DIALANN AE: An té a bhfuil rud fiúntach uaidh, caithfidh sé é a thuilleamh go fiúntach…

Nuair a bheidh post agat mar aistritheoir, beidh meas ort mar Ghael atá ag obair chun seirbhís ina dteanga féin a sholáthar do shaoránaigh Ghaeilge an Aontais Eorpaigh

DIALANN AE

Is iomaí sin tír siúlta agam i gcaitheamh mo shaoil oibre agus is iomaí baile mór ar bhain mé fúm ann. Chaith mé tamall i mBaile Átha Cliath, i Londain, agus i bPáras le linn an dá bhliain is fiche ó d’fhág mé an ollscoil i mo dhiaidh.

Chuir mé seal isteach ag obair i dtithe leanna, seal i mbun fiontair bheaga de mo chuid féin, seal in earnáil na Gaeilge agus deich mbliana san earnáil airgeadais. Féadaim a rá go bhfuil taithí mhaith éagsúil faighte agam. Ansin, cothrom an ama seo ceithre bliana ó shin, tháinig de chor i mo chinniúint tairiscint a fháil dul a dh’obair mar aistritheoir in Aonad na Gaeilge in ArdStiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach.

Siúd liom arís thar sáile, chun na Bruiséile an iarraidh seo. Cinneadh furasta a bhí ann dom ar an ábhar go raibh barúil mhaith agam go mbeadh an Bhruiséil gach pioc chomh maith le ceann ar bith de na bailte eile atá luaite agam. Agus níor baineadh mealladh asam, óir is suáilceach an saol atá agam ó tháinig mé a chónaí chun na cathrach seo.

Chuala tú, is dóigh, faoin tsaol shultmhar is féidir a bheith ag mo mhacasamhailse, aistritheoir, sa Bhruiséil – tá na dálaí oibre maith, tá an tuarastal fial, tá saol cultúrtha bríomhar ann, agus mar bharr air sin uile tá cuid mhór de bhailte móra breátha na hEorpa faoi thuras cúpla uair a chloig de dhoras mo thí.

Ar mhaith leat an cineál sin saoil? Má ba mhaith, beidh ort a shaothrú.  Óir níl sé furasta áit a fháil ar phainéal earcaíochta d’aistritheoirí.

Tá comórtas d’aistritheoirí ar siúl faoi láthair agus cuirfear na daoine a n-éireoidh leo ar phainéal earcaíochta.

Seo cúpla leid don té ar mian leis déanamh go maith sa chomórtas. Cuir eolas mion ar an fhógra comórtais agus ar rialacha an chomórtais. Léigh an chomhairle atá le fáil (níor mhiste tosú le suíomh Facebook Aonad na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach). Déan ullmhúchán cúramach faoi choinne gach céim den chomórtas. Agus fág neart ama agat féin leis an iarratas a ullmhú agus a chur isteach; ní leor tráthnóna, ná dhá thráthnóna féin, lena dhéanamh i gceart.

Is iad na trialacha iontrála ar ríomhaire an chéad chliath a bheidh le léim agat; agus má éiríonn leat iontu siúd, is iad na trialacha aistriúcháin an dara cliath a bheidh le léim agat.

Cé go bhfuil dúshlán sa chomórtas, tá duais mhór le fáil ag a dheireadh. Cuimhnigh air seo – nuair a bheidh post agat mar aistritheoir, beidh meas ort; beidh meas ort mar ghairmí agus mar speisialtóir teanga i measc ghairmithe na dtrí theanga oifigiúla is fiche eile atá san Aontas Eorpach, agus thar aon ní eile, beidh meas ort mar Ghael atá ag obair chun seirbhís ina dteanga féin a sholáthar do shaoránaigh Ghaeilge an Aontais Eorpaigh.

Cúram ar leith atá ann, cúram a chuireann ag cuimhneamh mé ar an lá úd in 2004 nuair a bhí mé féin ar dhuine de na mílte Gael ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus gan uainn ach cothrom na Féinne don Ghaeilge. Ba é a bhí uainn Stádas – an Ghaeilge a bheith ina teanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. Ba bheag a shíl mé an t-am sin go mbeinn i measc na ndaoine a mbeadh sé de chúram orthu feidhm phraiticiúil a thabhairt don stádas sin.

Gan amhras, tá cuid mhaith den bhealach curtha dínn ó shin againn agus cuid nach beag den obair déanta. Ach tá obair go leor amach romhainn go fóill, agus meitheal mhaith de dhíth le dul ina ceann. Mar sin, má tá tú inchurtha le hobair na meithle sin, ná lig tharat an fhaill agus cuir isteach ar an chomórtas. Fágfaidh mé an focal scoir ag Charlie Munger, fear ar dhúirt Bill Gates agus Warren Buffet araon faoi gurb é an fear is cliste é dár casadh orthu riamh. Dar liom gur fíor an méid a deir Munger, agus gur fíor é chan amháin faoi dhaoine aonair ach faoi phobail, fosta:

‘An té a bhfuil rud fiúntach uaidh, caithfidh sé é a thuilleamh go fiúntach. Craiceáilte is mar atá an domhan mór, níor bronnadh fós, orthu siúd nár thuill, an rud nár thuill siad.’

– Charles T. Munger

______

Sa Bhruiséil atá cónaí ar an údar. Tá sé ina aistritheoir in Aonad na Gaeilge in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach. Chaith sé dhá bhliain go leith ina Oifigeach Allamuigh ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin in Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, Baile Átha Cliath.

Ag eascairt as rialachán a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag seo a chuaigh thart (Rialachán ón gComhairle 2015/2264), tiocfaidh méadú ar líon na foirne Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha as seo go dtí tús na bliana 2022, tráth a bheidh an fhoireann Ghaeilge ar aon mhéid le foirne na dteangacha oifigiúla eile. Sheol an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ar an 9 Meitheamh 2016. Glacfar le hiarratais go dtí meán lae (am na Bruiséile), an 12 Iúil 2016. Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas sin le fáil ar shuíomh gréasáin EPSO. Is fiú freisin súil a choinneáil ar mheáin shóisialta na n-institiúidí Eorpacha: tá an Coimisiún Eorpach anseo, Parlaimint na hEorpa anseo agus an Chomhairle anseo

Fág freagra ar 'DIALANN AE: An té a bhfuil rud fiúntach uaidh, caithfidh sé é a thuilleamh go fiúntach…'

  • Tomás Ó hÓgáin

    Ní fheadar an bhfuil an saol sa Bhruiséil chomh hiontach sin i ndáiríre, cumadh saonta ar an gcolún seo agus ar ndóigh blas na bolscaireachta…

    “beidh meas ort mar Ghael”….. yikes!!

    Go n-éirí go geal leo siúd atá sásta dul chun na Bruiséile agus iad féin a chruthú mar Ghaeil.