Bíonn tráchtairí faoi chúrsaí na hEorpa coitianta ag caitheamh anuas ar na Sasanaigh toisc a gcuid cáipéisí faoi shocrú an Bhreatimeachta a bheith, dar leo, chomh héiginnte agus chomh tanaí sin.
Ach caithfidh go bhfuil iarracht an Aontais Eorpaigh, a foilsíodh le deireanas, níos éiginnte is níos tanaí na rud ar bith a chuir na Sasanaigh amach.
Mura n-oibreodh na socruithe faoi theorainn dhofheicthe ar an oileán seo atá molta ag na Sasanaigh, bhuel, níl aon mholtaí ar chor ar bith ag Coimisiún na hEorpa. Níl le rá acu ach gur ar na Sasanaigh atá an dualgas réiteach a chur ar fáil i dtaobh fadhbanna na teorann.
Agus níl cinnteacht ach faoi aon rud amháin: is é sin, nach maolóidh an tAontas Eorpach a gcuid rialacha puinn maidir leis an Aontas custaim nó leis an margadh aonair le freastal ar riachtanais na hÉireann.
Ach, mar a deir Cliff Taylor san Irish Times, má imíonn an Bhreatain as an Aontas Custaim – agus sin ba bhrí leis an gcinneadh a tógadh sa reifreann – ní féidir rialú custaim ar an teorainn a sheachaint ach trí theacht ar shocrú faoi leith don Stát seo nó don Tuaisceart.
Gan dabht, go bunúsach, is é atá á rá ag Michel Barnier, agus tráchtairí agus polaiteoirí na hÉireann ag aontú leis, ná nár chóir don Bhreatain imeacht ón Aontas Eorpach ar chor ar bith!
Cinnte dá ngéillfeadh na Sasanaigh go ndéanfaí athaontú ar an tír seo nó dá gcuirfidís an teorainn eacnamaíochta ar Mhuir Éireann, bheadh na fadhbanna inréitithe: ach ní tharlóidh ceachtar den dá rud toisc go bhfuil an rialtas i Londain ag brath ar thacaíocht an DUP le fanacht in oifig.
Mar sin, mura bhfanfaidh an Bhreatain san Aontas, agus neamhní a dhéanamh de thoradh an Reifrinn mar a dhéanann muide in Éirinn, bheadh orainn brú a chur ar an AE moltaí a oireann dúinn a chur ar aghaidh.
Is é sin caithfidh Michel Barnier cúlú óna ráiteas nach féidir “trádáil gan bhac a dhéanamh taobh amuigh den mhargadh aonair is den Aontas Custaim’.
É sin, nó caithfidh muide socrú nua ar fad leis an Aontas Eorpach a lorg.
D’fhéadfadh muid ballraíocht chomhlach a lorg, mar atá ag an Iorua agus ag an Eilvéis, leathbhallraíocht a ligfeadh dúinn trádáil a dhéanamh leis an Aontas agus leis an mBreatain araon.
Tuige nach bhfaigheadh muid a leithéid? I ndeireadh na dála nach cairde linn na ballstáit eile ar fad?
Le socrú den saghas sin d’fhéadfaidís a bheith chomh dian i gcoinne na Breataine agus ba mhian leo agus bheadh muide saor ón anachain.
Mar a tharlaíonn, tá sé chomh maith againn a thuiscint nach i dtaobh na hÉireann amháin atá éiginnteacht ann maidir leis an mBreatimeacht taobh istigh den Aontas Eorpach.
Bíodh is go bhfuil uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, agus Michel Barnier, príomhidirbheartaí an Aontais maidir leis an mBreatimeacht agus fear grinn na parlaiminte, Guy Verhofstadt ar fad ag iarraidh speach a thabhairt don Bhreatain ar mhaithe le ceacht a mhúineadh do na tíortha eile, níl gach stát ar an bport céanna.
Tá Macron ag iarraidh brú ar aghaidh i dtreo an ollstáit, ach tá amhras ar na stáit san oirthear, sna tíortha Lochlannacha agus san imeall ó dheas faoina leithéid.
Níl aon fhís chinnte ag an Aontas anois faoi cén cineál Aontais is cóir a bheith ann agus tá trádáil leis an mBreatain tábhachtach ní hamháin don tír seo ach don Bheilg is don Ísiltír freisin, tíortha a tháinig le chéile le comhpholasaí a phlé i mí Aibreáin seo caite.
Cinnte ní bheadh na deacrachtaí seo ann murach gur vótáil muintir na Breataine i bhfabhar an Bhreatimeachta, ach vótáil.
Is ní oireann seasamh Barnier dúinn beag nó mór.
Mar cá mbeimid muid má dhiúltaíonn na Sasanaigh rud ar bith breise a thairiscint go dtí go bpléifí na socruithe fadtéarmacha trádála a bheas ag an mBreatain agus ag an Aontas le chéile?
Faoiseamh a bheadh ann, b’fhéidir, do na polaiteoirí a bheith in ann an milleán a chur ar an Sasanaigh, ach is muide a bheidh thíos leis mura mbíonn socrú sásúil ann.
Agus beidh praghas polaitiúil chomh maith le praghas eacnamaíochta le díol.
B’fhiú a rá anois, gan fiacail a chur ann, nach nglacfaidh muid le teorainn chrua agus nach gcabhróidh muid le socruithe nua faoin teorainn, is cuma cé acu ó na Sasanaigh nó ón Aontas a thiocfadh an t-ordú.
Leas na hÉireann a bheadh i gceist lena leithéid de ráiteas, seachas a bheith ag sodar i ndiaidh ár máistrí san Eoraip.
Dáithí Mac Cárthaigh
Is ionann ballraíocht chomhlach mar atá ag an Iorua agus ag an Eilvéis agus glacadh le cuid mhór mhaith de dhlíthe an AE gan guth ná glór ná ceart crosta maidir le hachtú an dlí chéanna.
Cé hiad na ‘máistrí seo san Eoraip’? Parlaimint na hEorpa, a thoghann an pobal agus guth níos mó ag na tíortha beaga ná mar a bheadh ag dul dúinn dá roinnfí na suíocháin de réir daonra amháin?
Nó an Chomhairle? a ionadaithe rialtais na mballstát agus ar gá móramh a ionadaíonn 55% de líon na mballstát ar comhionann é agus 65% de dhaonra an Aontais chun beartas ar bith a rith agus go bhfuil ceart crosta ag gach ballstát maidir le hábhair íogair ar nós cánach.
Nó an Coimisiún? a molann rialtais na mballstát iad agus ar gá don Pharlaimint glacadh leo agus cead ag an bParlaimint bata agus bóthar a thabhairt dóibh mar Choimisiún?
Ba mhaith toghchán díreach uile-Eorpach d’uachtarán an Choimisiúin, ar ndóigh, ach nár tógáil ollstáit a bheadh ansin? Ní féidir cuid de na daoine a shásamh!
Ursa Minor
Nach mór de do chloigeann atá folamh, a Eoin Uí Mhurchú. Arb éard ab áil leat sinn a dhul ar ais ar an anchaoi, agus a bheith teannta istigh arís faoi eite bheag na Breataine – mar a bhí sula ndeachaigh muid san Aontas? Is é an tAontas Eorpach, más maith olc leatsa sin a admháil, a thug deis don stáitín s’againne, seasamh ar comhchéim go hidirnáisúnta leis na Tans. Is é an tAontas Eorpach, más maith olc leatsa sin a admháil, a bhris an cinseal Fiannafáileach/Finegaelach/Eaglaischaitliceachach a choinnigh faoi dhaoirse sheoiníneach sinn.
Ná ceap nach bhfuil pleain B ag Barnier – bí cinnte go bhfuil. Is é an déanamh ar an Ríocht Aontaithe, a tharraing an praiseach seo anuas ar an gcuid eile againn, go gcaithfidís réiteach a mholadh ar an gcruachás. Ní hí an Bhruiséil ach Londain ba chúis le Brexit, a Eoin.
Donncha Ó hÉallaithe
Mé tar éis 5 lá a chaitheamh sa Bhreatain. Gan mórán eile le déanamh agus mé ann, , léigh mé an díospóireacht leanúnach faoin mBreatimeacht i roinnt mhaith nuachtáin: ina measc An Times (Coiméadach), An Guardian (Lucht Oibre), An Observer (in aghaidh Breatimeacht), an nuachtán i (neodrach más féidir a bheith) agus an Morning Star (nuachtán an Pháirtí Cumannach sa Bhreatain).
Ón méid a léigh mé tá mé ag déanamh amach nach bhfuil aon dream sa Bhreatain seachas dornán Hard Brexiteers sa bPáirtí Coiméadach, Farage is an UKIP agus An Páirtí Cummannach ar son an leagan amach atá ag Eoin faoin mBreatimeacht. Ach tá mé den tuairim go bhfuil gach a scríobhann Eoin bunaithe ar an gclár polaitíochta atá aige: an Aontas Eorpach a bhriseach as a chéile. Níl aon cheo tomhaiste ag baint lena chuid tuairimíochta ar an gceist seo, fairíor.
Léitheoir
‘…ag sodar i ndiaidh ár máistrí san Eoraip’? Is cosúil go bhfuil Eoin ag iarraidh go mbeadh muid ag sodar i ndiaidh ár seanmháistrí i Sasana! Tá todhchaí na hÉireann san Eoraip. Is ar an mBreatain, agus ar an mBreatain amháin, atá an milleán as an bpraiseach seo ar fad.
Caithfidh mé a rá go bhfuil mé bréan de na haltanna frith-Eorpacha seo ó pheann Eoin. Is maith liom bheith ag léamh faoin mBreatimeacht ach a luaithe is a fheicim a ainm luaite le halt ní bhíonn fonn orm é a léamh a thuilleadh. An bhféadfadh Tuairisc iriseoirí eile a bhfuil dearcadh tomhaiste stuama acu faoi Brexit a chur ag scríobh faoin ábhar? Is maith Póilín Ní Chiaráin ach ní dhíríonn sí ach ar an Tuaisceart go hiondúil. Tugann Cathal Mac Coille léargas an-mhaith ar chúrsaí polaitíochta ach ní minic a phléann sé Brexit féin.
Seán Rua
Cé chomh fada a ligfimíd d’eachtrannaigh labhairt ar ár son?! Cén bhliain é seo? Ní labhrann mo chomhEorpaigh ar mo shon – labhraimid thar ceann a chéile!