DIALANN AE: Níl ‘airgead na Gaeilge’ á chaitheamh ar stádas na Gaeilge san Eoraip…

Níl sé fíor gur mó airgead a chaithfí ar an Ghaeilge sa bhaile mura mbeadh stádas ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach...

DIALANN AE sq

Feicim go ndúirt duine de léitheoirí Tuairisc.ie go bhfuil blas na bolscaireachta ar na píosaí seo. Ní lia duine ná tuairim. Ach seo mar atá: creidimidne, sinne atá ag scríobh na Dialainne seo, go bhfuil fiúntas san obair atá ar siúl againn agus go bhfuil tábhacht ag baint le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Is é aidhm na n-alt beag seo daoine a spreagadh le cur isteach ar na poist is gá a líonadh chun stádas iomlán a thabhairt don Ghaeilge; má fhágann sin blas na bolscaireachta orthu, nach cuma sin. Ach ná síleadh éinne gurb ionann sin is a rá nach bhfuil lán na fírinne sa mhéid atá á rá againn. Níl sé i gceist againn éinne a mhealladh chun na Mór-Roinne le bréaga.

Is i mBaile Átha Cliath is fearr dom tús a chur le mo dhialann Eorpach féin is dócha; is ann a bhí mé, agus mé i mbun mo chéime, an t-am a raibh muintir na hÉireann ag lorg stádais don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Is maith is cuimhin liom lá an léirsithe mhóir agus na sluaite Gael amuigh ag éileamh stádais dár dteanga. Bhí muid dearg le fearg sula raibh aon chaint ar bheith dearg le fearg. Má bhí fearg ann, bhí díograis agus dóchas ann fosta – nó an ag titim chun maoithneachais atá mé anois ar bhóithrín na smaointe? Bhí mé ag éileamh stádais an lá sin, ach is beag a smaoinigh mé san am cé a dhéanfadh an obair a thiocfadh leis an stádas sin. Agus is lú ná sin a smaoinigh mé go mbeinn féin ag gabháil chun na Bruiséile i mbun na hoibre sin laistigh de chúpla bliain.

Bhog mise chun na Bruiséile thart ar seacht mbliana ó shin. Tháinig mé anseo ar dtús le cúig mhí a chaitheamh mar oiliúnaí in ArdStiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach agus bhí mé cinnte nach mbeadh ann ach na cúig mhí sin. Ní raibh sé i gceist agam Éire a fhágáil go buan. Leoga, cé gur náir liom an méid seo a admháil anois, chaoin mé agus mé ag fágáil slán ag m’fhear agus mo mhuintir in aerfort Bhaile Átha Cliath. Ach thriomaigh na deora, agus b’iontach liom a éasca a bhí sé socrú isteach. Nuair a tairgeadh conradh sealadach dom tar éis na tréimhse oiliúna ghlac mé leis agus trí bliana ina dhiaidh sin arís ghlac mé go fonnmhar le conradh buan.

Agus cad chuige nach nglacfainn? Is breá liom an post, na daoine agus an saol atá cruthaithe agam i gcuideachta m’fhir chéile anseo sa Bhruiséil. Níl sé foirfe. Ní dóigh liom go bhfuil áit ar bith, post ar bith ná saol ar bith foirfe. Ach ní bréag dom a rá gur cathair shuaithní spéisiúil spreagthach í an Bhruiséil. Agus ar feadh na mblianta atá caite agam anseo bhí sé d’ádh orm aithne a chur ar dhaoine as achan chearn den domhan.

Ní de bhunadh na Gaeltachta mé agus níor tógadh le Gaeilge mé, ach chinn mé tamall maith ó shin gur mhaith liom mo shaol a chaitheamh trí Ghaeilge, agus thar aon ní eile tá mé sásta anseo toisc go dtugann an post agus an saol atá agam anseo deis dom sin a dhéanamh.

Tuigim go maith nach gcreideann achan duine go bhfuil tábhacht lena bhfuil ar siúl anseo againn. “Cur amú airgid!” arsa cuid acu.  “B’fhearr an t-airgead a úsáid leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile!” arsa cuid eile acu. Tá sé uilig cloiste cheana agam.

Déarfainn gur chuala sibh féin an port céanna ag Nigel Farage – faoin airgead mhór a d’fhéadfaí a chaitheamh ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte sa Ríocht Aontaithe murach an t-airgead céanna a bheith á chur chun na hEorpa. Tá a fhios ag gach mac máthar agus gach iníon athar anois nach fíor sin agus ar an dóigh chéanna ní fíor go bhfuil ‘airgead na Gaeilge’ á chaitheamh ar stádas na Gaeilge san Eoraip. Ná ní fíor gur mó airgead a chaithfí ar an Ghaeilge sa bhaile mura mbeadh stádas ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Nuair a éireoidh le muintir na hÉireann stádas iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach beidh an stádas sin ina eiseamláir den rud is teanga oifigiúil ann agus níl aon amhras orm ach go gcuideoidh an eiseamláir Eorpach sin le cás na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na hÉireann féin.

Is iad buillí an tsúiste a líonas na málaí. Chun an stádas iomlán a bhaint amach ní mór dúinn cuid mhór daoine a earcú sna hinstitiúidí Eorpacha. Iarraim oraibh cuimhneamh air sin. Más bolscaireacht é sin, nó más dána an mhaise dom an méid sin a iarraidh, bíodh amhlaidh.

_______

– Sa Bhruiséil atá cónaí ar an údar. Tá sí ina aistritheoir in Aonad na Gaeilge in ArdStiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach.

– Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Sheol an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Glacfar le hiarratais go dtí meán lae (am na Bruiséile), an 12 Iúil 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas sin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-institiúidí Eorpacha: tá an Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpaanseo agus an Chomhairle anseo.