‘Dearcadh úr’ ag teastáil ón Roinn Oideachais maidir le maoiniú Gaelscoileanna – an tAire Oideachais

Deir an tAire Oideachais Richard Bruton go bhfuil oifigigh a Roinne ag déanamh iarrachta ‘cur leis an rogha’ atá ar fáil do thuismitheoirí agus go bhfuil an obair sin ‘an-tábhachtach’

‘Dearcadh úr’ ag teastáil ón Roinn Oideachais maidir le maoiniú Gaelscoileanna – an tAire Oideachais

D’admhaigh an tAire Oideachais Richard Bruton go bhfuil “dearcadh úr” ag teastáil ón Roinn Oideachais maidir leis na comórtais a reáchtáiltear le maoiniú a cheadú do scoileanna nuabhunaithe, agus aird a thabhairt ar an éileamh réasúnta mór atá ann do scoileanna lánGhaeilge.

Bhí an tAire Bruton ag freagairt ceiste ón Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh ag cruinniú de chuid an Choiste Oideachais le deireanas.

Dúirt Ó Clochartaigh go “bhfuiltear den tuairim go bhfuil bac á chur ar Ghaelscoileanna” tríd an gcóras atá i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais le hairgead do thograí caipitil a dháileadh.

“Léirítear sna figiúirí ón ESRI don bhliain 2015 go roghnódh 23% an Ghaelscolaíocht dá gcuid gasúr ach níl ina ngaelscoileanna ach 6.7% de líon iomlán na scoileanna in Éirinn. Táthar ann den tuairim go bhfuil bac á chur ar ghaelscoileanna tríd an gcóras atá agaibh do dháileadh an airgid do chaipiteal tograí. 

“An dtabharfá freagra air sin? D’fhéadfadh scoil lánGhaeilge a bheith ina Educate Together nó ina scoil Chaitliceach. Ní bhaineann ceist na pátrúnachta le ceist na ngaelscoileanna. Is léir go bhfuil éileamh mór orthu ach nach bhfuilimid ag cur maoiniú ar fáil le freastal ar an éileamh sin,” a dúirt Ó Clochartaigh.

Dúirt an tAire Bruton go “nglacann” sé leis na pointí a luaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh agus d’admhaigh gur gá “dearcadh úr” a bheith ag a Roinn i leith na ceiste.

“I take your point about the Gaelscoileanna in the competitions for selection and in those areas we do need to have a fresh look at how those competitions are put in place. Of course we would hope that some of the transfer of patronage would go to Gaelscoileanna to reflect the demand,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go bhfuil a n-aird á díriú anois ag oifigigh na Roinne ar cheist na pátrúnachta agus go bhfuiltear ag déanamh iarrachta “cur leis an rogha” atá ar fáil do thuismitheoirí agus go bhfuil an obair sin “an-tábhachtach”.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, le Tuairisc.ie go mbíonn “míthuiscint” ann maidir le gaelscoileanna nuabhunaithe agus cúrsaí creidimh.

“Is scoileanna iad a fhreastalaíonn ar pháistí de gach creideamh nó gan aon chreideamh, díreach mar a dhéanann scoileanna Educate Together. Tugtar le fios go bhfuil rogha le déanamh idir an teanga theagaisc agus an cur chuige i leith an reiligiúin. Is trua sin mar cuireann sé tuismitheoirí ar strae, tuismitheoirí gur mian leo oideachas ilchreidmheach agus lán-Ghaeilge a bheith ar fáil dá gclann,” a dúirt sí.