga.

Níor ciontaíodh Ó Lubhlaí, a bhásaigh i 2013, riamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith cé gur cuireadh ar a thriail é i nDeireadh Fómhair na bliana 2002. Thit an triail sin as a chéile de bharr mhoilleadóireacht an stáit agus fianaise a bheith caillte ag na Gardaí.

Tuigtear do Tuairisc.ie go mbeidh cuid de na híospartaigh atá luaite le cás Uí Lubhlaí i láthair ag an gcéad léiriú den dráma a chuirfear chun stáitse sa New Theatre i mBarra an Teampaill i mBaile Átha Cliath anocht.

I saothar nua an scríbhneora Jack Harte, a bhíodh ag múineadh sa scoil chéanna le Ó Lubhlaí sna seachtóidí luatha, tugann an brathadóir, a bhfuil líomhaintí maidir le mí-úsáid gnéis curtha ina leith, na cosa leis toisc go mbíonn sé ag sceitheadh eolais leis na Gardaí.

Chuir an drámadóir aithne ar chuid de na híospartaigh sna 1990idí nuair a tháinig na líomhaintí faoi Ó Lubhlaí chun cinn den chéad uair. Dúirt sé gur bhraith na fir fearg i leith an Stáit agus  gur bhraith siad go raibh treascairt déanta ag an Stát orthu. Bhí sé i dteagmháil le cuid acu agus an dráma á scríobh aige.

Chuir foinse a bhí i dteagmháil leis an iriseoir Breandán Delap sa bhliain 2001 an teoiric chun cinn go mbíodh Ó Lubhlaí ag tabhairt tuairiscí do na Gardaí faoi chomharsa dá chuid a bhí ina bhuamadóir gníomhach de chuid an IRA.

Níl gach éinne ar aon intinn faoi chúlra Poblachtach Uí Lubhlaí, áfach.

Briseadh as a phost mar mhúinteoir i dTiobraid Árainn é sna caogaidí agus dúradh gur de bharr a chuid gníomhaíochta sa ghluaiseacht Phoblachtach a tharla sin.

Timpeall an ama chéanna, chuaigh sé anonn chun na hÉigipte, áit ar oibrigh sé ar feadh bliana i gcathair Alexandria.

Anuas air sin, mhaígh sé féin i gcónaí gur chaith sé tréimhse i ngéibheann sa Churrach ach níl aon fhianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil sé sin fíor.

Bhásaigh Domhnall Ó Lubhlaí, bunaitheoir Choláiste na bhFiann agus pearsa aitheanta i saol na Gaeilge, i Márta 2013 agus, go luath ina dhiaidh sin, labhair cuid dá chuid íospartach go misniúil leis an tuairisceoir, Sorcha Ní Mhonacháin ó Nuacht TG4, faoinar fhulaing siad.

Ag eascairt as na hagallaimh sin, d’éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go gcuirfí fiosrúchán ar bun mar gur léir nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.

D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána ag an am Martin Callinan, in Aibreán 2013, gur iarr sé ar Aonad an Gharda a fhiosraíonn ionsaithe gnéis athbhreithniú a dhéanamh ar fhiosrúchán an Gharda Síochána ar na líomhaintí a rinneadh in aghaidh Uí Lubhlaí sna nóchaidí.

Ina measc siúd a rinne agallamh faoi na hionsaithe a rinneadh air, bhí Gearóid Ó Concubhair. Ionsaíodh thar thréimhse ceithre bliana é nuair a bhí sé ina ghasúr i gColáiste na bhFiann i Ros Muc.

Scríobh sé chuig na Gardaí ag lorg cóipe de thuarascáil an athbhreithnithe ach diúltaíodh aon eolas a thabhairt dó.

Fuair sé litir ó Chigire-Bleachtaire a chuir an méid sin in iúl dó.

“It was never intended or intimated that the contents of the review would be disclosed to persons outside An Garda Síochána and the Department of Justice”.

Chomhoibrigh Gearóid Ó Conchubhair go huile agus go hiomlán leis an athbhreithniú ach diúltaíodh fiú leagan den tuarascáil ina mbeadh eolas íogair bainte as a chur ar fáil dó.

“I cannot under any circumstances disclose to you information redacted or otherwise in relation to victims,” a dúradh leis.