DIALANN AE: Níl ‘airgead na Gaeilge’ á chaitheamh ar stádas na Gaeilge san Eoraip…

Níl sé fíor gur mó airgead a chaithfí ar an Ghaeilge sa bhaile mura mbeadh stádas ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach...

DIALANN AE sq

Feicim go ndúirt duine de léitheoirí Tuairisc.ie go bhfuil blas na bolscaireachta ar na píosaí seo. Ní lia duine ná tuairim. Ach seo mar atá: creidimidne, sinne atá ag scríobh na Dialainne seo, go bhfuil fiúntas san obair atá ar siúl againn agus go bhfuil tábhacht ag baint le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.

Is é aidhm na n-alt beag seo daoine a spreagadh le cur isteach ar na poist is gá a líonadh chun stádas iomlán a thabhairt don Ghaeilge; má fhágann sin blas na bolscaireachta orthu, nach cuma sin. Ach ná síleadh éinne gurb ionann sin is a rá nach bhfuil lán na fírinne sa mhéid atá á rá againn. Níl sé i gceist againn éinne a mhealladh chun na Mór-Roinne le bréaga.

Is i mBaile Átha Cliath is fearr dom tús a chur le mo dhialann Eorpach féin is dócha; is ann a bhí mé, agus mé i mbun mo chéime, an t-am a raibh muintir na hÉireann ag lorg stádais don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Is maith is cuimhin liom lá an léirsithe mhóir agus na sluaite Gael amuigh ag éileamh stádais dár dteanga. Bhí muid dearg le fearg sula raibh aon chaint ar bheith dearg le fearg. Má bhí fearg ann, bhí díograis agus dóchas ann fosta – nó an ag titim chun maoithneachais atá mé anois ar bhóithrín na smaointe? Bhí mé ag éileamh stádais an lá sin, ach is beag a smaoinigh mé san am cé a dhéanfadh an obair a thiocfadh leis an stádas sin. Agus is lú ná sin a smaoinigh mé go mbeinn féin ag gabháil chun na Bruiséile i mbun na hoibre sin laistigh de chúpla bliain.

Bhog mise chun na Bruiséile thart ar seacht mbliana ó shin. Tháinig mé anseo ar dtús le cúig mhí a chaitheamh mar oiliúnaí in ArdStiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach agus bhí mé cinnte nach mbeadh ann ach na cúig mhí sin. Ní raibh sé i gceist agam Éire a fhágáil go buan. Leoga, cé gur náir liom an méid seo a admháil anois, chaoin mé agus mé ag fágáil slán ag m’fhear agus mo mhuintir in aerfort Bhaile Átha Cliath. Ach thriomaigh na deora, agus b’iontach liom a éasca a bhí sé socrú isteach. Nuair a tairgeadh conradh sealadach dom tar éis na tréimhse oiliúna ghlac mé leis agus trí bliana ina dhiaidh sin arís ghlac mé go fonnmhar le conradh buan.

Agus cad chuige nach nglacfainn? Is breá liom an post, na daoine agus an saol atá cruthaithe agam i gcuideachta m’fhir chéile anseo sa Bhruiséil. Níl sé foirfe. Ní dóigh liom go bhfuil áit ar bith, post ar bith ná saol ar bith foirfe. Ach ní bréag dom a rá gur cathair shuaithní spéisiúil spreagthach í an Bhruiséil. Agus ar feadh na mblianta atá caite agam anseo bhí sé d’ádh orm aithne a chur ar dhaoine as achan chearn den domhan.

Ní de bhunadh na Gaeltachta mé agus níor tógadh le Gaeilge mé, ach chinn mé tamall maith ó shin gur mhaith liom mo shaol a chaitheamh trí Ghaeilge, agus thar aon ní eile tá mé sásta anseo toisc go dtugann an post agus an saol atá agam anseo deis dom sin a dhéanamh.

Tuigim go maith nach gcreideann achan duine go bhfuil tábhacht lena bhfuil ar siúl anseo againn. “Cur amú airgid!” arsa cuid acu.  “B’fhearr an t-airgead a úsáid leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa bhaile!” arsa cuid eile acu. Tá sé uilig cloiste cheana agam.

Déarfainn gur chuala sibh féin an port céanna ag Nigel Farage – faoin airgead mhór a d’fhéadfaí a chaitheamh ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte sa Ríocht Aontaithe murach an t-airgead céanna a bheith á chur chun na hEorpa. Tá a fhios ag gach mac máthar agus gach iníon athar anois nach fíor sin agus ar an dóigh chéanna ní fíor go bhfuil ‘airgead na Gaeilge’ á chaitheamh ar stádas na Gaeilge san Eoraip. Ná ní fíor gur mó airgead a chaithfí ar an Ghaeilge sa bhaile mura mbeadh stádas ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Nuair a éireoidh le muintir na hÉireann stádas iomlán a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach beidh an stádas sin ina eiseamláir den rud is teanga oifigiúil ann agus níl aon amhras orm ach go gcuideoidh an eiseamláir Eorpach sin le cás na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na hÉireann féin.

Is iad buillí an tsúiste a líonas na málaí. Chun an stádas iomlán a bhaint amach ní mór dúinn cuid mhór daoine a earcú sna hinstitiúidí Eorpacha. Iarraim oraibh cuimhneamh air sin. Más bolscaireacht é sin, nó más dána an mhaise dom an méid sin a iarraidh, bíodh amhlaidh.

_______

– Sa Bhruiséil atá cónaí ar an údar. Tá sí ina aistritheoir in Aonad na Gaeilge in ArdStiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach.

– Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Sheol an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Glacfar le hiarratais go dtí meán lae (am na Bruiséile), an 12 Iúil 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas sin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-institiúidí Eorpacha: tá an Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpaanseo agus an Chomhairle anseo.

Fág freagra ar 'DIALANN AE: Níl ‘airgead na Gaeilge’ á chaitheamh ar stádas na Gaeilge san Eoraip…'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Is deas alt chomh dea-scríofa a léamh ag déanamh cás ar son na bpost atá le líonadh sa mBrúiséil ag aistriú na milliúin doiciméidí, a bhaineann leis an AE go Gaeilge. Ach is alt claonta é.

    Deirtear san alt “ní fíor gur mó airgead a chaithfí ar an Ghaeilge sa bhaile mura mbeadh stádas ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach.” Cé caoi a bhfuil a fhios sin ag Aislínn?

    Dá ndéanfaí an cás le Coimisiún na hEorpa cuid den airgead atá á chaitheamh leis sn stádas oifigiúil atá ag an nGaeilge san AE, a chur isteach i gCiste Eorpach le tacú le tionscadail, a mbeadh sé mar aidhm leo cuid de oidhreacht teanga na hEorpa a chaomhnú, cá bhfios nach ndéanfaí amhlaidh?

    Ar ndóigh creideann Aislínn go bhfuil fiúntas san obair atá ar siúl aici. Ach cén fiúntas? Seachas an fiúntas pearsanta di féin, níl aon cheo luaite aici faoin fiúntas a bhaineann le airgead poiblí an AE a chaitheamh ag aistriú doiciméidí go Gaeilge, nach léifear.

    Tá stádas oifigiúil bréagach ag an nGaeilge san Eoraip bunaithe ar stádas bréagach oifigiúil sa mbaile, stádas nach n-aithníonn go leor eagrais stát fiú amháin agus iad ag déileál le daoine sa Ghaeltacht.

  • Seán Ó Floinn

    Is cur amú ama agus tallain na n-aistritheoirí is mó a chuireann isteach ormsa. Níl daoine ach ag iarraidh saol deas compordach a bheith acu – agus ós rud é go bhfuil an post ann sa Bhruiséil, is dócha gur cheart teachtt i dtír air. Ach tá orthu a nanam a dhíol chun an post sin a dhéanamh, ag aistriú rudaí nach léifidh éinne go deo. Is maith an rud é go dtiocfaidh deireadh leis an AE luath nó mall – is ollstát é a bhfuil claonadh impiriúil ann atá ag iarraidh tíortha na hEorpa a cheansú.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Is iontach an t-airgead aistriúcháin seo a bheith á chaitheamh ar an nGaeilge. Íocann gach saoránach den AE €2 sa bhiain isteach sa chiste aistriúcháin sin; níl sé ar fáil i gcomhair cúraimí eile agus is iontach go bhfuil pobal na Gaeilge ag baint tairbhe as:
    Beidh Dlí an AE, ar cuid de Dhlí na hÉireann é, ar fáil as Gaeilge agus á scrúdú ag lucht dlí, ag na cúirteanna, ag lucht acadúil agus fiú lucht riarácháin.
    Seo fíor-stádas oifigiúil a chabhróidh lena leithéid a bhaint amach ag baile.
    Tá acmhainní Stáit á gcaitheamh ar fhoclóireacht nach gcaithfí murach stádas na Gaeilge san AE.
    Tuigeann an Stát gur acmhainn dóibh an Ghaeilge ó thaobh saoránaigh na hÉireann a fháil isteach in Institiúidí an AE.
    Ní mian liom dul i bhfad scéil.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Íocann gach saoránach den AE €2 sa bhiain isteach sa chiste aistriúcháin sin; níl sé ar fáil i gcomhair cúraimí eile agus is iontach go bhfuil pobal na Gaeilge ag baint tairbhe as.”

