Gan aon chinneadh déanta fós faoi fhoilsiú moltaí údair staidéar teanga

Níl aon dáta foilsithe ann fós don leagan nuashonraithe den Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, a bhfuil moill fhada ar a fhoilsiú. Ní fios fós ach an oiread an mbeidh moltaí údair na tuarascála nua san áireamh ach a bhfoilseofar í.

udaras_051-1024x681

Níl aon chinneadh déanta fós faoi cé acu an bhfoilseofar nó nach bhfoilseofar moltaí údáir staidéar teanga nua ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Thug Údarás na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie tráthnóna inné nach bhfuil aon dáta foilsithe socraithe fós don leagan nuashonraithe den Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné freisin, chuir Roinn na Gaeltachta a míshástacht in iúl don Údarás faoi mholtaí tarrthála a bheith déanta sa nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch, 2007, toisc go ndearnadh moltaí ann, rud a mhaítear a bheith lasmuigh de théarmaí tagartha an chonartha a aontaíodh le húdair na tuarascála chun nuashonrú a dhéanamh uirthi.

Dúirt urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta le Tuairisc.ie go bhfuil “an tuarascáil fós i bhfoirm dréachta agus níl dáta foilsithe socraithe fós mar go bhfuil obair le déanamh lena cur in eagar don chló”.

Ba i mí Bealtaine 2013 a bhronn Údarás na Gaeltachta conradh ar fhoireann taighde de chuid Ollscoil na Éireann Gaillimh agus An Institiúid um Anailís Réigiúnach agus Spásúil (NIRSA), Ollscoil Mhá Nuad, chun nuashonrú a dhéanamh ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007.

Nuair a fiafraíodh d’urlabhraí an Údaráis an mbeadh na moltaí a bhí sa dréacht-thuarascáil mar chuid den dréacht deiridh di, dúirt sí nach raibh “an leagan deireanach den tuairisc aontaithe fós” agus nach bhféadfaí “freagra a thabhairt” ar an gceist sin dá bharr.

Tuairiscíodh anseo inné gur thug Roinn na Gaeltachta le fios d’Údarás na Gaeltachta go raibh “mórcheisteanna” acu i dtaobh sraith moltaí a rinne údair na tuarascála, ar nuashonrú í ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.

Nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie den Roinn cheana faoin mbaint a bhí aici le moill a bheith ar fhoilsiú na tuarascála, dúirt siad gur “ceist í seo d’Údarás na Gaeltachta, is é an tÚdarás atá ag plé le nuashonrú ar an Staidéar”.

Thug an Roinn le fios don chlár Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG inné go dtuigtear dóibh gur aontaigh an tÚdarás conradh le húdair an staidéir chun an “t-eolas cainníochtúil” sa bhuntaighde “a thabhairt suas chun dáta” agus gurb é an tÚdarás atá freagrach as foilsiú na tuarascála.

Ach léirítear sna cáipeisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise gur thug Roinn na Gaeltachta le fios go soiléir d’Údarás na Gaeltachta go raibh siad míshásta faoi mholtaí a bheith déanta ag údair na tuarascála, a bhfuil an Dochtúir Conchur Ó Giollagáin agus saineolaithe ó Ollscoil Mhá Nuad ina measc.

Ba i mí Bealtaine 2013 a bhronn Údarás na Gaeltachta conradh ar fhoireann taighde de chuid Ollscoil na Éireann Gaillimh agus An Institiúid um Anailís Réigiúnach agus Spásúil (NIRSA), Ollscoil Mhá Nuad, chun nuashonrú a dhéanamh ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007.

Ba é an aidhm a bhí leis an gconradh, a deir Údarás na Gaeltachta, ná nuashonrú a dhéanamh “ar na príomhfhoinsí staitistiúla a bhí mar bhunsraith faisnéise de chuid na chéad tuarascála”.

Fág freagra ar 'Gan aon chinneadh déanta fós faoi fhoilsiú moltaí údair staidéar teanga'