Cén chomh fada eile is a ligfidh muid d’eachtrannaigh labhairt ar ár son?

B’fhiú a rá anois gan fiacail a chur ann nach nglacfaidh muid le teorainn chrua agus nach gcabhróidh muid le socruithe nua faoin teorainn, is cuma cé acu ó na Sasanaigh nó ón Aontas a thiocfadh an t-ordú

Cén chomh fada eile is a ligfidh muid d’eachtrannaigh labhairt ar ár son?

Michel Barnier

Bíonn tráchtairí faoi chúrsaí na hEorpa coitianta ag caitheamh anuas ar na Sasanaigh toisc a gcuid cáipéisí faoi shocrú an Bhreatimeachta a bheith, dar leo, chomh héiginnte agus chomh tanaí sin.

Ach caithfidh go bhfuil iarracht an Aontais Eorpaigh, a foilsíodh le deireanas, níos éiginnte is níos tanaí na rud ar bith a chuir na Sasanaigh amach.

Mura n-oibreodh na socruithe faoi theorainn dhofheicthe ar an oileán seo atá molta ag na Sasanaigh, bhuel, níl aon mholtaí ar chor ar bith ag Coimisiún na hEorpa. Níl le rá acu ach gur ar na Sasanaigh atá an dualgas réiteach a chur ar fáil i dtaobh fadhbanna na teorann.

Agus níl cinnteacht ach faoi aon rud amháin: is é sin, nach maolóidh an tAontas Eorpach a gcuid rialacha puinn maidir leis an Aontas custaim nó leis an margadh aonair le freastal ar riachtanais na hÉireann.

 Ach, mar a deir Cliff Taylor san Irish Times, má imíonn an Bhreatain as an Aontas Custaim – agus sin ba bhrí leis an gcinneadh a tógadh sa reifreann – ní féidir rialú custaim ar an teorainn a sheachaint ach trí theacht ar shocrú faoi leith don Stát seo nó don Tuaisceart.

Gan dabht, go bunúsach, is é atá á rá ag Michel Barnier, agus tráchtairí agus polaiteoirí na hÉireann ag aontú leis, ná nár chóir don Bhreatain imeacht ón Aontas Eorpach ar chor ar bith!

Cinnte dá ngéillfeadh na Sasanaigh go ndéanfaí athaontú ar an tír seo nó dá gcuirfidís an teorainn eacnamaíochta ar Mhuir Éireann, bheadh na fadhbanna inréitithe: ach ní tharlóidh ceachtar den dá rud toisc go bhfuil an rialtas i Londain ag brath ar thacaíocht an DUP le fanacht in oifig.

Mar sin, mura bhfanfaidh an Bhreatain san Aontas, agus neamhní a dhéanamh de thoradh an Reifrinn mar a dhéanann muide in Éirinn, bheadh orainn brú a chur ar an AE moltaí a oireann dúinn a chur ar aghaidh.

Is é sin caithfidh Michel Barnier cúlú óna ráiteas nach féidir “trádáil gan bhac a dhéanamh taobh amuigh den mhargadh aonair is den Aontas Custaim’.

É sin, nó caithfidh muide socrú nua ar fad leis an Aontas Eorpach a lorg.

D’fhéadfadh muid ballraíocht chomhlach a lorg, mar atá ag an Iorua agus ag an Eilvéis, leathbhallraíocht a ligfeadh dúinn trádáil a dhéanamh leis an Aontas agus leis an mBreatain araon.

Tuige nach bhfaigheadh muid a leithéid?  I ndeireadh na dála nach cairde linn na ballstáit eile ar fad?

Le socrú den saghas sin d’fhéadfaidís a bheith chomh dian i gcoinne na Breataine agus ba mhian leo agus bheadh muide saor ón anachain.

Mar a tharlaíonn, tá sé chomh maith againn a thuiscint nach i dtaobh na hÉireann amháin atá éiginnteacht ann maidir leis an mBreatimeacht taobh istigh den Aontas Eorpach.

Bíodh is go bhfuil uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus Michel Barnier, príomhidirbheartaí an Aontais maidir leis an mBreatimeacht agus fear grinn na parlaiminte, Guy Verhofstadt ar fad ag iarraidh speach a thabhairt don Bhreatain ar mhaithe le ceacht a mhúineadh do na tíortha eile, níl gach stát ar an bport céanna.

Tá Macron ag iarraidh brú ar aghaidh i dtreo an ollstáit, ach tá amhras ar na stáit san oirthear, sna tíortha Lochlannacha agus san imeall ó dheas faoina leithéid.

Níl aon fhís chinnte ag an Aontas anois faoi cén cineál Aontais is cóir a bheith ann agus tá trádáil leis an mBreatain tábhachtach ní hamháin don tír seo ach don Bheilg is don Ísiltír freisin, tíortha a tháinig le chéile le comhpholasaí a phlé i mí Aibreáin seo caite.

Cinnte ní bheadh na deacrachtaí seo ann murach gur vótáil muintir na Breataine i bhfabhar an Bhreatimeachta, ach vótáil.

Is ní oireann seasamh Barnier dúinn beag nó mór.

Mar cá mbeimid muid má dhiúltaíonn na Sasanaigh rud ar bith breise a thairiscint go dtí go bpléifí na socruithe fadtéarmacha trádála a bheas ag an mBreatain agus ag an Aontas le chéile?

Faoiseamh a bheadh ann, b’fhéidir, do na polaiteoirí a bheith in ann an milleán a chur ar an Sasanaigh, ach is muide a bheidh thíos leis mura mbíonn socrú sásúil ann.

Agus beidh praghas polaitiúil chomh maith le praghas eacnamaíochta le díol.

B’fhiú a rá anois, gan fiacail a chur ann, nach nglacfaidh muid le teorainn chrua agus nach gcabhróidh muid le socruithe nua faoin teorainn, is cuma cé acu ó na Sasanaigh nó ón Aontas a thiocfadh an t-ordú.

Leas na hÉireann a bheadh i gceist lena leithéid de ráiteas, seachas a bheith ag sodar i ndiaidh ár máistrí san Eoraip.