Cén mhaith ‘Bliain na Gaeilge 2018’ don Ghaeltacht? Bíodh ‘Bliain na hÉigeandála’ againn…

Caitear pé maoiniú breise atá ar fáil ar phleananna teanga na Gaeltachta agus bíodh gach brainse den státchóras ag comhoibriú leis an iarracht deiridh seo Gaeilge na Gaeltachta a fhágáil ag glúin eile

Cén mhaith ‘Bliain na Gaeilge 2018’ don Ghaeltacht? Bíodh ‘Bliain na hÉigeandála’ againn…

I nDaonáireamh na bliana 2016, tháinig laghdú eile fós ar líon na ndaoine sin a labhraíonn Gaeilge taobh amuigh den scoil – 73,803 a dúirt go ndéanann siad amhlaidh agus sin laghdú 4.4% (3,382 duine) ón daonáireamh roimhe sin in 2011.

Agus duine ag breathnú ar na daonáirimh ó 1911-2011 is follasach an titim ó leathmhilliún cainteoir Gaeilge, ag glacadh leis nach sa scoil a bhí a bhformhór sin ag Gaeilgeoireacht, go dtí 77,185 cainteoir laethúil lasmuigh den chóras oideachais céad bliain níos déanaí.

Thit líon na gcainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht ó 23,175 in 2011 go 20,586 duine in 2016, laghdú 11% i gcúig bliana.

Agus an tubaiste sin cloiste agus á feiceáil ar a dteallach féin ag muintir na Gaeltachta, tháinig slánaitheoir nua ar an bhfód. Sacadh Seán Kyne isteach go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus é díreach tar éis meabhair a bhaint as cúrsaí casta na Gaeltachta agus fágadh cinniúint na Gaeltachta faoi Joe McHugh den dara huair, agus a aistear mór teanga curtha de aige. Bhí plean réitithe do Joe –an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 – agus ar fhilleadh ar an Roinn dó tharraing sé ceann eile as mála Chonradh na Gaeilge, Bliain na Gaeilge 2018.

Idir an dá linn, bhí grúpaí deonacha sa nGaeltacht ar a mbionda ag réiteach pleananna teanga lena chinntiú nach titim eile a bheidh ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht sa gcéad daonáireamh eile. Agus a gcúram déanta acu mar a iarradh orthu agus costas curtha acu lena bplean tarrthála, dúradh leo nach raibh an t-airgead sin ar fáil. Bhí a fhios ag Roinn na Gaeltachta agus ag Údarás na Gaeltachta cé mhéad a theastódh – €100,000 seachas an €250,000 a bhí áirithe ag saineolaithe i gCois Fharraige a raibh sé de mhisneach agus d’uaillmhian acu tabhairt faoin dúshlán.

Mar bharr ar an tubaiste sin, foilsíodh figiúirí Pobal ón bPríomhoifig Staidrimh, a léirigh gurb iad na ceantair is láidre Gaeilge sa tír na ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh fostaíochta, deiseanna, acmhainní, oideachais agus ioncaim agus is in olcas a chuaigh a bhformhór ón anailís dheireanach.

Ach ná bíodh aon bhuairt oraibh a Ghaeilgeoirí bochta dílse – tá ardú meanman i ndán dúinn uilig. Beidh €450,000 ar fáil in 2018 ó Fhoras na Gaeilge do Bhliain na Gaeilge 2018 agus tá cluaisíní croí ar an Aire Stáit McHugh an deis seo a fháil “an pobal a spreagadh chun ár dteanga dhúchais a labhairt agus í a  chur i lár an aonaigh”.

Creideann McHugh go láidir “go bhfuil roinnt Gaeilge ag gach Éireannach” agus úsáidfear an maoiniú seo chun “an timpeallacht cheart a chothú ionas go mbeidh misneach ag achan duine triail a bhaint as an nGaeilge ar bhonn laethúil”.

Is léir óna chuid cainte siúd go bhfuil an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ar aon fhocal leis an aire:

“Agus 125 bliain caite againn ó thús na hathbheochana, is deis í Bliain na Gaeilge le ceiliúradh a dhéanamh ar an mhéid a baineadh amach don Ghaeilge ó bhí 1893 ann.”

Dóchas atá ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, chomh maith:

“Tá sé tábhachtach go ndéanfaí chuile dheis a thapú chun an Ghaeilge mar theanga pobail sa Ghaeltacht a threisiú agus a láidriú agus táimid ag súil go gcabhróidh an infheistíocht atá dhá dhéanamh i mBliain na Gaeilge go mór leis sin.”

