Cur chuige ciotach Kenny agus an DUP ag feadaíl sa dorchadas

Tá an t-eiteachas tugtha do bhunú Fóram chun dul i ngleic le Brexit ach tá gá i gcónaí le comhoibriú

An Taoiseach Enda Kenny. RollingNews.ie
An Taoiseach Enda Kenny. RollingNews.ie

Ní raibh leisce ar Arlene Foster a míshástacht a léiriú. Shílfeá go raibh an spíonán ba sheirbhe i mBaile Átha Cliath i mbéal cheannaire an DUP. Bhí ‘fuílleach’ foras ann cheana féin chun gnóthaí thuaidh theas a phlé, arsa Foster, agus í ag tabhairt droim láimhe leis an bFóram iarBhreatimeachta.

Níor cuireadh an moladh don Fhóram nua faoi bhráid an chruinnithe den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas, dar leis an Taoiseach, Enda Kenny. Dá bhrí sin níor tugadh an t-eiteachas dó. Bhí a fhios ag cait an bhaile, áfach, go raibh an Taoiseach, a airí agus páirtithe náisiúnacha an tuaiscirt go mór i bhfabhar Fóram a bhunú agus nach raibh i gceist lena mhaíomh nár moladh go hoifigiúil a leithéid ach imeartas focal. Níor cuireadh ar an gclár oibre é mar gur dhiúltaigh an DUP dó. Dhiúltaigh Jeffrey Donaldson, fear thuar na haimsire an DUP,  dó roimh ré agus níor cheil Foster féin a doicheall ach an oiread.

An mbeadh glactha aici leis dá mbeadh sé de chiall ag airí an moladh a chur faoina bráid go príobháideach sular deineadh bolscaireacht agus buaileam sciath faoi?

B’aisteach an botún é. Arb é easpa cúirtéise Bhaile Átha Cliath faoi ndear diúltú Foster? Nó an mbeadh an t-eiteachas tugtha aici dó ar aon nós? An raibh a fhios ag oifig an Taoisigh nach n-éireodh leis?

Chuile sheans nach mbeadh aon ghlacadh ag Arlene Foster leis an bplean ar aon nós. Cé gur léir go bhfuil práinn le hobair thuaidh theas agus go bhfuil plean d’obair thuaidh theas idir lámha cheana, ní mian le Foster aird a tharraingt ar na fadhbanna a chothaigh Brexit.

Tráth a bhfuil inmharthanacht na Ríochta Aontaithe i mbaol, is dócha gur deacair a thuilleadh scéimeanna trasteorann a shlogadh. Ní theastaíonn uaithi éisteacht a thabhairt do chaint faoi scoilteadh na Ríochta Aontaithe ná faoi shocrú leithleach ar bith a scaoilfeadh an nasc idir Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór.

‘Move on’ an teachtaireacht a bhí aici an tseachtain seo caite don chuid den phobal, idir náisiúnaithe agus aontachtaithe, atá míshásta faoin gcinneadh an tAontas Eorpach a fhágáil. Feileann sé di beag is fiú a dhéanamh den vóta 56% i dTuaisceart Éireann ar son fanacht san AE.

Tá dlúthcheangal idir an DUP agus na daoine a bheidh i mbun idirbheartaíochta ar son Thuaisceart Éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe, a deir Donaldson.

“Bhíomar le chéile sa bhfeachtas ar son imeachta agus neartaíonn sin muid,” a deir sé.

Feadaíl sa dorchadas. Cé hiad na daoine seo a bheidh i mbun margála? Boris Johnson? Michael Gove? Nigel Farage? Níl anseo ach cur i gcéill nó seachrán. Is cosúil gurb é sin cur chuige an Chéad-Aire Foster freisin – agus tig le lucht fanachta cogaint air.

Cibé duine nó dream as Whitehall a bheidh i mbun idirbheartaíochta is beag seans gur Tuaisceart Éireann an chloch is mó ar a bpaidrín. Gan dabht déanfaidh Foster agus an LeasChéad-Aire, Martin McGuinness iarracht a dhul i gcion orthu; tarraingeoidh siad aird ar na fadhbanna atá ag Tuaisceart Éireann ach beidh gá le brú thairis sin ar an mBreatain agus ar an mBruiséil.

Sin é an fáth go raibh Fóram, nó an obair a dhéanfaí ann, thar a bheith tábhachtach. Dá mbeadh a leithéid ann, ba dheacra go mór fada neamhaird a dhéanamh de chur chuige aontaithe maidir leis an teorainn, saorthaisteal agus cearta oibrithe. Ní féidir ligean do dhiúltú an DUP don fhóram nó do chur chuige ciotach Bhaile Átha Cliath an obair a chur i mbaol. Tá neart agus cur le chéile tábhachtach.

Is cuma cén teideal a úsáidtear, ná fiú gan teideal ar bith a bheith air, tá ardán ag teastáil don chomhoibriú atá riachtanach agus an obair a chaithfear a dhéanamh.