Ceisteanna i gcónaí faoi Birmingham agus Kingsmills

Tá oidhreacht na dTrioblóidí go mór i mbéal an phobail le seachtain anuas d’ainneoin neamhshuim na bpolaiteoirí

Birmingham Six celebrate victory

Bhí oidhreacht na dTrioblóidí go mór i mbéal an phobail le seachtain anuas d’ainneoin neamhshuim Stormont inti. 40 bliain i ndiaidh an tsléachta ag Kingsmills, inar mharaigh an tIRA deichniúr oibrithe, fuair gaolta na marbh deis a dhul sa tóir ar fhíricí ag ionchoisne.

Anuas air sin chinn cróinéir i Sasana go gcuirfeadh sí tús le héisteachtaí faoi bhuamáil na dtithe tábhairne i Birmingham i 1974, buamáil inar mharaigh an tIRA duine is fiche agus inar gortaíodh os cionn 180 duine eile.

Tá eolas ar an dá uafás sin ag daoine nach bhfuil suim ar bith acu sa choimhlint i dTuaisceart Éireann, cuid acu nár rugadh go ceann blianta ina ndiaidh. Go fiú i measc ionsaithe a chothódh sceon agus damnú astu féin, tharraing na heachtraí sin míchlú sa bhreis.

Tá eachtraí Birmingham sna téacsleabhair dlí i ngeall ar an iomrall ceartais a bhain le ciontú sheisear Birmingham a chaith seacht mbliana déag i bpríosún san éagóir. Tharraing iompar na bpóilíní droch-cháil orthu féin agus mímhuinín i riar na córa gan blas maitheasa a dhéanamh do na híobartaigh.

Tá Kingsmills sna hannála mar gur ionsaí seicteach amach is amach a bhí ann; i gcruthúnas air sin ordaíodh don duine amháin ar bhus na n-oibrithe a bhí ina Chaitliceach bailiú leis sular lámhachadh an 11 eile. Ba é Alan Black an t-aon duine díobh a mhair cé go raibh sé gortaithe go dona ó scaoileadh 18 piléar leis. Anois, agus cor nua sa scéal tá amhras ar roinnt daoine faoi chumas na bpóilíní, an RUC agus an PSNI.

Ní raibh an coiste cróinéara faoi Kingsmills ach cúpla lá i mbun oibre sa Chúirt cois Lagáin i mBéal Feirste nuair a tháinig na póilíní ar fhianaise nua. Bhí a fhios ag na teaghlaigh le blianta go bhfuarthas lorg láimhe ar veain inar éalaigh na fir ghunna ón IRA a bhí freagrach as an ionsaí. Cibé cúis atá leis –dul chun cinn sa dlí-eolaíocht fhóiréinseach nó loirg nua a bheith tógtha ó dhaoine ar chúis éigin eile – d’inis an PSNI don chróinéir, do ghaolta agus do dhlíodóirí go raibh an lorg láimhe aitheanta acu ar deireadh.

Ní nach ionadh d’fháiltigh na gaolta roimh an bhfaisnéis nua ach bhí cuid acu amhrasach. Conas a tharla sé? Nár thráthúil go bhfaighfí faisnéis nuair a bhí ionchoisne ar siúl tar éis na mblianta fada a bhí caite á éileamh? An gcuirfeadh sé srian ar an gcoiste cróinéara? An mbeadh toradh ar bith air? An gcaithfidís cur suas lena thuilleadh moille?

Ní raibh freagra ar an ceisteanna sin le fáil ón PSNI ná ón Aire Cirt nuacheaptha, Claire Sugden.

Comhtharlúint é gur ag an am céanna a d’fhógair Louise Hunt, cróinéir sinsir Birmingham agus Solihull, go raibh an t-ionchoisne faoi na buamaí in dhá theach tábhairne i Birmingham i 1974 á athoscailt aici mar go raibh eolas tábhachtach nua faighte aici. Níor ghlac sí le líomhaintí go raibh a fhios ag na húdaráis faoin scéal roimh ré ná gur chosain siad gníomhaire san IRA maidir leis na hionsaithe ar The Mulberry Bush agus The Tavern in the Town.

Ach dúirt sí go raibh fianaise ann gur theip ar phóilíní West Midlands gníomhú faoi fholáireamh go raibh ionsaithe á bpleanáil. Scrúdófar é sin. Chomh maith leis na gaolta, beidh suim mhór ag seisear Birmingham agus eagraíochtaí cearta daonna sna héisteachtaí seo.

Cheal fiosruithe éifeachtacha nó fiosruithe neamhspleácha poiblí ’siad na hionchoisní an bealach is fearr atá fágtha ag íobartaigh le dul sa tóir ar chuid éigin den fhírinne. Bhí sé sin soiléir sa bhfiosrú faoi cheannas an bhreithimh Reg Weir i mBéal Feirste le déanaí. De bharr an eolais a bailíodh sa bhfiosrú sin, d’éiligh an Príomh-Bhreitheamh Declan Morgan go n-iarrfadh Stormont ar an mBreatain airgead (atá curtha i leataobh chun déileáil le hoidhreacht na dtrioblóidí) a scaoileadh chuige le haghaidh coistí cróinéara. D’fhógair Arlene Foster, le mórtas, i rith díospóireachta roimh an toghchán gur dhiúltaigh sise an t-iarratas a dhéanamh mar nach raibh dóthain airde ar ‘innocent victims’ agus iomarca cúraim á dhéanamh de chásanna a bhain le fórsaí an stáit. Ní dhearna Sinn Féin aon ghearán faoi iompar Foster, rud a ghoill ar a lán.

Gan dabht fáiltíonn an Chéad-Aire Foster roimh ionchoisní faoi uafáis an IRA ag Kingsmills agus i Birmingham. Cé nach bhfáilteodh, cé is moite den IRA?  Tá súil le toradh sásúil ar an dá ionchoisne agus faoiseamh éigin do ghaolta. Agus tá an tseirbhís chéanna dlite do gach saoránach, más paraimíleataigh nó fórsaí stáit a bhí ciontach i ngortú agus bás.