Cén chaoi a dtabharfar faoin bhfíbín Gaeilge seo in 2018? Bunófar coiste ardleibhéil ar a mbeidh ionadaithe ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta chun clár na bliana a chur i dtoll a chéile agus a stiúradh agus labhróidh McHugh lena chomhghleacaithe sa Rialtas sna seachtainí amach romhainn chun a chinntiú go mbeidh “tacaíocht ar fud an státchórais uile” do Bhliain na Gaeilge 2018.

Anois an bhfuil biseach ort?

Nach aisteach nár tugadh faoi na pleananna teanga ar an mbealach céanna? Nach iontach nach bhfuil ‘tacaíocht ar fud an státchórais’ do na pleananna teanga? Nach mór an feall nach raibh coistí ardleibhéil ag obair chun an tacaíocht sin a chinntiú roimh thús na pleanála? Scaoileadh na Gaeilgeoirí bochta dílse i mbun oibre fuar beathach.

Na Gaeilgeoirí breátha Gaelacha sin atá go mór faoi mhíbhuntáiste i Leitir Mealláin nó i Machaire an Chlochair, cén chaoi go díreach a gcabhróidh gliondar na n-údarás as ‘an infheistíocht atá dhá dhéanamh i mBliain na Gaeilge go mór’ leo? Cén chaoi a gcabhróidh na hiarrachtaí seo ‘an timpeallacht cheart a chothú’ do cheiliúradh na Gaeilge leosan nach mór an t-údar ceiliúrtha atá acu?

Tá neart deiseanna sa nGaeltacht chun “ár dteanga dhúchais a labhairt” agus tá sí “i lár an aonaigh” sna bólaí sin cheana féin, go fóillín ar aon chuma. Sin mura bhfuil tú ag iarraidh Gaeilge a labhairt le hoifigigh stáit, ar ndóigh.

Bliain na Gaeilge í gach bliain ag cuid againn, agus seachtain na Gaeilge agus lá na Gaeilge freisin.

Déarfar nach do mo leithéidse ‘Bliain na Gaeilge 2018’, ach bheinnse ag ceiliúradh in éineacht leis na boic seo dá bhféadfainn mo ghnó a dhéanamh go saoráideach le hoifigigh an stáit seo as Gaeilge agus déarfainn go gcuideodh a leithéid de cheart go mór leis an ‘teanga pobail sa Ghaeltacht a threisiú agus a láidriú’.

In áit a bheith ag caitheamh airgid, acmhainní foirne agus fuinnimh amú chun ceiliúradh a dhéanamh ar bheatha shaorga na Gaeilge, nach práinní go mór díriú ar an 20,586 duine sin sa nGaeltacht a labhraíonn Gaeilge chuile lá in áit a bheith ag gaotaireacht faoin “roinnt Gaeilge (atá) ag gach Éireannach” ach iad a spreagadh chun í ‘a cheiliúradh’.

Chúns a bheifear ag ceiliúradh éachtaí na hathbheochana (an cúpla focal atá ag gach Éireannach) in 2018, clisfidh ar thuismitheoirí na Gaeltachta, agus scoileanna na Gaeltachta a bhfuil a gcainteoirí dúchais clainne ag freastal orthu, a gcumas sa nGaeilge a chur ar aghaidh ag glúin eile. D’admhaigh na cainteoirí óga céanna gur fearr atá an Béarla ar a dtoil acu ná teanga dhúchais a dtinteán, an Ghaeilge.

Nárbh fhearr an plean ‘Bliain Éigeandála na Teanga 2018’ a bheith againn, bliain nach ndéanfaí ach an fhírinne a aithint agus déileáil léi go macánta. Dá ndéanfaí amhlaidh, cá bhfios nach mbeadh údar ceart ceiliúrtha againn in 2019?

Idir an dá linn, caitear pé maoiniú breise atá ar fáil ar na pleananna teanga agus bíodh gach brainse den státchóras ag comhoibriú leis an iarracht deiridh seo.  Ar a laghad ansin féadfaimid a rá go ndearnadh iarracht mhacánta Gaeilge na Gaeltachta a fhágáil ag glúin eile, más go mall doicheallach féin é.

Mura n-éiríonn leis an iarracht dheireanach seo ar phleanáil teanga, beidh ‘Bliain an Tórraimh’ sa nGaeltacht sula fada againn.

