Conas éirí as? Comhairle don Taoiseach agus dá pháirtí…

Níor éirigh ach beirt Thaoiseach as oifig de réir a mianta féin. Cad atá le foghlaim ag Enda Kenny ó stair cheannairí na hÉireann?

Conas éirí as? Comhairle don Taoiseach agus dá pháirtí…

Ní bhíonn fonn ar mhórán daoine éirí as obair a theastaigh uathu ar feadh i bhfad. Go háirithe mura bhfuaireadar deis tabhairt faoin obair sin go dtí na blianta deireanacha dá saol oibre. Enda Kenny, mar shampla.

Tuigeann daoine cineálta (an mionlach) cás an Taoisigh. Nuair a chuaigh sé i gceannas ar an rialtas in 2011, bhí 36 bliain caite mar Theachta Dála aige. Ní raibh ach trí bliana taithí aige mar aire rialtais roimh an olltoghchán inar ghnóthaigh sé an post rialtais is airde.

Ní haon iontas é mar sin gur mian leis fanacht ar feadh tamaill eile. Bheadh fonn ar ár bhformhór fanacht freisin ar feadh tamaill eile dá mba ionann ár gcás.

Ba mhaith leis an Taoiseach cuairt eile a thabhairt ar an Teach Bán. Páirt a ghlacadh sa tionól ag a ndéanfaidh ceannairí an AE plé dáiríre ar an mBreatimeacht den céad uair. Agus fógra imeachta a eisiúint gan é a bheith róshoiléir go raibh a pháirtí á bhrostú as oifig.

Tuigimid duit, a Thaoisigh. Sin ráite, cuimhnigh ar na Taoisigh a bhí ann romhat. Agus ar gach ar tharla tar éis dóibh imeacht, ar chúiseanna agus ar bhealaí éagsúla.

Ó bunaíodh an stát i 1922, d’fhan seisear Taoiseach in oifig go dtí gur dhíbir na vótóirí as oifig iad faoi dheireadh:

1, Brian Cowen, a d’éirigh as oifig tar éis olltoghchán 2011.

2. John Bruton, a d’éirigh as tar éis olltoghchán 1997.

3. Garret Fitzgerald, a d’éirigh as tar éis olltoghchán 1987.

4.Liam Cosgrave, a d’éirigh as tar éis olltoghchán 1987.

5. John A Costello, a d’éirigh as tar éis olltoghchán 1957.

6. W.T. Cosgrave*, a d’éirigh as tar éis olltoghchán a chailleadh I 1932.

Níl san áireamh thuas na Taoisigh a chaill olltoghcháin, ach a toghadh níos deireanaí agus a d’éirigh as oifig ar chúiseanna eile.

Ní raibh aon dul as ag an seisear thuas ach éirí as oifig. Ní cóir locht rómhór a fháil orthu mar sin mar gheall ar ar tharla tar éis dóibh imeacht.

Cuireadh brú ar cheathrar Taoiseach eile éirí as oifig sarar chríochnaigh a dtéarmaí oifige. Seo a leanas an liosta léanmhar (agus cur síos gairid ar an gcúis imeachta idir lúibíní):

1. Bertie Ahern in 2008 (líomhaintí a bhain le cúrsaí airgid).

2. Albert Reynolds i 1994 (aighneas ina chomhrialtas).

3. Charles Haughey i 1992 (amhras forleathan, easaontas ina pháirtí féin)

4. Jack Lynch i 1979 (easaontas ina pháirtí féin).

Tá a fhios ag Enda Kenny gan dabht gur Fianna Fail a chuir an ceathrar thuas in oifig agus go ndeachaigh an páirtí as oifig tar éis a ndíbeartha.

Cé atá fágtha? Is é sin le rá, cé mhéad Taoiseach a d’éirigh as oifig de réir a mianta féin. Ní raibh ann ach beirt.

D’éirigh Éamon De Valera as oifig mar Thaoiseach i 1959 chun seasamh i dtoghchán uachtaránachta na bliana sin. Bhuaigh sé an toghchán, agus chuaigh a pháirtí Fianna Fáil i mbun rialtais tar éis an chéad olltoghcháin eile i 1961.

Is é Seán Lemass féin an t-aon duine eile i stair an stáit a d’éirigh as oifig mar Thaoiseach dá thoil féin. Mar a tharla tar éis do De Valera éirí as, nuair a d’imigh Lemass i 1966, choinnigh a pháirtí greim ar chumhacht rialtais sa chéad olltoghchán eile i 1969.

Is deacair ceacht nó comhairle ghinearálta a a bhaint as stair cheannairí rialtais na hÉireann, seachas dhá pointe, b’fhéidir. Is fearr éirí as sara gcuirtear brú ort imeacht, ach tá sé ródhéanach comhairle dá leithéid a chur ar Enda Kenny.

An féidir comhairle ar bith a chur air mar sin? Is féidir. Bain sult as do chuairt ghaisce, a Thaoisigh, ach dá luaithe a chríochnóidh sí, is fearr a oirfidh sé do do chomrádaithe agus dod’ chomharba.

* Ní Taoiseach a bhí mar theideal oifigiúil ag W.T.Cosgrave ach Uachtarán ar an gComhairle Fheidhmiúchán nó i mBéarla ‘President of the Executive Council’.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Conas éirí as? Comhairle don Taoiseach agus dá pháirtí…'