Coimisiún éigeandála teanga don Ghaeltacht i measc moltaí ‘conspóideacha’ i dtuarascáil neamhfhoilsithe

Moltar i dtuarscáil nár foilsíodh fós go mbunódh an Taoiseach coimisiún éigeandála a chuirfeadh bonn láidir faoi iarrachtaí an Ghaeilge dhúchais a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht

 

Conchúr Ó Giollagáin
Conchúr Ó Giollagáin

Ba cheart don Taoiseach coimisiún éigeandála a bhunú féachaint le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht a chaomhnú agus a threisiú. De réir tuairisce ar shuíomh idirlín nuachta RTÉ, sin an príomh-mholadh a bhí san áireamh i dtuarascáil nuashonraithe ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil moill curtha ar a foilsiú.

Ba i mí Bealtaine 2013 a bhronn Údarás na Gaeltachta conradh ar fhoireann taighde de chuid Ollscoil na Éireann Gaillimh agus Ollscoil Mhá Nuad, chun nuashonrú a dhéanamh ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007. Bhí sé i gceist go bhfoilseofaí an saothar faoi lár mhí Mheán Fómhair 2013 ach chuir Roinn na Gaeltachta a míshástacht in iúl don Údarás faoi mholtaí tarrthála a bheith san áireamh sa cháipéis, mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo. Maíodh go raibh na moltaí nua lasmuigh de théarmaí tagartha an chonartha.

Deir duine d’údair an staidéir, an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin, gur cuid thábhachtach den tuarascáil atá sna moltaí agus nár cheart iad a choinneáil ó mhuintir na Gaeltachta.

Dar leis an Ollamh Ó Giollagáin nach iad na staitisticí amháin a bhí le nuashonrú de réir an chonartha taighde a shínigh sé leis an Údarás. Tuigeadh dósan go dtabharfaí tátal 2007 cothrom le data freisin. Tá 17 leathanach de mholtaí i dtátal 2007 agus sé leathanach de mholtaí sa nuashonrú.

Tuigtear gurb é príomh-mholadh an taighde nua go mbunódh an Taoiseach coimisiún éigeandála a chuirfeadh bonn láidir faoi iarrachtaí an Ghaeilge dhúchais a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht. Meastar go moltar go ndíreodh coimisiún éigeandála ar shealbhú na Gaeilge i dteaghlaigh agus i scoileanna. Meastar freisin go gcaitear amhras mór sa tuarascáil ar Stratéis 20 bliain don Ghaeilge – bunchloch pholasaí Gaeilge an Rialtais.

Cuirtear in iúl sa tuarascáil neamhfhoilsithe chomh maith go léiríonn na staitisticí go bhfuil meath suntasach tagtha ar labhairt shóisialta na Gaeilge i measc an aosa óig sa Ghaeltacht ó 2007.

Ag labhairt dó ar Nuacht TG4 anocht, dúirt an tOllamh Ó Giollagáin go raibh an phráinn teanga sa Ghaeltacht “ag dul chun donais” agus “an ghéarchéim ag bailiú nirt”. Tá an Straitéis 20 Bliain “rólag” le díriú ar an gcás mar is ceart, a dúirt sé. Dúirt sé freisin go raibh conradh idir ollscoileanna na Gaillimhe agus Mhá Nuad agus Údarás na Gaeltachta i dtaca leis an nuashonrú ach go raibh “an tríú páirtí ag cur a ladar” sa scéal anois.

Ag tagairt do Roinn na Gaeltachta, dúirt sé go raibh sé “beagán mífholláin” go mbeadh rannóg rialtais ag iarraidh cur isteach ar thaighde neamhspleách.

Níos túisce inniu, dúirt an tOllamh Ó Giollagáin gur cuid thábhachtach de shaothar taighde sóisialta ar bith is ea na moltaí a dhéantar sa tátal, agus go bhfuil dualgas ar acadóirí dul i ngleic lena gcuid taighde ar an mbonn sin, saor ó bhac. Agus an Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht go mór i mbaol, mhaígh sé gur taighde sóisialta atá sa nuashonrú a bhfuil práinn ar leith ag baint leis. Dúirt sé chomh maith go bhfuil dualgas poiblí ar acadóirí a fhaigheann airgead poiblí le taighde mar seo a dhéanamh na moltaí is fóintí, dar leo, a chur ar fáil don phobal.

Dúirt an tOllamh Ó Giollagáin gur dóigh leis nach bhfuil Roinn na Gaeltachta ag iarraidh go bhfoilseofaí na moltaí mar nach dtaitníonn siad leo.

Is thar ceann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Mhá Nuad a shínigh an tOllamh Ó Giollagáin an conradh taighde le hÚdarás na Gaeltachta. Deir suíomh idirlín nuachta RTÉ go bhfuil an tÚdarás leis an scéal a chur faoi bhráid bhoird acadúla an dá ollscoil sin le súil is gur féidir réiteach a fháil.

Tugadh le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite nach raibh aon chinneadh déanta fós faoi cé acu an bhfoilseofar nó nach bhfoilseofar na moltaí atá i gceist sa staidéar teanga.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie den Roinn cheana faoin mbaint a bhí aici le moill a bheith ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt siad gur “ceist í seo d’Údarás na Gaeltachta, is é an tÚdarás atá ag plé le nuashonrú ar an Staidéar”.

