Cúige Chonnachta ag súil le gaisce eile a dhéanamh i nDún Éideann

Ní haoin dóithín iad Dún Éideann ach ní bheidh Cúige Chonnacht sásta mura n-éireoidh leo ceithre phointe a aimsiú tráthnóna

Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton
Bainisteoir Chonnacht, Pat Lam. Pictiúr: INPHO/Ken Sutton

Tá buntáiste an bhaile ag trí cinn de chúigí na hÉireann i mBabhta 16 den Pro 12 an deireadh seachtaine seo. Ach inniu, Dé hAoine, is ag trial ar Dhún Éideann a bheas na gConnachtaigh. Tá na Connachtaigh chéanna breá sásta leo féin faoi láthair iad ar bharr an tábla le cúpla seachtain anois agus an lámh in uachtar acu i gcúig chluiche as a chéile sa bPro 12.

Éacht ann féin é sin go cinnte, ach éacht ar leith é nuair a chuirtear san áireamh an líon mór imreoirí nach raibh ar fáil do Phat Lam de bharr gortuithe, gan trácht ar an triúr a bhí ar dhualgas idirnáisiúnta.

Seans go mbeidh fáil ar na himreoirí idirnáisiúnta sin don chluiche seo agus seans maith freisin go mbeidh cúpla imreoir ag filleadh ó ghortuithe. Beidh géarghá leo agus iad ag tabhairt faoin bhfoireann as Alba is airde ar thábla an chomórtais, iad sa chúigiú háit agus dhá háit chun cinn ar Ghlaschú, curaidh an chomórtais.

Is cinnte go mbeidh Dún Éideann ag iarraidh chuile leas a bhaint as buntáiste an bhaile. Mar sin féin tá mise cinnte nach mbeidh Cúige Chonnacht sásta mura n-éireoidh leo ceithre phointe a aimsiú, go háirithe agus cluichí i gcoinne Chuigí Laighean, Uladh agus Mumhan le n-imirt faoi cheann cúpla seachtain acu.

Ar an Aoine freisin, a bheas na hUltaigh ag imirt ach is acu a bheas buntáiste an bhaile, agus an t-ádh breise orthu gur i gcoinne Zebre atá siad. Tabharfaidh sé sin deis iontach dóibh rudaí a chur ina gceart tar éis an bhualadh a fuair siad i gCaerdydd an Domhnach seo caite. Níl mé ag tabhairt seans ar bith do na hIodálaigh sa gcluiche seo, go háirithe agus Cúige Uladh ag iarraidh fanacht i measc an ceithre fhoireann atá ar bharr an tábla.

Ar an Satharn a bheas Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ag imirt, Mumha i Luimneach i gcoinne na Dragons agus Laighin san RDS i gcoinne na Ospreys, foireann eile ón mBreatain Bheag. Táim ag tuar go mbeidh an lá le foirne na hÉireann sa dá chluiche seo. Tá bearna trí áit ar an tábla agus ocht bpointe déag idir na Muimhnigh, foireann atá sa séú háit, agus na Dragons.

Tá sé áit agus chúig phointe dhéag idir Cúige Laighean, foireann atá sa dara háit, agus na Ospreys. Ní hamháin sin, tá brú damanta ar fhoireann bainistíochta an dá fhoireann seo, ar Anthony Foley na Mumhan go háirithe. Tá mé cinnte go mbeidh siad beirt ar a míle dícheall buntáiste an bhaile a bhrú chun cinn. Má theipeann orthu ní bheidh acu ach cúpla cluiche eile sna réamhbhabhtaí le rudaí a chur ina gceart.

Fág freagra ar 'Cúige Chonnachta ag súil le gaisce eile a dhéanamh i nDún Éideann'