 

Fág freagra ar 'Cén mhaith ‘Bliain na Gaeilge 2018’ don Ghaeltacht? Bíodh ‘Bliain na hÉigeandála’ againn…'

  • Breandán Delap

    An-alt a Mháire mar is iondúil

  • Pádraic

    Sách ráite agat, a Mháire! Tá sé im am deireadh a chur leis an gcur i gcéill seo. Is beag údar ceiliúrtha atá againn agus Gaeilge na Gaeltachta i mbaol a báis. B’fhearr i bhfad an t-airgead a infheistiú sna pleananna teanga. Mura dtabharfar an Ghaeilge slán sa Ghaeltacht ní bheidh aon teanga gur fiú caint uirthi le ceiliúradh a dhéanamh uirthi amach anseo. Níl suim ag Joe McHugh ach i ndream na gcúpla focal agus níl aon tuiscint aige ar chúrsaí na Gaeltachta cé gurb in an cúram atá air.

  • Seán Mac Gearailt

    Ní fiú braith ar bhéalghrá na bpolaiteoirí. Má tá biseach i ndán don Ghaeilge is ón mbonn aníos a thiocfaidh sé.

  • Jamie Ó Tuama

    Am na Cinniúna!

  • Feardorcha

    An-alt cinnte.
    Ach cathain a deineadh slánaitheoir na teangan de na pleananna teanga seo? Cad tá iontu ach an seanarud céanna, cuir fostaíocht ar fáil, normalaigh an teanga, neartaigh na craobhacha laga.

  • Ruairí Mac Con Iomaire

    Tá an ceart ar fad agat a Mháire!

  • Seosaimhin Ní Bheaglaoich

    Mo sheasamh ort a Mháire. An fhírinne lom.

  • Bualadh bos

    Bualadh bos uaimse freisin; má imíonn an Ghaeilge as, ní hé nach raibh an brat foláirimh ardaithe ag Máire.

  • Gabriel Rosenstock

    An plean is fearr ar fad: do bhéal a oscailt agus an teanga a labhairt.
    Costas: O.

  • Damien Mac Aodha

    Dallamullóg atá i gceist. Cén maith daoine a ghríosadh chun Gaeilge a fhoghlaim nuair a chuireann an Stát féin cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúrsaí gnó. m. sh.
    Ní féidir liom mo cheadúnas slándála a athnuachan i nGaeilge toisc gur arlíne amháin i mBéarla a cheadaítear sin anois. Comh maith , nó olc, leis sin níl cead, fiú ag lucht na Gaeltachta, lipéad i nGaeilge a chur ar phróca bia gan an bia sin a ainmniú i mBéarla ar tús. Ní chostódh sé tada sa bhreis an Ghaeilge a aithint mar theanga oifigiúil i ndáiríre in ionad an cur i gcéill atá i bhfeidhm le blianta beaga anuas. Cén fáth nach dtagann na quangos a bunaíodh le tamall anuas faoi scáth an Choimisnéara Teanga ?

  • Áine

    Tá an ceart go hiomlán agat a Mháire, ní féidir le Bliain na Gaeilge cliseadh mar cén slat tomhais atá leis ach go gcloisfear an cúpla focal á labhairt go fánach agus sin é an fáth gur furasta le Joe McHugh tacú leis. Caithfear éisteacht leis na dreamanna a bhfuil a mionda curtha amach acu ag réiteach pleananna a chreideann said atá fiúntach, is fiú tacú leo. Cén uair a éisteofar le ciall. Priontáil amach alt Mháire ach taispeáin é do chuile dhalta scoile, mac léinn tríú leibhéal, múinteoir scoile, príomhoidí, chuile oibrí stáit, polaiteoirí, Teachtaí Dála, Comhairleoirí Contae agus Cathrach agus chuile Ghaeilgeoir agus pléigh an t-ábhar seo go fíreannach, an bhféadfadh aon duine easaontú lena bhfuil ann……..lorg an Stát cúnamh ó na pobail Ghaeltachta, d’oibrigh na pobail go deonach chun pleananna a chur i dtoll a chéile agus ansin caitheadh ar ais sa bpus acu iad, mar ní theastaíonn ón Státchóras go léireofaí dóibh go bhféadfadh Gaeltachtaí láidre a bheith againn ach cúnamh praiticiúil a chur ar fáil, obair fhiúntach agus meas don ghnáthdhuine…. acmhainní ciallmhara agus seirbhísí a úsáidfear ó lá go lá. Is fearr leis an Státchóras/polaiteoirí/státseirbhísigh a bheith ag caitheadh airgead le gaoth agus gan aon bhealach lena thomhas an bhfuil ag éirí lena gcuid pleanannaí nó nach bhfuil….d’fhéadfainn leanacht orm!!!!! Go raibh maith agat a Mháire as alt den chéad scoth. Éistigí a dhaoine chóir

  • cráite

    É ráite go beacht ansan. Treise leat a Mháire. Ach cén mhaith é, níl éinne atá i gcumhacht ag éisteacht linn. Straitéis na bhfoghlaimeoirí agus na gcúpla focal a theastaíonn on státchóras agus ó riarthóirí an phróisis phleanála teanga…

  • Fúinn féin atá...

