Ceithre chuireadh nár ghlac sé leo faighte ag an Taoiseach ó Choiste Gaeilge an Oireachtais

Deir cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, Catherine Connolly, go bhfuil ‘díomá’ seachas ‘iontas’ uirthi nár tháinig an Taoiseach os comhair an Choiste fós

Ceithre chuireadh nár ghlac sé leo faighte ag an Taoiseach ó Choiste Gaeilge an Oireachtais

Níl glactha ag an Taoiseach Enda Kenny le ceithre chuireadh oifigiúil teacht i láthair Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Catherine Connolly, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, gur seoladh an tseachtain seo an ceathrú litir le bliain anuas chuig an Taoiseach ag iarraidh air teacht i láthair an Choiste le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé.

“Dúirt an Taoiseach go poiblí go bhfuil sé sásta teacht os ár gcomhair. Tá ról faoi leith aige maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus tá sé tábhachtach go labhródh sé linn. Chuireamar ceithre chuireadh chuige agus níl freagra faighte ar an gceathrú ceann fós.

“Léiríonn sé dom nach bhfuil siad i ndáiríre faoin teanga ná faoin nGaeltacht ag leibhéal an rialtais. Ba cheart go mbeadh sé os ár gcomhair le tuairisc a thabhairt dúinn faoin dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis go dtí seo,” a dúirt Connolly.

Dúirt sí go raibh “díomá” uirthi nár tháinig an Taoiseach os comhair an Choiste fós ach “nár chóir go mbeadh aon iontas uirthi” ó tá neart taithí aici a bheith ag plé le daoine atá “patuar” faoin nGaeilge.

Dúirt sí go bhfuil obair mhaith ar siúl ag an gCoiste faoi láthair, agus luaigh sí an ceistneoir a cuireadh chuig na ranna Rialtais ar fad an bhliain seo caite le staid na Gaeilge sa chóras poiblí a mheas.

“Tá duine de na hoifigigh i mbun measúnú i láthair na huaire ar thorthaí an tsuirbhé sin agus tá obair eile ar bun againn freisin. Beidh an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair, don dara huair, an tseachtain seo chugainn le córas na scéimeanna teanga a phlé.

“Léiríonn sé [an méid atá cloiste ag an gCoiste ó bunaíodh é] cé chomh leochaileach is atá an teanga faoi láthair. Tá sé thar a bheith deacair a bheith dóchasach faoi, ach ar an láimh eile, bhí na daoine a tháinig isteach go dtí seo ar fheabhas. Rinne daoine atá thar a bheith buartha cur i láthair maith anseo, agus tá muid sásta leis an méid sin,” a dúirt sí.

Tá an Taoiseach ina chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Rialtais, an coiste rialtais a phléann leis an Straitéis 20 Bliain. Dúirt sé le déanaí nach mbeadh aon fhadhb aige teacht os comhair an choiste ach an t-am a bheith aige chuige.

Fág freagra ar 'Ceithre chuireadh nár ghlac sé leo faighte ag an Taoiseach ó Choiste Gaeilge an Oireachtais'