Deireadh curtha san Ard-Chúirt le cás faoi pholasaí iontrála Gaeilge Scoil Lorcáin

Rinne athair an pháiste iarratas go nglacfaí léi sa scoil toisc gur chinn sé féin Gaeilge a labhairt léi

Four Courts High Court

Cuireadh deireadh san Ard-Chúirt inné le cás atá á thug Scoil Lorcáin, Gaelscoil i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, i gcoinne na Roinne Oideachais.

Thug Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ceann de na Gaelscoileanna is aitheanta sa tír, dúshlán na Roinne Oideachais maidir le ceart na scoile diúltú do dhalta de réir a bpolasaí iontrála.

Tugann an polasaí sin tús áite do dhaltaí as teaghlaigh gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga iontu, nó do “páistí atáthar á dtógáil le Gaeilge”.

Tá Scoil Lorcáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal cinneadh a rinne Coiste Achomharc na Roinne go raibh iallach ar an scoil áit a thabhairt do dhalta áirithe, a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála.

Rinne athair an pháiste iarratas go nglacfaí leis an pháiste sa scoil ar an bhonn go raibh sí á tógáil le Gaeilge.

Dúirt Séamus Ó Tuathail, abhcóide an athar, san Ard-Chúirt inné gur theastaigh ón athair go mbeadh an Ghaeilge mar theanga scoile ag a pháiste go raibh sé ag iarraidh leas a bhaint as pholasaí iontrála na scoile.

Dúirt Ó Tuathail gur thuig an t-athair go dtabharfaí tús áite sa scoil do pháistí a bheadh á dtógáil le Gaeilge agus gurb í an tuiscint a bhí aige air sin ná go gcaithfeadh tuismitheoir amháin ar a laghad Gaeilge a labhairt leis an pháiste an t-am ar fad, rud a chinn sé féin a dhéanamh.

Da bhrí sin, cé gur foghlaimeoir Gaeilge ab ea é, chomhlíon sé polasaí iontrála na scoile, dar leis an Uasal Ó Tuathail.

Cháin an tUasal Ó Tuathail polasaí cláraithe na scoile, ag rá nár cuireadh i bhfeidhm i gceart é agus gurb é sin an fáth ar lorg an t-athair achomharc i gcoinne chinneadh na scoile.

Ba cheart don mheasúnacht iontrála a bheith déanta ar an chumarsáid idir an t-athair agus an páiste, a dúirt sé.

Mhaígh sé nach raibh aon chaighdeán leagtha síos sa mheasúnacht lena chruthú go raibh go leor Gaeilge ag an pháiste le polasaí iontrála na scoile a shásamh.

Rinne an t-abhcóide Julie Leo aighneacht thar ceann mháthair an pháiste. Dúradh sa chúirt nach raibh baint ag máthair an pháiste leis an chás ach gur mhaith léi a cuid tuairimí a chur in iúl don chúirt. Thug a habhcóide le fios go raibh an lánúin scartha agus gurb í an mháthair príomhchúramóir an pháiste. Níl Gaeilge ag an máthair agus ní bheadh sí in ann cabhair a thabhairt le hobair bhaile Gaeilge, a dúradh.

Tugadh le fios go raibh áit curtha i leataobh don pháiste i mbunscoil áitiúil agus gur theastaigh ón mháthair go bhfreastalódh an páiste ar an scoil sin in áit dul go Scoil Lorcáin.

Thug abhcóide Scoil Lorcáin, Luán Ó Braonáin, freagraí ar na haighneachtaí a cloiseadh le linn na héisteachta.

Ba athbhreithniú a bhí sa chás ar chinneadh an Choiste Achomhairc agus ní ar chinneadh bhord bainistíochta Scoil Lorcáin, a dúirt Ó Braonáin.

Dúirt sé go ndeachaigh coiste na Roinne “thar a dhlínse” nuair a fuair siad locht ar pholasaí na scoile agus mhaígh sé nár chóir don choiste achomhairc aon ordú a thabhairt don bhord bainistíochta. Faoi Ard-Rúnaí na Roinne a bhí an dlínse sin, a dúirt Ó Braonáin.

Is féidir leis an choiste cinneadh a dhéanamh faoi ghearán a dhéanann páiste nó tuismitheoir agus moltaí a dhéanamh más gá, ach níl aon chúram eile orthu fad is a bhaineann sé le polasaí scoile, a mhaígh abhcóide na scoile.

Dúirt an tUasal Ó Braonáin go raibh sé de chumhacht ag an choiste a measúnú féin a dhéanamh, nó cabhair a fháil ó shaineolaithe, féachaint an raibh polasaí iontrála na scoile sásaithe ag an bpáiste, rud nach ndearna siad sa chás seo, dar leis.

Chuir sé i leith an choiste go ndearna siad cinneadh nach raibh bunaithe ar an bhuncheist –ar shásaigh an páiste polasaí iontrála Gaeilge na scoile.

Dúirt sé gur cinneadh ab ea é a bhféadfaí leas a bhaint as amach anseo agus áit á lorg ag páistí sa scoil.

Dúirt an Breitheamh Gerard Hogan go ndéanfadh sé a rialú ar an 29 Iúil mar gur thuig sé an phráinn a bhain leis an chás seo.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha san Ard-Chúirt le cás faoi pholasaí iontrála Gaeilge Scoil Lorcáin'