Beag eolas le tabhairt ag Duolingo faoi fhoghlaimeoirí Gaeilge na haipe

Fógraíodh ag deireadh na bliana seo caite go raibh os cionn dhá mhilliún duine ag foghlaim na Gaeilge ar fud na cruinne ar Duolingo, ach ní féidir an figiúir sin a mheas gan tuilleadh eolais

Beag eolas le tabhairt ag Duolingo faoi fhoghlaimeoirí Gaeilge na haipe

Tá diúltaithe ag an gcomhlacht Duolingo tuilleadh eolais faoi líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar a aip foghlama teanga a thabhairt do Tuairisc.ie.

Fógraíodh ag deireadh na bliana seo caite go raibh os cionn dhá mhilliún duine “ag foghlaim na Gaeilge” ar fud na cruinne ar Duolingo. Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn moladh don aip agus cuireadh fáilte roimh an seachtar a chruthaigh an cúrsa Gaeilge in Áras an Uachtaráin.

Níl an comhlacht sásta, áfach, tuilleadh eolais faoin úsáid atá á baint as an aip leis an nGaeilge a fhoghlaim a thabhairt. Is éard atá i gceist leis an bhfigiúr 2.3 milliún a tugadh i mí na Samhna ná líon na ndaoine a chláraigh don chúrsa Gaeilge. Chláraigh aon cheathrú milliúin duine breise leis an gcúrsa Gaeilge ó shin.

Ní léiriú atá sa bhfigiúr sin, áfach, ar líon na ndaoine atá gníomhach ar an aip nó fiú líon na ndaoine a chríochnaigh an chéad cheacht Gaeilge uirthi.

Oibríonn Duolingo ar chóras bronnta pointí. Tugtar ‘experience points’ orthu seo san aip. Nuair a chríochnaítear ceacht nó cleachtadh teanga, bronntar méid áirithe pointí ar an bhfoghlaimeoir, agus téitear chun cinn ar an aip.

Éiríonn na ceachtanna agus na cleachtaí níos deacra de réir mar a théitear chun cinn go dtí go gcríochnaítear an cúrsa teanga.

Níl Duolingo sásta a rá cé mhéad duine den 2.5 milliún duine a chláraigh leis an gcúrsa a chríochnaigh ó thús deireadh é. Níl siad sásta ach an oiread meánlíon na bpointí atá bailithe ag úsáideoirí na haipe go dtí seo a thabhairt, rud a thabharfadh leid faoin úsáid rialta atá á baint as an aip leis an nGaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh.

“Faraor, táimid faoi bhrú mór oibre i láthair na huaire, agus ní féidir lenár bhfoireann an t-eolas a bhailiú,” a dúradh le Tuairisc.ie nuair a iarradh na figiúirí seo ar an gcomhlacht.

Seoladh an cúrsa Gaeilge ar Duolingo i mí Lúnasa na bliana 2014. Tá an Ghaeilge anois ar cheann de na deich dteanga is mó tóir ar an aip ar fud an domhain. Is mó an tóir atá ag úsáideoirí na haipe ar an nGaeilge ná mar atá acu ar an bPolainnis, an Danmhairgis agus an tSualainnis.

Is sna Stáit Aontaithe atá formhór na bhfoghlaimeoirí seo lonnaithe, ach tá muintir na hÉireann, na Breataine, agus Cheanada i measc na ndreamanna is mó atá cláraithe leis an gcúrsa teanga.

Gan an t-eolas breise, áfach, ní féidir a mheas cé mhéad duine atá ag baint tairbhe dáiríre as an aip chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Chláraigh, mar shampla, roinnt mhaith cainteoirí cumasacha Gaeilge leis an gcúrsa Duolingo nuair a tháinig sé amach ar dtús go bhfeicfeadh siad cén cruth a bhí air.

Dúirt múinteoirí scoile áirithe le Tuairisc.ie gur iarr siad ar a gcuid daltaí an aip a íoslódáil lena gcuid scileanna teanga a chleachtadh ach dúirt na múinteoirí gur dóichí ná a mhalairt gur éirigh na daltaí as a húsáid go luath i ndiaidh dóibh clárú léi.

Áirítear na daoine sin go léir i measc an 2.5 milliún duine atá “ag foghlaim na Gaeilge” ar Duolingo, chomh maith le daoine eile nár chríochnaigh an cúrsa, nó nár chuir tús ceart riamh leis.

Mhol an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn d’ambasadóirí na hÉireann an cúrsa Duolingo a dhéanamh le go mbeidh siad líofa “sa teanga ina gceaptar iad”. Dúirt sé go raibh gaisce agus obair iontach déanta ag Duolingo ar son na Gaeilge agus í curtha i lár an aonaigh i saol na teicneolaíochta acu.

Tá Duolingo ar an bhfód le cúig bliana anuas. Bronnadh an gradam ‘Aip na Bliana’ ar Duolingo in 2013, agus ba í an aip oideachasúil ba mhó a íoslódáladh ar Google Play in 2013 agus in 2014. Tá 87 cúrsa teanga ar fad ag Duolingo agus tá 150 milliún duine á úsáid le teangacha an domhain a fhoghlaim.

Fág freagra ar 'Beag eolas le tabhairt ag Duolingo faoi fhoghlaimeoirí Gaeilge na haipe'

  • Breathnóir

    Tuigim an pointe atá á dhéanamh agaibh, ach ag an am céanna scéal maith atá ann, sílim, gur léirigh níos mó daoine spéis a dóthain le clárú le Duolingo le Gaeilge a fhoghlaim, ná mar atá amhlaidh i gcás roinnt mhaith teangacha a labhraítear ar bhonn i bhfad níos forleithne. Mar dhuine atá ag baint úsáide as suíomh gréasáin Duolingo (cé nach mbacaim leis an aip ar chor ar bith) le cúpla teanga a fhoghlaim, sílim gur uirlis úsáideach í le ‘cúpla focal’ agus rud beag gramadaí a fhoghlaim i do rogha teanga, ach nach mbainfeá ardchumas amach sa teanga go deo, dá mbeifeá ag brath ar Duolingo go huile is go hiomlán.

  • Fadhb le Duo

    Go díreach é, a Bhreathnóir. Níl Duolingo leath chomh maith is a deireanns daoine, ar chor ar bith. Níl fuaim ar chuile abairt, mar shampla, agus, cé go bhfuil cainteóir dúchais ann, is decair aon teanga a bheith ag foghlaim gan fuaim. Freisin, níl an gramadach atá ann sách maith, le bheith fíreannach. Tá abairtí ann nach bhfuil ceart sa gCaighdeán cé go bhfuil siad siad ceart i gcanúint eicínt (agus bheadh sin níos fearr, dhá mbeadh sé seasmhach, ach níl sé), agus tá abairtí ann nach bhfuil ceart i aon chanúint, fiú an Caighdeán. Níl sé sin go maith, gan a bheith ag plé faoi na fadhbannaí leis an modh múinteoireachta.

  • Pól Réamonn

    @Ach dúirt na múinteoirí gur dóichí ná a mhalairt gur éirigh na daltaí as a húsáid go luath i ndiaidh dóibh clárú léi.

    Is é sin an-éasca a chreidiúint