Cleamhnas tar éis an chomhairimh? – Dúirt Mary Harney liom an lá sin i 1989 nach raibh aon dul as ag a páirtí…

An féidir olltoghchán eile san fhómhar a sheachaint? Is féidir, ar ndóigh… ar dhá choinníoll

Toghchán Strap

PROGRESSIVE DEMOCRATS LEADER MARY HARNEY TD MINISTER FOR STATE AT THE DEPARTMENT OF THE ENVIRONMENT WITH PADRAIG FLYNN MINISTER FOR THE ENVIRONMENT AT THE LAUNCH OF A ENVIRONMENT ACTION PROGRAMME. Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Bhí a páirtí briste brúite. Bhí a suíocháin caillte ag níos mó ná leath dá comhghleacaithe i nDáil Éireann. Ní raibh aon rogha rialtais ar fáil ach dul i gcomhrialtas lena naimhde – de réir uimhreacha.

Labhair Mary Harney liom ar an dara lá de chomhaireamh na vótaí san RDS i mBaile Átha Cliath i 1989. Bhí a suíochán féin coinnithe aici, ach b’fhollasach go raibh lagmhisneach agus tuirse ar an gcuid is mó de chomhaltaí an pháirtí nua, a bunaíodh i 1986.

Ní raibh móramh Dála bainte amach ag Fianna Fáil ná ag Fine Gael. Ba léir, go teoiriciúil pé scéal é, go mbeadh móramh ag comhrialtas idir Fianna Fáil (77 suíochán) agus an Páirtí Daonlathach (sé shuíochán).

Ach bhí an faltanas agus an mhímhuinín idir an páirtí mór agus an páirtí beag chomh géar sin nach raibh aon chaint ar chomhrialtas eatarthu. Ba iarbhall d’Fhianna Fáil é ceannaire na PDanna Des O’Malley agus ba amhlaidh an scéal i gcás scata mór dá chomhghleacaithe.

Síleadh mar sin nach raibh ciall ar bith le bheith ag tuairimíocht faoi chomhrialtas idir na naimhde seo nár cheil an ghráin a bhí acu ar a chéile le linn fheachtas an olltoghcháin.

Ach dúirt Harney liom an lá sin nach raibh aon dul as ag a páirtí ach cur chuige freagrach a bheith acu. Ní raibh rogha eile comhrialtais ar fáil. Ainneoin an naimhdis, ainneoin díbirt a comhghleacaithe ón máthairpháirtí, ainneoin a mímhuiníne ar iliomad cúis as an Taoiseach Charlie Haughey go háirithe, dúirt sí go mbeadh orthu dul chun cainte leo.

Thosaigh na comhráití laistigh de sheachtain. Bunaíodh comhrialtas laistigh de mhí. Bhí na naimhde ag tarraingt le chéile in aghaidh a dtola, toisc nach raibh aon rogha eile acu, seachas olltoghchán eile. Díreach mar a thuar Mary Harney nuair a labhair sí liom ar an 17 Meitheamh 1989.

Léiríonn a fuarchúis agus an géarbhreithiúnas a thug sí tar éis léasadh in olltoghcháin an uair sin gur féidir le polaiteoirí gach snaidhm a scaoileadh agus neamhní a dhéanamh de gach réamhchoinníoll.

Más mian leo teacht as sáinn iarthoghcháin nó más mian leo olltoghchán luath a sheachaint, éireoidh leo cleamhnas a dhéanamh.

Ní theastóidh ach fuarchúis, stuaim agus samhlaíocht chun margadh de chineál éigin a dhéanamh, cibé toradh éiginnte a bheas ar an vótáil Dé hAoine.

A PÁIRTÍ BRISTE BRÚITE. AN PÁIRTÍ BRISTE BRÚITE

Scéal na bhfigiúirí

Beidh athrú suntasach ar an bhfoireann nua Teachtaí Dála a thoghfar Dé hAoine ar thrí chúis:

1. Mar gheall ar athrú meoin an phobail ón olltoghchán in 2011

2. Mar gheall ar laghdú ar an líon Teachtaí Dála

3. Mar gheall ar Theachtaí Dála atá éirithe as, mar shampla Pat Rabbitte, Dinny McGinley, Séamus Kirk agus Joe Higgins.

Tá an chéad dá chúis soiléir ach comparáid a dhéanamh idir na huimhreacha sa dá olltoghchán. Gan amhras, is í foireann laghdaithe iarrthóirí Pháirtí an Lucht Oibre is mó a léiríonn athrú ar mheon an phobail. Ach tabhair faoi deara an laghdú mór ar líon na Neamhspleách, ainneoin cóir gaoithe a bheith leo, de réir gach pobalbhreith, an babhta seo.

Tá an chomparáid idir an dá olltoghchán léirithe mar seo: 2016/2011.

Líon na suíochán i nDáil Éireann: 158/166

Líon na n-iarrthóirí: 551/566

Iarrthóirí Fhine Gael: 88/104

Iarrthóirí Fhianna Fáil: 71/75

Iarrthóirí Shinn Féin: 50/41

Iarrthóirí An Chomhaontais Ghlais: 40/43

Iarrthóirí an Lucht Oibre: 36/68

Iarrthóirí an AAA-PBP*: 31/18

Neamhspleáigh: 164/202

Páirtí na nOibrithe: 5/6

Níl iarrthóirí na nDaonlathach Sóisialta (14) ná Renua (26) san áireamh sa chomparáid seo, toisc nach raibh ceachtar páirtí bunaithe i 2011.

* Comparáid bunaithe ar líon iarrthóirí na comhghuaillíochta, a bunaíodh bliain ó shin, agus líon na n-iarrthóirí a sheas in olltoghchán 2011 thar ceann an Pháirtí Shóisialaigh agus PbP.

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille