Deireadh le sos na gCúigí sa Pro 14

Tá babhta 9 den Pro 14 ag tosú inniu agus seans iontach ag na cúigí ar fad ar shlám pointí

Deireadh le sos na gCúigí sa Pro 14

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

In ainneoin go bhfuil cluiche idirnáisiúnta eile ag na hÉireannaigh amárach, Dé Sathairn, tá comórtas an Pro 14 arís againn an deireadh seachtaine seo tar éis scíth coicíse.

Beidh buntáiste an bhaile tráthnóna ag na hUltaigh agus ag na Laighnigh, dhá fhoireann atá beagnach ar chomhphointí i nGrúpa B den chomórtas. Sa dara háit atá na hUltaigh ar 28 pointe agus sé chluiche as ocht gcinn buaite acu. Seans maith go mbeidh siad ag cur cúig phointe eile lena stór tar éis a gcluiche anocht i gcoinne Treviso na hIodáile, foireann nach bhfuil ach trí chluiche buaite sa bPro 14 acu go dtí seo. 

Ach an oiread le chuile fhoireann eile atá ag imirt sa gcomórtas, beidh na hUltaigh d’uireasa imreoirí atá ar dualgas leis an bhfoireann idirnáisiúnta. Mar sin féin ní dóigh go mbeidh siad chomh gann agus a bheas na hIodálaigh mar gur as Treviso a thagann formhór imreoirí idirnáisiúnta na tíre sin. Bua do na hUltaigh mar sin agus seans iontach acu ar ceithre úd ar a laghad a aimsiú.

San RDS a thabharfaidh na Laighnigh aghaidh ar Dragons na Breataine Bige, foireann nár bhuaigh ach faoi dhó sa gcomórtas go dtí seo.

D’éirigh leis na Laighnigh sé chluiche as ocht gcinn a bhuachan, díreach mar atá déanta ag na hUltaigh. Tá na Dragons chomh lag sin i mbliana nach bhfuil aon imreoir acu ag imirt d’fhoireann na Breataine Bige amárach. A mhalairt scéil atá ag na Laighnigh mar gur ón bhfoireann sin is mó a thagann imreoirí idirnáisiúnta na hÉireann. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh mórán stró ar fhoireann Chúige Laighean na pointí ar fad a thabhairt leo agus tá mise ag súil go mbeidh ar a gcumas ceithre úd ar a laghad a fháil sa gcluiche seo.

Níl ach pointe amháin idir na Connachtaigh (16) agus Caerdydd (15) i nGrúpa A. Tá trí bhua ag an dá fhoireann ach is iad na Connachtaigh a bheas ag imirt as baile inniu. Seans freisin go mbeidh an méid céanna imreoirí in easnamh ar an dá fhoireann. Seans gurb í an mhórcheist faoin gcoimhlint seo ná an mbeidh na Connachtaigh in ann cur leis an dá bhua a bhí acu i mbabhtaí 7 agus 8, i gcoinne na Muimhneach agus na Cheetahs. Is fiú a mheabhrú gur ar an mBóthar Beag a d’imir na Connachtaigh na cluichí sin, agus gur scéal eile ar fad é nuair a bhíonn foirne as baile. Má éiríonn le fir an iarthair an lá a thabhairt leo, is ansin a ghlacfaimid leis go bhfuil siad ar ais sa rás arís. Feicfidh muid linn.

Dé Domhnaigh a bheas na Muimhnigh ag taisteal go dtí an Iodáil le tabhairt faoi Zebre. Beidh an dá fhoireann seo gan cúpla imreoir de bharr na gcluichí idirnáisiúnta, ach, mar sin féin, bheadh iontas ormsa agus ar go leor eile mura dtugann Cúige Mumhan cúig phointe abhaile leo.

Fág freagra ar 'Deireadh le sos na gCúigí sa Pro 14'