    Seo é an argóint atá ag Daithí faoin cur amú airgid seo? Is deacair dom a chreidiúnt nach mbeadh Coimisiún na hEorpa in ann an t-airgead a shábháilfí tré deireadh a chur leis an stádas ciniciúl bréagach atá tugtha don Ghaeilge san AE a usáid ar bhealach eile ar mhaithe leis an teanga.

  • B'fhéidir é!

    A Dhonncha,

    Deir tú gur alt claonta é seo. Ní dóigh liom go bhfuil sé claonta. Tá sé i bhfabhar stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach, stádas a bheidh de réir na gcaighdeán Eorpach. Bíodh do rogha meas agat ar an Aontas Eorpach agus ar sheirbhís phoiblí an Aontais Eorpaigh, ach caithfear rud amháin a rá ar a son – tá ag éirí leo seirbhís teanga a chur ar fáil do 23 teanga Eorpach eile, agus déanfaidh siad an rud céanna don Ghaeilge. Ní slán an chomparáid a dhéanann tú idir fimíneacht an Stáit Éireannaigh faoin dá theanga oifigiúla, agus an cur chuige urramach gairmiúil atá ag institiúidí an Aontais Eorpaigh maidir lena dteangacha oifigiúla féin.

    Cad é atá claonta faoin alt? Nó an ionann dearcadh a bheith ag duine faoi cheist agus an duine a bheith claonta?

    Fiafraíonn tú an cheist: Cén chaoi a bhfuil a fhios ag an údar “nach fíor gur mó airgead a chaithfí ar an Ghaeilge sa bhaile mura mbeadh stádas ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach”? Agus ansin, deir tú féin “nach léifear” na doiciméid a aisteofar go Gaeilge. Cén chaoi a bhfuil a fhios agat nach léifear iad, a Dhonncha?

    An é nach léifidh tú féin iad? Nó tú féin agus Seán Ó Floinn?

    Dá mbeadh sé de mhí-ádh ort amach anseo – i bhfad uainn an t-olc – go gcasfaí sa Chúirt thú agus tú bheith i muinín dhlí na hEorpa, cad a dhéanfá? Arbh fhearr leat a dhul i muinín an Bhéarla nó teanga eachtrach éigin eile? B’fhearr leat, is cosúil.

    Na mílte againn a léirsigh i mBaile Átha Cliath in 2004, is éard a bhí uainn gan bheith i muinín an Bhéarla feasta. D’éilíomar ár gceart, agus fuaireamar é, is é sin ár ngnóthaí mar shaoránaigh den Aontas Eorpach a chur i gcrích i nGaeilge. I gcead duit, is mó meas atá agam ar cheart na mílte sin a saol a chaitheamh i nGaeilge ná atá agam ar do mhiansa a bheith anonn is anall faoin cheist.

    Cén ‘straitéis’ atá agat, a Dhonncha? Cruinniú a iarraidh leis an Rialtas nó leis an Choimisiún Eorpach agus do dhá liosta a thabhairt leat – an liosta mór fada de na cearta uilig atá tú sásta a ghéilleadh, nó ar cuma leat fúthu, agus an liosta mór millteanach fada eile de na rudaí beaga agus na ‘cearta’ beaga ba mhaith leat agat. Beidh siad ag bruideadh a chéile faoin mbord ag an gcruinniú sin agus ag briseadh a gcroí ag gáire ina dhiaidh. B’fhéidir go gcaithfeadh siad chugat cupla ‘ceart’ beag nó cúpla ‘baisc mhaoinithe’ le caitheamh ar thionscadal bheag fhánach i mball éigin – an rud a dtugtar ‘airgead na Gaeilge’ air. Fágfaidh siad agat cúpla bliain iad agus ansin tarraingeoidh siad an plug. Caithfidh siad chugat cúpla ceann beag eile ina n-áit, b’fhéidir. Má léiríonn tú mí-shásamh leis sin, déarfaidh siad leat, ‘Ó, seo anois, a Dhonncha, ná bí ag éirí beadaí orainn – ní thig leat a bheith ag piocadh agus ag toghadh, a dhuine!’ Cá mbeidh tú ansin, a Dhonncha?

    Cinnte, chuala tú an seanfhocal ‘Is fearr éan i do dhorn ná péire ar an gcraobh’? Tá an t-éan mór againn inár ndorn. Agus ba mhaith leatsa go scaoilfimis uainn é. Agus ba mhaith leat go rachaimis sa tóir ar na héiníní beaga eile seo agat – go n-imeoimis ag speancaireacht ar na beanna agus ag dreapadóireacht sna crainn agus ag cuartú sna tomacha sa tóir ar na héiníní beaga seo agat – éiníní beaga nár ainmnigh tú fiú!

