Comhionannas deiseanna agus aitheantais don scríbhneoir Gaeilge? Faraor, ní ann dá leithéid

Tá léargas pearsana ag údar gradamúil amháin ar ‘an dofheictheacht’ a bhaineann le bheith i do scríbhneoir Gaeilge sa tír seo

File Pics Abbey Theatre to move to Eden Quay. 15/10/2007. Abbey Theatre. The Abbey Theatre will be moved to the IFSC in Dublin and away from Abbey Street. Photo: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Comhionannas deiseanna? An bhfuil na deiseanna céanna ann do scríbhneoirí Gaeilge agus atá do scríbhneoirí Béarla? Is léir ón méid a tharla in Amharclann na Mainistreach le déanaí – agus óna bhfuil (nó nach bhfuil) le feiceáil ar stáitse na hamharclainne céanna le fada an lá nach ionann na deiseanna atá ann do dhrámadóirí Gaeilge agus atá dá gcomhghleacaithe Béarla.

Ach céard faoin gcuid eile againn atá ag iarraidh treabhadh linn tré mheán na Gaeilge? Comhionannas? Ní ann dó, faraor. Cuireadh an méid sin in iúl dom féin go pearsanta i mbliana nuair a bhuaigh úrscéal de mo chuid ‘Daideo’ ceithre ghradam – duais Oireachtais, Gradam Reics Carló (Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga) de chuid Fhoras na Gaeilge, Gradam Ficsin Children’s Books Ireland agus Gradam Leabhar na Bliana ó Chumann Litearthachta na hÉireann.

Ní ag maíomh atáim ach sílim go léiríonn mo thaithí pearsanta ‘an dofheictheacht’ a bhaineann le bheith i do scríbhneoir Gaeilge sa tír seo.

Gradaim ‘Ghaeilge’ a bhí sa chéad dá dhuais seo agus luadh iad sna meáin Ghaeilge. Bhain an dá ghradam eile le comórtais a bhí oscailte do leabhair Bhéarla agus leabhair Ghaeilge (suas le 80/90 leabhar sa dá chomórtas) – ach an raibh oiread is tagairt amháin don leabhar Daideo sna meáin Bhéarla? Ní raibh.

Ghlac mé leis an easpa poiblíochta sin – go pointe. Ní thugtar an oiread sin aitheantais do leabhair do dhaoine óga de ghnáth.  Seachtain nó dhó roimh bhronnadh gradaim CBI, áfach, foilsíodh léirmheas ar an ngearrliosta san Irish Times  nó – chun a bheith níos cruinne – foilsíodh léirmheas ar chuid den ghearrliosta.

D’admhaigh an léirmheastóir nach raibh sé in ann léirmheas a dhéanamh ar na leabhair Ghaeilge mar nach raibh ar a chumas iad a léamh.  Léirmheastóir den scoth a bhí i gceist – Robert Dunbar – agus is saineolaí é ar litríocht an Bhéarla do dhaoine óga. Sa chás áirithe seo, áfach, agus dhá leabhar Gaeilge ar ghearrliosta den deich gcinn de leabhair is fearr do dhaoine óga a foilsíodh sa bhliain 2014/15, nach bocht an scéal é go ndéanfaí an cúigiú cuid den ghearrliosta a fhágáil ar lár?  Mar a tharla sé, bronnadh duaiseanna ar an dá leabhar céanna – mo cheannsa agus Haiku Más É do Thoil É le Gabriel Rosenstock.

Mar bharr ar an donas, ag Comhdháil Bhliantúil CBI i mí Mheán Fómhair 2015, bhí leabhair á ndíol ag The Gutter Bookshop. Deirtear liom gur iarr údaráis CBI ar an siopa leabhar seo go mbeadh na leabhair ar fad a bhuaigh Gradaim CBI agus na leabhair eile a bhí ar an ngearrliosta a bheith ar fáil. An raibh na leabhair Ghaeilge ann? Ní raibh. Na leabhair Bhéarla amháin a bhí ar fáil.


Comhionannas deiseanna? Comhionannas aitheantais?

Faraor, ní ann dá leithéid.

Foilsíodh leagan níos giorra den alt seo ar dtús mar bhlagmhír ar an mblag The Bogman’s Cannon https://bogmanscannon.com

Fág freagra ar 'Comhionannas deiseanna agus aitheantais don scríbhneoir Gaeilge? Faraor, ní ann dá leithéid'

  • Breandán de Leigh

    Tá sé thar am ag scribhneoirí Gaeilge baghcat a dhéanamh ar na comórtais seo, amhail na haisteorí gorma thall i S.A.M. agus na hOscars. Caithfidh muid seasamh suas agus troid ar ais. Ba chóir go raibh picéad curtha ar an chéad mhórocáid eile de short. Más rud é go mbíonn na grúpaí seo ag caitheamh go maslach le scríbhneoirí Gaeilge caithfidh muid dúshlan a thabhairt dóibh iompair s’ acu a mhíniú agus a chosaint.