Chruthaigh an raic faoin gCatalóin ar na meáin shóisialta dom gur ann do phribhléid an duine ghil

Pribhléid an duine ghil – sin a cheapadh go bhfuil rud éigin mícheart leis an bpictiúr nuair a fheiceann tú seanbhean gheal, Eorpach ag cur fola toisc gur bhuail póilín í, a scríobhann ár gcolúnaí

Chruthaigh an raic faoin gCatalóin ar na meáin shóisialta dom gur ann do phribhléid an duine ghil

Fearacht na milliún eile, bhí alltacht orm Dé Domhnaigh faoi bhrúidiúlacht an stáit Spáinnigh i gcoinne a shaoránach féin.

Ach bhí míshuaimhneas orm faoi rud éigin eile, leis.

Agus b’in é an chaoi ar tharraing na milliúin nach bhfuil baint dá laghad acu leis an gCatalóin raic faoi scéal na Catalóine ar na meáin shóisialta, nuair nach dtarraingíonn na milliúin chéanna raic den chineál céanna nuair a bhíonn slad á dhéanamh ar an bpobal Rohingya i Maenmar, nuair a bháitear cúpla céad teifeach eile sa Mheánmhuir nó nuair a fhaigheann 1195 duine bás laistigh de sheachtain amháin i bhforéigean uirbeach na Brasaíle.

Níl ansin ach cúpla sampla – agus i gcead do mhuintir na Catalóine, ‘fadhb de chuid an Chéad Domhain’ í a gceist siúd i gcomparáid le fadhbanna go leor leor daoine eile ar chlár na cruinne.

Ach nach é sin croílár na ceiste?

Tá an Chatalóin sa Chéad Domhan – agus is cás le laochra morálta na meán sóisialta sa Chéad Domhan fadhbanna a macasamhla féin.

Leag an tvuíteálaí seo a mhéar ar an gcúis a bhí leis an míshuaimhneas a tháinig orm Dé Domhnaigh:

Ar ndóigh, BHÍ scéal den chineál ceannann céanna ag titim amach san Afraic Dé Domhnaigh.

I gCamarún, tá na réigiúin ina labhraítear an Béarla ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach ón gcuid eile den tír, ina labhraítear an Fhraincis. Dé Domhnaigh, mharaigh saighdiúirí ochtar a bhí i mbun agóidí ar son an neamhspleáchais agus leon siad go leor eile.

Foréigean á úsáid ag an stát i gcoinne a shaoránach féin, díreach mar a tharla sa Chatalóin an lá céanna. Ach bhí difear mór millteach idir an dá chás: i gCamarún, maraíodh daoine.

Mar sin féin, bádh scéal Chamarún faoi scéal na Catalóine.

Ar ndóigh, tá difear mór millteach eile idir an dá scéal.

Daoine gorma a bhí i gceist i gCamarún.

Táim ag seanmóireacht. Is maith atá a fhios agam é. Ach nílim féin gan locht, agus sin é an fáth go bhfuilim ag ligean le mo racht.

Bhain na híomhánna ón gCatalóin siar asam Dé Domhnaigh. Ach an mothúchán aisteach éigin eile a bhraith mé go domhain istigh i mo phutóga féin – i m’ainneoin féin agus go hiomlán i gcoinne mo thola féin – bhain an mothúchán sin siar i bhfad Éireann níos mó asam.

Pictiúr de sheanbhean, a baithis leonta, a haghaidh ar maos i bhfuil. Ceann de na híomhánna ón gCatalóin ba mhó a roinneadh ar na meáin shóisialta.

Bhraith mé i mo bholg istigh go raibh rud éigin mícheart sa phictiúr sin. Caithfidh go bhfuil do shúile ag cur dallamullóg ort, a dúirt liom féin.

An chéad rud eile, rith sé liom céard a bhí cearr.

Bean gheal a bhí sa bhean sin.

Agus ag an nóiméad sin, cruthaíodh dom arís eile gur ann dáiríre don rud ar a dtugtar ‘pribhléid an duine ghil’ – agus nach bhfuil éalú ón bpribhléid chéanna más duine geal thú. Fiú mo leithéid féin, duine ar mhaith leis a bheith in ann a mhaíomh go bhfuil, níl sé slán ón ngalar.

Pribhléid an duine ghil – sin a cheapadh go bhfuil rud éigin mícheart leis an bpictiúr nuair a fheiceann tú seanbhean gheal, Eorpach ag cur fola toisc gur bhuail póilín í.

Bhain an aicíd chéanna do na milliúin laochra morálta ar na meáin shóisialta Dé Domhnaigh