Léiríodh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh sa bhliain 2007, go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht, agus maíodh ann nach raibh ach tuairim is fiche bliain fanta ag an nGaeilge mar theanga labhartha pobail. ‘Ródhearfach’ a bhí an tuar sin, a dúirt an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin in agallamh ar an gcéad eagrán de Tuairisc.ie a foilsíodh ar 9 Deireadh Fómhair anuraidh.

Fág freagra ar 'Coimisiún éigeandála teanga don Ghaeltacht i measc moltaí ‘conspóideacha’ i dtuarascáil neamhfhoilsithe'

  • CríostóirOF

    Is léir go bhfuil an Ghaeltacht i gcás éigeandála anois, is cheart go mbeidh coimisiún bunaithe, ach is cheart go mbeidh an chumhacht ag an coimisiún sin athraithe a chur i bhfeidh iad féin seachas tuarascáil a chur le chéile a bheas fágtha ar an seifl ar feadh deich bliain eile.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Mé tagaithe ar an dtuairim go bhfuil sé in am Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta a chomhnascadh faoin gCoimisiún nua seo: is léir nach bhfuil ceachtar den dá eagraíocht ‘fit for purpose’ agus in ann déileál leis an ‘éigeandáil’ sa Ghaeltacht.

    Tá moladh mór tuillte ag Conchúir Ó Giollagáin mar nach bhfuil sé sásta dul leis an gCUR i gCÉILL atá ar bun ag an dá eagraíocht stáit atá in ainm is a bheith ag déanamh cúraim don Ghaeltacht.

  • Mícheál Ó Foighil

    Bíonn an fhírinne searbh agus faraor nach bhfuil aon áibhéal sa léirmheas thuasl. Gan gníomhaíocht radiceach fíorófar na torthaí uafáis atá á dtuar. Ní fheictear dhom go bhfuil freagraí nó fís ag oifigeachaí Stáit. Ta dóthain suime fós ag for-mhór an phobail cghun teacht as an ngéarchéim ach tá an t-am ag sleamhnú.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní dhéanfaidh muintir na hÉireann rud ar bith am ar bith go dtí go mbíonn cás nó cúis éigeandála ann. Sin stair na tíre seo. Níl fadradharc ar bith acu agus ní fiú labhairt ar pholaiteoirí nó is cosúil go mbíonn siadsan ag iarraidh uisce a tharraingt ar a mhuillte féin (féach mise agus an obair iontach atá déanta agam i mo thréimhse-sa sa Dáil).

    Cad chuige a bhfuil an díriú uilig ar an Ghaeltacht? Caidé fán chuid eile den tír? Nach í an Ghaeilge céad teanga iomlán na tíre? Ní chloisim tagairt ar bith ar an neamhaird iomlán atá tugtha don Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Cha dtig leis an Ghaeltacht ualach iomlán chaomhnú na Gaeilge a iompar gan cuidiú agus tacaíocht ón chuid eile den tír – ceantar an dátheangachais.

    Bheinn ag moladh Bord Gaeilge na Tíre a bhunadh agus deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta agus ‘Roinn na Gaeltachta’ (níl sa roinn seo ach eireaball den roinn ealaíon agus oidhreachta). Bheinn ag moladh rannóg Gaeilge bheith in achan rannóg Stáit, achan Comhairle Contae/Baile/Cathrach agus in achan údarás státmhaoinithe. Má bhíonn meas agus tuigbheál níos mó ar an Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht – agus béim níos mó ar an dátheangachas agus foghlaim na Gaeilge – beidh muintir na Gaeltachta ábalta díriú níos mó ar an Ghaeilge taobh istigh den Ghaeltacht. Mar atá sé faoi láthair, tá an dá theanga go hiomlán scartha agus tá an dátheangachas brúite ar mhuintir na Gaeltachta.

    Aontaím le gníomhaíocht radiceach – ach cé mhéid státseirbhíseach (na daoine seo uilig a bhíonn ag plé ceist na Gaeilge?) a bheadh páirteach i ngníomhaíocht radiceach??

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Cad chuige a bhfuil an díriú uilig ar an Ghaeltacht? Caidé fán chuid eile den tír?” Seo an cheist a iarrann Cordelia. B’fhéidir mar gur sa Ghaeltacht (cuid bheag den Ghaeltacht oifigiúl) amháin atá Gaeilge á labhairt fós mar ghnáth theanga cumarsáide i measc an phobail, ní de bharr aon ideolaíocht ná aon ghrá don Ghaeilge ná gráin ar an mBéarla, ach mar gheall gurb í is nádúrtha le labhairt. Is cuma leis an chuid is mó dena cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht faoi chúis na Gaeilge, Is rud nádúrthach dóibh Gaeilge a labhairt lena gcomharsain, lena cairde, sa bpub, ar an mbus, ar an tsráid, sa siopa. Sin atá i mbaol agus is sa Ghaeltacht amháin atá sé i mbaol, mar nach ann dó in aon áit eile, fairíor.