‘Chas muid timpeall ar an M50 nuair a chonaic muid go raibh an duais mhór buaite againn!’ – Blag na Bliana ag Gaeilge le Glam

Ar an M50 ar a slí abhaile ó na Irish Blog Awards a bhí lucht ‘Gaeilge le Glam’ nuair a chuala siad go raibh an gradam do Bhlag na Bliana buaite acu ag na Irish Blog Awards aréir

‘Chas muid timpeall ar an M50 nuair a chonaic muid go raibh an duais mhór buaite againn!’ – Blag na Bliana ag Gaeilge le Glam

Bhí mná Ghaeilge le Glam, an blag faisin, áilleachta agus stíle beatha, ar an mbealach abhaile aréir ó ócáid bhronnta na Irish Blog Awards, nuair a fuair siad an scéala go raibh an tríú duais – gradam mór na hoíche – buaite acu.

Múinteoirí iad an ceathrar ban, Síofra Ní Bhriain, Roseann Uí Fhlatharta, Aisling Ní Chormaic agus Gearóidín de Bhailís, agus d’fhág siad an ócáid le aghaidh a thabhairt ar Ghaillimh, áit a raibh an ceathrar acu ag obair maidin inniu.

“Ní raibh súil dá laghad againn go bhfaigheadh muid Blag na Bliana aréir agus bhí muid imithe abhaile i ndiaidh an dá ghradam eile a fháil – Blag Pearsanta Nuála is Fearr agus Blag Gaeilge is fearr, mar bhí an ceathrar againn le bheith sa seomra ranga maidin inniu.

“Chas muid timpeall ar an M50 nuair a chonaic duine de na cailíní tweet óna Blog Awards ag rá gur muide a ghnóthaigh an tríú ceann! Ní raibh muid imithe ach deich nóiméad ón áit ar an mbealach ar ais go Gaillimh,” a dúirt Roseann Uí Fhlatharta le Tuairisc.ie.

Ó shin i leith tá cuntas Twitter @GaeilgeLeGlam “beo beathach” le teachtaireachtaí comhghairdis agus go leor daoine ar casadh lucht Gaeilge le Glam leo tar éis comhghairdeas a dhéanamh leo.

“Bíonn sé iontach nuair a tharlaíonn rud mór ar nós an ruda aréir. Tá sé iontach don Ghaeilge freisin, bhí ár Twitter lán le teachtaireachtaí Gaeilge ar maidin agus bhí go leor daoine ag teacht go dtí muid ag na gradaim agus ag caint Gaeilge linn ann. Tá muid tar éis castáil le go leor daoine ó thosaigh muid ag plé leis an mblag agus tá ag éirí go maith linn an Ghaeilge a chur chun cinn.

“Is ‘perfectionists’ muid ar fad, agus is cairde muid agus daoine díograiseacha, cabhraíonn sé sin linn leis an mblag. Tá muid an-dáiríre faoi agus bíonn sé iontach nuair a fhaigheann muid aitheantas mar sin,” a dúirt sí.

Tháinig Gaeilge le Glam ar an bhfód timpeall bliain ó shin agus bíonn suas le 10,000 duine in aghaidh na míosa á léamh. Bíonn siad gníomhach go maith ar na meáin shóisialta freisin agus os cionn 3,000 leantóir Instagram acu.

Is é an cuntas Snapchat, dar le Uí Fhlatharta, is mó a thugann deis teagmhála do na mná le lucht a leanta. Tá tuairim is 1,500 leantóir Snapchat acu faoi láthair agus “is bealach iontach é” an Ghaeilge labhartha a scaipeadh ina measc.

Tá léitheoirí ag Gaeilge le Glam ar fud na hÉireann agus i bhfad níos faide i gcéin, a deir siad. Tá formhór na leantóirí thar lear acu i Sasana agus san Astráil, áiteanna a bhfuil go leor Éireannach a chuaigh ar imirce ag cur fúthu anois.

