Cuimhnímis ar chomhairle stuama Atticus Finch agus cuirimis sinn féin i mbróga ár gcomhhdhuine

Má tá daoine gan dídean i ngreim ag an ól agus na drugaí, ní fhágann sin nach bhfuil tacaíocht agus cabhair tuillte acu

Cuimhnímis ar chomhairle stuama Atticus Finch agus cuirimis sinn féin i mbróga ár gcomhhdhuine

Sam Boal/Rollingnews.ie

Is mó duine atá ag caint ar an ngéarchéim tithíochta agus ar an mbochtanas an aimsir seo. Lean conspóid nach beag an méid a dúirt Eileen Gleeson go mbíonn drochiompar ar bun ag roinnt daoine atá gan dídean agus go mbíonn drochshaol á chaitheamh acu.

B’éard a bhí á thabhairt le tuiscint sa ráiteas úd nach bhfuil tacaíocht agus cabhair tuillte ag na daoine sin – go mór mór agus iad á gcur i gcomparáid le daoine atá gan dídean ach a fhanann glan amach ón ól agus ó dhrugaí. A mhalairt atá fíor; cabhair agus tacaíocht leanúnach a theastaíonn ón dhream, bídís ag ól agus ag tógáil drugaí nó ná bíodh.

Nuair a dúradh mar fhreagra ar an méid a dúirt Eileen Gleeson nach sa chás céanna atá gach duine agus nach ‘mar a chéile ar fad iad’, bhíothas ag tabhairt le tuiscint go raibh an méid a dúirt sí féin dlisteanach agus bailí, rud nach bhfuil.

Is díol trua iad na daoine atá tugtha don ól nó do dhrugaí – nó don dá rud. I gcás cuid acu, ba í an dearóile a bhaineann lena saol bocht a chuir i dtreo an óil nó na ndrugaí iad sa chéad áit. I gcás roinnt eile, ba é a gcuid andúileachas san ól nó sna drugaí a d’fhág go rabhadar beo bocht agus fágtha ar thaobh na sráide sara i bhfad, agus iad in umar na haimléise.

Barr ar an donas, is minic go scartar teaghlaigh de bharr an bhochtanais agus is minic go mbíonn uaigneas damanta agus deargnáire ar an dream a bhfuil a saol scriosta ag a gcuid andúile féin agus atá ina gcodladh ar an tsráid anois.

Dá mbeidís go maith as agus i ngreim ag an andúileachas, d’fhéachfaí le cabhair phroifisiúnta a fháil dóibh. Toisc gur dream bocht iad, áfach, táthar ann a cheapann nach fiú an chabhair sin a thabhairt dóibh. Drochmheas ar an mbochtanas féin agus meon ‘ar nós cuma liom’ faoi dhínit an duine is cúis leis an dearcadh sin a bheith ann.

Mairimid i ré iarChríostaí anois ach má mhaireann féin, is daoine cineálta, flaithiúla iad muintir na hÉireann ar an mórgóir, agus tá réiteach ar fhadhb an bhochtanais ach an toil a bheith ann. Má théann ár bhformhór siar cúpla glúin sa tír seo, tiocfaimid ar dheargbhochtanas i scéal ár dteaghlaigh féin. Cuimhnímis ar chomhairle shimplí, stuama Atticus Finch agus cuirimis sinn féinig i mbróga ár gcomhhdhuine.

Idé-eolaíocht is cúis leis an ngéarchéim tithíochta atá ann faoi láthair seachas easpa áiseanna. Go deimhin, tá cuid de na háiseanna sin ar fáil cheana féin agus is iontach liom a laghad tráchta atá déanta ar na tithe folmha agus na ‘ghost estates’ nó na scáileastáit go dtí seo sa phlé ar fad. Tabhair do d’aire, a léitheoir, a mhinice a sheachnaítear an ghné áirithe sin den díospóireacht. Is iad na heastáit thréigthe sin an eilifint mhór sa seomra.

Is gearr uainn an Nollaig agus ní fada go mbeidh cuid againn ag triall ar an leagan Gaeilge d’eipic Charles Dickens, A Christmas Carol, atá curtha in oiriúint ag Maitiú Ó Coimín do léitheoirí na linne seo. Tá tábhacht – agus ábharthacht – go fóill le bunteachtaireacht Dickens sa saothar sin. Ní inniu ná inné a bhíomar i ngreim ag an tsaint is ag an stádas.

Fág freagra ar 'Cuimhnímis ar chomhairle stuama Atticus Finch agus cuirimis sinn féin i mbróga ár gcomhhdhuine'