Clár faisnéise faoi ‘scannán caillte’ Robert Flaherty le craoladh ar TG4 anocht

Is mó an cháil atá ar a shaothar  Man of Aran ach rinne an scannánaí mór le rá Robert Flaherty scannán eile agus é in Árainn ag tús na 1930idí - Oidhche Sheanchais. Inseofar scéal an ‘scannáin caillte’ seo i gclár faisnéise nua ar TG4 anocht

Clár faisnéise faoi ‘scannán caillte’ Robert Flaherty le craoladh ar TG4 anocht

Craolfar anocht ar TG4 clár faisnéise faoi ‘scannán caillte’ Robert Flaherty Oidhche Sheanchais “ochtó bliain i ndiaidh a chaillte”.

Tá clú agus cáil ar Robert Flaherty, Meiriceánach de bhunadh na hÉireann, mar scannánaí faisnéise agus tá cáil faoi leith air i measc phobal na Gaeilge mar gheall ar a shaothar Man Of Aran a rinneadh i 1934.

In Oíche Chaillte an tSeanchaí a chraolfar ar TG4 anocht ag 9.30, insítear scéal an scannáin eile a rinne Flaherty agus é in Árainn an bhliain sin. Choimisiúnaigh Rialtas an tSaorstáit Oidhche Sheanchais le bheith ina thaifead buan ar sheanchaí i mbun a cheirde. Bhí an scannán ar iarraidh ar feadh na mblianta sular thángthas ar chóip de arís in Ollscoil Harvard trí bliana ó shin.

Cuirfear síos sa chlár ar thaifeadadh an scannáin agus ar an mbealach aisteach a ndeachaigh sé ar iarraidh go gairid i ndiaidh a dhéanta. Cíorfar freisin ann na fáthanna ar taifeadadh an scannán i stiúideo i Sasana i leaba theachín Árann agus taispeánfar den chéad uair radhairc ón scannán féin, grianghraif ón stiúideo agus ábhar eile cartlainne.

Is é an seanchaí Seáinín Tom Ó Dioráin an príomhcharachtar sa scannán – fear a bádh cúpla bliain i ndiaidh a thaifeadta in éineacht lena bheirt charad. Chuaigh an churach a raibh an triúr fear inti béal fúithi agus iad ag filleadh ó oilithreacht ar Chruach Phádraig i Maigh Eo.

Cloisfear ó mhuintir Árann an lae inniu agus a gcuid tuairimí i leith an scannáin á nochtadh acu nuair a taispeánadh Oidhche Sheanchais ansin den chéad uair le 80 bliain in 2015.

Is é an léiritheoir agus an stiúrthóir Kieran Concannon, a rinne leithéidí Inis Airc agus Bás Oileáin roimhe seo a rinne Oíche Chaillte an tSeanchaí. Craolfar an saothar Robert Flaherty den chéad uair riamh ar an teilifís díreach i ndiaidh an chláir faisnéise.

Fág freagra ar 'Clár faisnéise faoi ‘scannán caillte’ Robert Flaherty le craoladh ar TG4 anocht'