DIALANN AE: Lonnaithe go subhach soinmheach i Lucsamburg

Is aoibhinn beatha an aistritheora i Lucsamburg ón gcupán caife Tigh Fischer maidin Luain go dtí lón breá beadaí na hAoine

DIALANN AE Labhras

Níl aon cheo níos deise tráthnóna samhraidh
ná sciuird a thabhairt síos go hÍochtar Baile;
Ó Chnoc na hEaglaise trí Ghleann na gCléireach
agus sruth na hAilseite ag cur fáilte chaoin romhat.

Radharc copyMaidin Aoine agus ólaim cupán caife Tigh Fischer sula dtugaim m’aghaidh ar an obair istigh i mbaile mór Lucsamburg.

Deich nóiméad ar mo shócúlacht sa chaifé ar chearnóg an tsráidbhaile i mo dhúiche nua atá suite idir Oesling cnoc-fhoraoiseach an tuaiscirt agus Gutland méith-mhachaireach an deiscirt. Arb é dúchas na tuaithe a thug orm cur fúm anseo agus cúl a thabhairt d’áisiúlacht agus saol uirbeach na cathrach? Ach má tá 25 km féin de thuras isteach orm, dheamhan blas suntais a chuirim níos mó san aistear 40 nóiméad (sna tréimhsí buaicthráchta) ná a bheith ag tiomáint ar an taobh ‘mícheart’ den bhóthar. Críochnaím an caife agus buailim bóthar le bheith istigh ag an obair faoi leathuair tar éis a hocht.

Tá sórt tuairime agam cheana féin céard a bheas romham ar maidin agus mé ag éisteacht leis an raidió faoi bhealach. Athraím stáisiúin agus mé ag gabháil an róid: an stáisiún Lucsamburgaise go bhfeicfidh mé an bhfuil aon fholáirimh tráchta ann; anonn ansin chuig an stáisiún Gearmáinise go gcloisfidh mé nuacht an lae; agus as sin go dtí an stáisiún Fraincise le haghaidh beagán ceoil. Ah, athleagan d’amhrán breá ó na hochtóidí arís ann…

Tosaím an lá oibre. Taobh amuigh den aistriúchán féin tá cúraimí eile orm agus teachtaireachtaí ríomhphoist le freagairt, glaonna le déanamh agus mar sin de; rudaí práinneacha a gcaithfear déileáil láithreach leo agus rudaí eile a fhéadfaidh mé a chur siar go fóillín. ‘Ualaí beaga agus imeacht éasca’ a deir an carraeir. Tá sé in am anois breathnú ar dháileadh na hoibre. Más beag féin an líon foirne atá faoi láthair againn, is mór an grá dia é gur féidir brath go hiomlán ar na comhghleacaithe ar fad – idir chúntóirí agus aistritheoirí. Murach iad ní bheadh an chruóg mhór a bhí an tseachtain seo caite ann traoite anois.

Is ait an cheird é an t-aistriúchán. Tá mórtas ag baint le bailchríoch a chur ar théacs casta a bhfuil ciallachais dlí ag baint leis. Ábhar maíte é, go deimhin, nuair a chuirtear an dua ar fad a bhaineann le gach gné den obair san áireamh: ón taighde go téarmaíocht go dtí an t-idircheangal seo atá ag cáipéisí aonair lena chéile. ‘Snáth san uige’ a deirimse agus mé ag féachaint le súil a choinneáil ar phatrún iomlán an éadaigh. Arís ar ais, ní hannamh sciob sceab ar na doiciméid ‘neamhtheicniúla’; an cineál aistriúcháin is minice a mheallann daoine chun na ceirde an chéad lá riamh; an téacs a thugann deis duit do chuid féin a dhéanamh den aistriúcháin agus barr maise a chur ar théacs atá breá meafarach sa bhunteanga. Faoiseamh go minic é; go háirithe má tá tú tar éis coicís a chaitheamh ag obair ar ghníomh reachtach a bhain le cúrsaí airgeadais nó a leithéid.

Tá cuid mhór den domhan siúlta agam ach níor scaoil Dia ná duine an rún fós liom cén chaoi le hadhastar a chur ar an ngrian: tá sé leathuair tar éis a haon. Aoine ghearr! Trí huaire sa mhí a bhíonn an Aoine ghearr againn mar chúiteamh ar an ngnáthlá oibre a bheith beagáinín níos faide thar mar a bhíonn in áiteanna eile.

Iochtar Baile3 copyBuailfidh mé isteach faoin mbaile mór mar a mbeidh lón breá beadaí agam mar luaíocht dom féin as an tseachtain oibre a bheith curtha isteach agam. Cá bhfios nach ndéanfainn cuid de shiobáil an tSathairn inniu féin agus an lá amárach a bheith ar mo thoil agam? Breathnóidh mé céard atá ar siúl ag an deireadh seachtaine nó b’fhéidir fiú amháin go ngabhfainn seal beag ag bóithreoireacht.

– Labhrás Ó Finneadha, Ceann Roinne, Seirbhís Aistriúcháin na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa.

– Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Seolfaidh an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas sin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-institiúidí Eorpacha: tá An Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpa anseo agus An Chomhairle anseo.

Fág freagra ar 'DIALANN AE: Lonnaithe go subhach soinmheach i Lucsamburg'

  • Siobálaí

    Ta téarma breá nua, ‘ag siobáil’, foghlamtha ón alt deas seo agam, agus bheinn ar an eitleán chun na mór-roinne agus fonn orm tabhairt faoin na ciallachais dlí sin murach gur maith liom a bheith ag siobáil thart ar Chonamara lá gréine.