Díospóireacht theasaí bhinibeach faoin nginmhilleadh romhainn

Tá teas agus nimh ar na bacáin faoi cheist an ghinnmhilte agus cead tugtha san an Ard-Chúirt i mBéal Feirste inné go n-éistfear athbhreithniú ar an dlí

18/10/2012 Marie Stopes Clinics in Northern Ireland
Leirsiú lasmuigh de chlinic de chuid Marie Stope i 2012. Pictiúr: Photocall Ireland

 

Cheadaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste ar an Luan go n-éistfear athbhreithniú ar an dlí i dtaca le ginmhilleadh i dTuaisceart Éireann sa Mheitheamh seo chugainn. Cor stairiúil ar go leor bealaí ach díol suntais go speisialta mar nach grúpa feachtasóirí a rinne an t-iarratas ach Coimisiún Cearta Daonna Thuaisceart Éireann.

Ceadaítear ginmhilleadh i dTuaisceart Éireann má bhíonn beatha nó slainte na máthar i mbaol ach mhaígh an Coimisiún go raibh cearta ban á sárú mar nach raibh teacht acu sa bhaile ar fhoirceannadh toirchis i gcás féatais le mínormáltacht nó má bhíodar torrach de bharr éigniú nó ciorrú coil.

Bhunaigh an Coimisiún an t-éileamh ar na hairteagail sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine maille le hidirdhealú, le cearta chun príobháideachta agus saoirse ó chéasadh, tairíde agus píonós mídhaonna.

Tá an díospóireacht faoi ghinmhilleadh, fiú faoi chúinsí an-teoranta, chomh teasaí, binibeach céanna ó thuaidh agus atá ó dheas. Nuair a hosclaíodh ionad príobháideach i mBéal Feirste chun seirbhísí ar nós piolla na maidine dar gcionn a thairiscint do dhaoine, eagraíodh léirsithe ag an bhfoirgneamh agus tháinig baill den DUP agus SDLP le chéile i gcomhghuaillíocht sa Tionól chun iarracht a dhéanamh stop a chur leis an obair. Níor éirigh leo ach tá an dá pháirtí sin dubh dóite in aghaidh athrú ar an dlí.

Tá próiseas comhairliúcháin a rith an tAire Cirt i Stormont, David Ford, faoi ghinmhilleadh a cheadú do bhean a bheadh ag súil le leanbh “neamh-inmharthana” tagtha chun deiridh ach níl deireadh cloiste aige ná baol air.

D’eascair an comhairliúchán as geallúint a thug an tAire Ford bliain go leith ó shin go ndéanfaí athbhreithniú ar an dlí. Thug sé an barántas tar éis dó bualadh le bean a d’fhógair ar na meáin go mb’éigean di a dhul go Sasana le haghaidh foircheannadh mar nach raibh seirbhís ar fáil di ag baile cé go raibh a leanbh neamh-inmharthana.

Sa phaipéar comhairliúcháin, mhol an roinn go gceadófaí ginmhilleadh faoi rialacha dochta, mura mbeadh an ghin inmharthana tar éis a breithe. Leagadh béim thar na bearta air nach iarracht é seo chun ginmhilleadh a cheadú – “ach i gcás fíortheoranta”. D’iarr an páipéar tuairimí an phobail freisin faoi ghinmhilleadh más ionsaí – éigniú nó ciorrú coil – faoi ndear an toircheas ach ní dhearna an Roinn aon mholadh. Tá éileamh an Choimisiún Chearta Daonna i bhfad níos cuimsithí ná moltaí Ford agus a roinne.

D’ainneoin chomh teoranta is a bhí moltaí Ford, d’fhógair ceannaire an SDLP, iardhochtúir teaghlaigh, an Dr Alasdair McDonnell, nach nglacfadh an pairtí le hathrú ar an dlí chun ginmhilleadh a cheadú i gcás féatais neamh-inmharthana.

Thairis sin, mhaígh sé “óna thaithí mar dhochtúir nach mbíonn tuar cliniciúil faoi inmharthanacht cruinn ariamh”. Is ag féachaint le laincís a chur ar Ford a bhí sé ó rinne sé an fógra dhá lá sular ceadaíodh iarratas an Choimisiúin Chearta Daonna a bhfuil a n-éileamh níos uileghabhalaí. Ní bheadh sé ar chumas an SDLP astu féin stop a chur le hathrú ar an dlí i Stormont ach tá na huimhreacha (líon Teachtaí) ag an DUP chun é sin a dhéanamh.

Is deacair a shamhlú, mar sin, go bhfuil leasú ar an dlí i ndán do mhná Thuaisceart Éireann, cuma cén obair a dhéanann David Ford nó cuma cén toradh a bheidh ar an athbhreithniú dlíthiúil sa Mheitheamh. Téann thart ar mhíle bean as Tuaisceart Éireann chun na Breataine gach bliain le haghaidh ginmhilleadh, ar an iliomad cúiseanna.

Drochsheans go mbeadh an neart acu mar vótóirí port an DUP agus an SDLP a athrú. Tá lucht feachtais ar son na mbeo gan bhreith i bhfad níos glóraí agus níos eagraithe ná iad. Tá siadsan ag tathaint ar vótóirí tacaíocht a dhiúltú do na páirtithe atá ar son rogha nó ar son saoirse coinsiasa dá n-ionadaithe. Teas agus nimh ar na bacáin idir seo agus an toghchán, gan dabht, ach an mbeimid níos stuama, nó níos trócairí faoi am na héisteachta sa chúirt ar an 15 Meitheamh? Sin ceist. Agus teist.

Fág freagra ar 'Díospóireacht theasaí bhinibeach faoin nginmhilleadh romhainn'

  • Tuigim

    Nach bhfuil focal ar bith eile agaibh air seachas an téarma, ‘Ginmhilleadh’?
    Stopadh (termination), rogha (choice), mar shampla?
    Súil agam go mbeidh an bua ag cearta daonna.
    Mná ag fanacht rófhada ar shaoirse.
    Mo chorp, mo rogha.
    Caithfimid an Eaglais a choinneáil ón bpoilitíocht má tá ár gcearta uainn.