Corn an Domhain in Éirinn in 2023? Ar chóir a bheith níos réadúla faoin scéal?

Iarratas na hÉireann ar Chorn Rugbaí an Domhain a reáchtáil in 2023 seolta. Conas mar a éireoidh leis?

Corn an Domhain in Éirinn in 2023? Ar chóir a bheith níos réadúla faoin scéal?

Sheol an IRFU, an Taoiseach Enda Kenny agus agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt Martin McGuinness inniu iarratas na hÉireann ar Chorn Rugbaí an Domhain a reáchtáil in 2023.

Labhair cathaoirleach an ghrúpa atá i mbun na tairisceana, Dick Spring, faoi na “staidiamaí íocónacha agus atmaisféaracha” a bhéas in úsáid má bhronntar ‘an Corn’ ar Éirinn i mí na Samhna 2017

Dúirt Philip Browne, príomhoifigeach feidhmiúcháin an IRFU, gur bua mór de chuid iarratas na tíre seo é go bhfuil na staidiamaí a bheadh in úsáid faoi fhad siúil de lár na mbailte ina bhfuil siad.

Beidh dianchomórtas ann do reáchtáil an chomórtais agus an Fhrainc agus an Africa Theas san iomaíocht chomh maith. Ní bunaithe ar chaighdeán na n-iarratas amháin a dhéanfar breithiúnas, ach an oiread.

Tá an chéad Chorn an Domhain eile sa ar siúil sa tSeapáin in 2019, agus an mhórcheist a bheidh le freagairt ag World Rugby ná an bhfuil Éire mór go leor chun brabús mór a dhéanamh.

Is iad na staidiamaí atá luaite le tairiscint na hÉireann ná an Aviva, Páirc Thuamhan, Páirc Chnoc an Fhéich, Páirc an Chrócaigh, Páirc Uí Chaoimh, Páirc Mhic Easmainn, Staid an Ghearaltaigh, Páirc Mhic Éil, Páirc na gCeilteach, Páirc Uí Nualláin aguss Páirc an Phiarsaigh.

Is ionann líon na ndaoine a bheadh ábalta freastal ar Chorn an Domhain in Éirinn agus líon na ndaoine a d’fhreastail ar an gcomórtas sa Nua-Shéalainn in 2011.

“Ní bheidh sé éasca,” a d’admhaigh Enda Kenny. “An áit gurb as domsa, tuigimid conas mar a bhraitheann sé titim ag an gcliath dheireanach.”

Labhair Brian O’Driscoll faoin tionchar iontach a bheadh ag an gcomórtas ar an tír dá n-éireodh leis an tairiscint, ach seans gur chóir dó féin agus Kenny bheith níos réadúla faoin scéal.

Deirtear go gcuirfeadh World Rugby feabhas ar staidiamaí uile na tíre, ach caithfidh go mbeadh comhartha ceiste ann faoi chóras iompair na hÉireann. Bhí blianta fada ag an Taoiseach agus daoine eile nach é chun an scéal sin a chur ina cheart. An amhlaidh go gceapann daoine go mbeadh deireadh leis na fadhbanna infreastruchtúir agus eile atá againn ach an pota óir seo a fháil ó World Rugby? Bheadh costas £100 milliún ar a laghad ar reáchtáil an chomórtais dá n-éireodh leis an iarratas.

Mar sin féin, tá mórcheisteanna ann faoi thairiscint na hAfraice Theas, mar shampla. Beidh Corn Rugbaí an Domhain na mBan ar siúl anseo an bhliain seo chugainn, agus gach seans gur anseo a bheith comórtas na bhfear in 2023.

Fág freagra ar 'Corn an Domhain in Éirinn in 2023? Ar chóir a bheith níos réadúla faoin scéal?'

  • Naoscaire

    Ní fheadar faoin gceist áirithe sin ach ta ceist eile agam, an éireoidh leo gan focal amháin Gaeilge a úsáid sa mhargaíocht tar éis a chuimhneofá ar na daoine go léir atá ar son na Gaeilge sa tír, sa CLG agus na staideanna go léir atá ainmnithe i gcuimhne ar dhaoine a bhí ar son na Gaeilge… sin IRELAND duit nó an é sin an paranóia ata ag cleas áirithe daoine ó Iar-Thuaisceart an IRELAND seo agus greim an duine bháite acu ar an bhfoireann rugbaí ‘náisiúnta’