Comhaontú Aoine an Chéasta i mbaol dá gcuirfí Acht Chearta Daonna na Breataine ar ceal

Ba cheart go mbeadh rialtas na hÉireann san airdeall faoin mbagairt atá ann do Chomahontú Aoine an Cheasta má chuireann Rialtas na dToraithe deireadh leis an Acht Cearta Daonna, dar lenár gcolúnaí

24/03/15 Sexual and Reproductive Health and Rights. Fine Gael Minister for Foreign Affairs and Trade, Charlie Flanagan launching a series of factsheets to promote the inclusion of sexual and reproductive health and rights in the Post 2015 Sustainable Development Goals with the All Party Oireachtas Interest Group on Sexual and Reproductive Health and Rights and Development. Photo:Leah Farrell/Photocall Ireland
Charlie Flanagan. Pictiúr: Leah Farrell/Photocall Ireland

Gheall an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan go gcosnódh an Rialtas Comhaontú Aoine an Chéasta. Seans go mbeidh sé gnóthach, mar sin. Tá go leor den bharúil gur contúirt mhór don Chomhaontú é plean David Cameron agus a rialtas nuathofa chun an tAcht um Chearta Daonna a chur ar ceal.

Tá aitheantas reachtúil don Choinbhinsiún Eorpach ar Chearta Daonna de dhlúth agus d’inneach Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá imní ann go bhfuil Rialtas na dTóraithe ar nós cuma liom faoin gconradh idirnáisiúnta le hÉirinn agus faoi thoradh a mbearta i dTuaisceart Éireann. Ar sárú ar chonradh le hÉirinn é cealú an Achta agus más ea, céard is féidir le Rialtas na hÉireann a dhéanamh faoi?

Dúirt an tAire Flanagan go mbuailfeadh sé gan mhoill le Státrúnaí athcheaptha Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers, chun na ciallachais a bhaineann le plean na gCaomhach a phlé. Is cuid dhílis den Chomhaontú é an reachtaíocht um chearta daonna, arsa an tAire, agus ní mór a ról i gcosaint na síochána agus na seasmhachta a aithint, a dúirt sé. 

Tá go maith, ach céard a dhéanfas sé chun é sin a chinntiú? Níorbh údar dóchais é a fhógra go n-oibreodh an Rialtas i gcomhar le Rialtas na Breataine “to ensure that the protection of human rights remains at the heart of civic life and politics and ongoing societal change in Northern Ireland”.

Arbh ionann é sin agus a rá go gcaithfí an tAcht a choinneáil i dTuaisceart Éireann? Arbh ionann é agus a rá go mbeadh sé do-ghlactha téarmaí an chonartha a athrú go haontaobhach? Arbh ionann é agus a rá, mar atá á rá ag Nicola Sturgeon, Chéad Aire na hAlban, nach nglacfar leis an athrú in Albain? An raibh a fhios ag an Aire Gnóthaí Eachtracha gur ar éigean a bhí anáil tarraingthe ag Theresa Villiers, a chomhurra ar an gComhaontú, tar éis di filleadh ar a post, nuair a dúirt sí go neamhbhalbh nach dtiocfadh cealú an Achta sa mbealach ar an gComhaontú?

Tá saineolaithe ar an dlí ag meabhrú dúinn go seasta go bhfuil an tAcht Cearta Daonna – bunaithe ar an gCoinbhinsiún Eorpach – lárnach i gComhaontú Aoine an Chéasta agus go bhfuil tagairtí dó in Acht Thuaisceart Éireann 1998 a ritheadh chun feidhm a thabhairt don Chomhaontú. Deir Villiers go mbeadh dóthain cosanta i mBille Cearta. Bille Cearta ó dhaoine atá naimhdeach don Choinbhinsiún agus do bhreithiúnais ó Strasbourg?

Ba cheart go mbeadh rialtas na hÉireann gníomhach ar an gceist seo i ngeall ar a dhualgas mar chomhurra ar chonradh idirnáisiúnta. Masla do pháirtnéir é socrú a chur ar ceal beag beann air. An féidir muinín a chur in aon socrú leo má chuirfear ar ceal é nó giotaí de ar ceal nuair a thograíonn siad? Thairis sin, ba cheart a bheith gníomhach ar mhaithe le muintir Thuaisceart Éireann. 

Murab ionann agus Feidhmeannas dílaraithe na hAlban, atá meáite nach nglacfaidh sé le cinneadh na gCaomhach faoin gceist bhunúsach seo, tá gach seans go mbeidh na hAontachtaithe i Stormont ag tacú le Cameron. Mar a dúirt Jeffrey Donaldson DUP, “is fada sinn ag gearán faoin reachtaíocht seo agus an úsáid a bhaintear as.”  Tá a fhios againn cheana féin go bhfuil Sinn Féin agus an SDLP i gcoinne phlean na gCaomhach ach an mbeadh siadsan in ann stop a chur leis nó le cibé leagan de a shilfeas síos go Stormont? B’fhéidir go ndéanfaí é tré veto nó ‘achainí chásmhaireachta’ mar a thugtar air, ach céard a bheadh againn ansin? Folmhas? Neamhní? Ní tráth faillí é.

Fág freagra ar 'Comhaontú Aoine an Chéasta i mbaol dá gcuirfí Acht Chearta Daonna na Breataine ar ceal'