    Cén beartas atá agat? Tá an chuma air nach bhfuil de smaoineamh agat ach a iarraidh ar an Aontas Eorpach an buiséad atá curtha i leataobh aige don aistriúchán a chaitheamh ar rud éigin eile. Cén rud? Ó smaoineoidh tú ar rud éigin! I gcead duit, arís, beartas craiceáilte atá ann. Ní thabharfadh siad duit ach an chluas bhodhar, sin nó an freagra grod. Más mian leat dul i gceann feachtas dá leithéid, stróic leat! – b’fhéidir go gcreideann tú go bhfuil tú i do fhear chomh héifeachtach le Pádraig Ó Laighin! – cuimhnigh air seo, áfach: b’éigean do bhreis is 10,000 Gael léirsiú ar son an stádais seo san Aontas Eorpach – an éireoidh leat 10,000 a chruinniú le léirsiú ar son an chuspóra chraiceáilte seo atá agat, an cuspóir ceomhar gan déanamh seo agat? Mar a dúirt fear an Bhéarla – ‘Get real, Donncha!’

    Tá tú míshásta go bhfuiltear ag caitheamh an €2 úd (a luann Dáithí Mac Cárthaigh thuas) ar aistriúchán go Gaeilge, agus ba mhaith leat go gcaithfí ar rud éigin eile é! Tá an €2 sin (nó suim éigin níos lú, is dócha) á dhíol againne leis an Aontas Eorpach ó chuamar isteach ann in 1973. Ní raibh gíog asat ar feadh an ama sin – níor iarr tú an t-am sin go n-aistreofaí an t-airgead sin chuig buiséad Eorpach éigin eile don Ghaeilge. Ach chomh luath agus a tosaíodh ag caitheamh an airgid sin ar an Ghaeilge (mar ba cheart a dhéanamh ó 1973 i leith) tosaíonn tú ag cnáimhseáil faoi!

    Agus b’fhearrde duit, a Dhonncha, óir maíonn tú gur gníomhaí pobail thú, b’fhearr i bhfad duit bheith ag spreagadh óige Chois Fharraige cur isteach ar na postanna seo, nó déanamh réidh le cur isteach orthu. B’fhearr sin ná iad a dhul i bpostanna Béarla nó a dhul ar imirce go Meiriceá nó chun na hAstráile.

    Mar a déarfadh fear na Gaeilge – ‘Beir ar do chiall, a Dhonncha!’

    Maidir leatsa, a Sheáin Uí Fhloinn, agus do chuid cainte faoi dhaoine bheith ag díol a n-anama – cén spúnóg a choinníonn bia leatsa? Ní bheinn anuas ar dhuine ar bith as a bheatha a shaothrú ag gabháil don cheird is ansa leis. Agus ní abróinn rud chomh gránna faoi aon duine – gur dhíol sé a anam ar son tuarastail. (Sin an rud a dhéanann amhais chogaíochta, agus ní slán an chomparáid.) Ná ní abróinn é faoi na mílte Gael a chaithfidh a mbeatha a thabhairt i dtír – agus é sin a dhéanamh i mBéarla, an mhórchuid againn – sa Stát seo. Síl thusa do rogha rud, a mhic Uí Fhloinn, ach de mo thairbhe fein de, tá lúcháir orm go mbeidh tuilleadh againn ábalta ár mbeatha a thabhairt i dtír i nGaeilge – is cuma cén áit.

  • Stilla

    Maith thú, a Aislínn Uí Dhubháin. Ná cuireadh lucht an éadóchais isteach ort. Cá bhfios nach bhfuil Gaeltacht úr ag péacadh san Eoraip agus go bhfaighidh aos óg na Gaeltachta traidisiúnta agus lucht foghlama na Gaeilge sna Gaelscoileanna agus sna gnáthscoileanna misneach an lóchrann a lasfar sa Bhruiséil a leanúint. Thárlódh go bhfuil réabhlóid teanga ar an táirsigh againn i nganfhios dúinn, a bhuíochas don Aontas Eorpach.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    ‘Cá bhfios nach bhfuil Gaeltacht úr ag péacadh san Eoraip agus go bhfaighidh aos óg na Gaeltachta traidisiúnta agus lucht foghlama na Gaeilge sna Gaelscoileanna agus sna gnáthscoileanna misneach an lóchrann a lasfar sa Bhruiséil a leanúint. Thárlódh go bhfuil réabhlóid teanga ar an táirsigh againn i nganfhios dúinn, a bhuíochas don Aontas Eorpach.’

    Cuid eile den bhrionglóideacht gan bunús.