    Agus cén fáth, meas sibh, a bhfuil an státchóras, nó an bhunaíocht Bhéarla, ag caitheamh chomh fealltach tarcaisneach dímheasúil le muintir na Gaeilge sa Ghaeltacht? An ea go gcreideann siad nach bhfuil troid ar bith is fiú ionainn, go bhfuil muid go hiomlán i muinín a ndea-mhéine, a gcuid deontas, a gcumhachta. An ea go gcreideann siad nach bhfuil sé ar ár gcumas cur ar ár son féin ar chor ar bith, go bhfuil muid ar shéala a bheith buailte? Arbh fhéidir go bhfuil an fhírinne acu? Agus mura bhfuil, agus más fíor go bhfuil troid bheag éigin ionainn, nach bhfuil sé in am againn eagar troda a chur orainn féin, agus troid? Nó arbh fhearr linn bheith ag clamhsán?

    Leis an fhírinne a rá, ní troid a theastaíonn ach pleanáil agus beartaíocht stuama; agus sinn féin an phleanáil agus an bheartaíocht a dhéanamh, agus an gníomh a leanfadh é; é a dhéanamh lenár neart agus lenár gcuid acmhainní féin – cumhacht na ndaoine, gan beann ar dheontais ná ar chumhacht oifigiúil – gan beann ar Chonradh na Gaeilge, ar an scátheagraíocht mhúinte sin (agus is trua go gcaithfidh mé sin a rá faoin eagraíocht stairiúil sin – ach is fada ó chuaigh sí ó chion, monuar). Níl “Bliain na Gaeilge” ach sé seachtainí uainn. Déanaimis ‘bliain chasta na taoide’ di. Téimis i mbun eagrúcháin anois, láithreach; dá dtéadh, cá bhfios nach mbeifí ag rá amach anseo gurbh í bliain na Gaeilge í, dáiríre?

    Nó an é oidhe na nGael bás a fháil go ciúin meata? An mar chine meata a chuimhneofar orainn?

  • Baba S Uí Loingsigh

    An ceart ar fad agat a Mháire. An bhfuil éinne ag éisteacht?? Mura bhfuil Gaeltacht ann cén mhaith a bheith ag caint ar Ghaeilge. Ní hiad dream na gcúpla focal a shlánóidh an teanga ach na tuismitheoirí atá cráite ag iarraidh an teanga a thabhairt don chéad ghlúin eile. Is uathu sin a theastaíonn an cúnamh. An chabhair. An tacaíocht, an mhaoiniú, an mhisneach … Seo an seans deiridh.

  • Braoin

    An ceart agat a Mháire… ach ní léifidh na hairí rialtais an t-alt iontach fírinneach seo faraor… cuid mhaith acu ní bheidh siad in ann… cuid eile gur cuma leo faoin bhfírinne… is bocht an scéal é agus tú ag iarraidh fiú seirbhísí a fháil ó oifigigh an stáit seo i nGaeilge.

  • Lonán Ó Lorgnáin

    Is fíor gurb é cur i gcéill na Gaeilge gan a labhairt go feidhmeach ná i rith an lae ar cheann de bhunchúiseanna lagú na teanga Fódlaí, ach is constaic roimpi freisin é coincheap na gceantar Gaeltachta; IS IONANN ÉIRE 7 AN GHAELTACHT de réir na staire – ar dearmadadh a leithéid? Is mó an náire go dtugtar tús áite do theanga na nGall seachas teanga na nGael i ngach gné nach mór de shaol mhuintir na hÉirinn sna sé chontae agus fiche agus nár éirigh go fóill lena lucht ceannais uile-Ghaeltacht na hÉirinn a athchothú.

  • Luke Callinan

    An chéad chéim sa treo seo, teorainneacha nua a tharraingt don cheantar sin a bhfuil an teanga á labhairt go laethúil ag formhór an phobail ann. Teastaíonn plean éigeandála ó na ceantracha seo nach ionann é agus an plean a tabharfaí isteach don chuid eile den Ghaeltacht oifigiúil ná an plean a theastófaí don chuid eile den stát. 2/3 fhadhb éagsúla i gceist. Murar féidir leis an stát an méid sin a thuiscint ní thuigfidh siad ceist na Gaeltachta go deo.

    Níor mhór Béarla a chur ar an píosa seo agus é a chur amach chomh maith céanna. Iad nach bhfuil Gaeilge acu is mó nach dtuigeann an teachtaireacht atá le fáil ann.