“Tá siad ar fud an domhain. Bhí cailín ag déanamh taighde ar an mblag dá tráchtas ollscoile le deireanas agus bhí mé ag dul tríd na staitisticí faoi na léitheoirí le cúpla seachtain anuas léi, agus tá an t-uafás daoine san Astráil dár léamh chomh maith le háiteanna eile, an tSín ina measc,” a dúirt Uí Fhlatharta.

Dúirt Uí Fhlatharta gur chuir siad tús leis an mblag mar go raibh siad ag iarraidh “rud éigin difriúil a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn”.

“Fuair muid an duais ‘nuála’ aréir, agus ceann cosúil leis ag ócáid eile níos luaithe i mbliana, mar bíonn muid ag cuimhneamh ar rudaí difriúla le déanamh i gcónaí, tá muid ag smaoineamh ‘taobh amuigh den bhosca’ i gcónaí agus ag iarraidh rudaí nua a thabhairt isteach ann,” a dúirt sí.

Tá an ceathrar ag múineadh i meánscoileanna Béarla timpeall na Gaillimhe, iad “maraithe amach” faoi láthair agus iad fillte ar an scoil le cúpla seachtain anuas.

“Tá pleananna i gcónaí againn, ach níl mé in ann an iomarca a insint fúthu faoi láthair. Beidh muid ar TG4 go luath, agus tá rudaí ag tarlú ó thaobh cúrsaí raidió freisin. Beidh muid i mBaile Átha Luain agus ag ócáid eile do bhlagadóirí go luath, agus muid inár ‘VIP Bloggers’ ag an gceann sin- tá muid ag súil leis sin,” a dúirt sí.

Níl sé ar intinn ag na mná tabhairt faoin mblagadóireacht ar bhonn lán-aimseartha go fóill, ach dúirt Uí Fhlatharta go bhfuil “rudaí ag dul níos sciobtha” anois agus iad ag obair le Gníomhaireacht na mBlagadóirí Éireannacha.

“Tá sé an-deacair an chothromaíocht a aimsiú, mar tá muid ag obair go lán-aimseartha. Tá cúpla rud tagtha ó chomhlachtaí chugainn le léirmheas a dhéanamh orthu, ach mura dtaitníonn rud éigin linn ní chuirfimid muid amach é. Is maith liom go mbíonn rudaí a cheannaíonn muid féin agus a thaitníonn linn féin againn ar an mblag.

“Níl a fhios agam faoi bhlagadóireacht phroifisiúnta, ach is cinnte go bhfuil go leor roghanna againn leis an múinteoireacht. Is mór is fiú dúinn go bhfuil an ceathrar againn ann freisin, mar bíonn muid in ann rudaí a dhéanamh le chéile nó rudaí aonair a dhéanamh,” a dúirt sí.

Ceithre bhlag san iomlán a bhí san iomaíocht do Bhlag Gaeilge na Bliana ag na Irish Blog Awards, gradam atá urraithe ag Foras na Gaeilge: Gaeilge le Glam, Bliain leis na Dubs, Cosa gan Chompás agus iGaeilge.

Bronnadh an dara háit ar Bhliain leis na Dubs agus an tríú háit ar iGaeilge.

Fág freagra ar '‘Chas muid timpeall ar an M50 nuair a chonaic muid go raibh an duais mhór buaite againn!’ – Blag na Bliana ag Gaeilge le Glam'

  • Concubhar

    Comhghairdeas le Gaeilge le Glam as ucht na duaiseanna go léir a bhuaigh siad aréir. Iad tuillte go maith acu agus is mór an éacht é go bhfuil siad tar éis blag na bliana a bhuachaint gan aon amhras. Cuireann sé blagáil trí Ghaeilge i lár an aonaigh go cinnte.
    Ní miste a lua, áfach, go raibh i bhfad níos mó ná an ceathrar a chriochnaigh ar an ngearrliosta don gradam seo. Is é seo an ngearr liosta gearr más maith leat. Bhí thart ar deichniúr ar an liosta roimhe sin.