Cúrsa céime sa Ghaeilge saor in aisce ar líne le tosú ag DCU

Táthar ag súil go mbeidh Massive Open Online Course sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann ar fáil saor in aisce ar fud an domhain ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath an bhliain seo chugainn

Cúrsa céime sa Ghaeilge saor in aisce ar líne le tosú ag DCU

Tá cúrsa nua céime sa Ghaeilge agus i gcultúr traidisiúnta na hÉireann á fhorbairt ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire a mbeidh fáil air saor in aisce ar líne ar fud an domhain.

Is Cúrsa Oscailte Ollmhór Ar Líne, nó Mooc (Massive Open Online Course), a bheidh i gceist leis an gcúrsa nua, atá ag fáil tacaíochta ó Roinn na Gaeltachta, agus táthar ag súil go mbeidh sé ar fáil “go luath” in 2018. Céim ab initio a bheidh sa chúrsa nua, rud a chiallaíonn nach gá aon staidéar a bheith déanta ag duine ar an nGaeilge chun tabhairt faoi.

Tá cúrsaí Mooc go mór i mbéal an phobail acadúil le tamall agus tuairimí éagsúla ag lucht léinn faoin gcur chuige nua seo i gcúrsaí oideachais. Tá cúrsaí Mooc curtha ar fáil cheana féin ag ollscoileanna ar fud an domhain.

D’fhéadfadh os cionn 100,000 mac léinn a bheith i mbun cúrsa Mooc agus d’fhéadfadh na mic léinn sin a bheith áit ar bith ar domhan ach ceangal idirlín a bheith acu ionas go mbeidh siad in ann breathnú ar fhíseán ar-líne de léacht ollscoile. Tugtar cúrsaí “ollmhóra” ar na cúrsaí toisc nach bhfuil aon teorainn leis an líon mac léinn is féidir a chlárú leo. Chláraigh 150,000 mac léinn ar líne le cúrsa sa leictreonaic a chuir MIT ar fáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bíonn cúrsaí Mooc ar fáil saor in aisce, an buntáiste is mó a luaitear leo. I measc na mbuntáistí eile a luaitear leis na cúrsaí MOOC tá líon na ndaoine ar féidir a chlárú leo agus an tslí a dtarraingíonn siad mic léinn ar fud an domhain le chéile.

Ach táthar ann freisin atá go mór in amhras faoi chúrsaí Mooc. Deirtear go mbíonn sé an-deacair plé agus díospóireacht cheart a chur ar bun má bhíonn 150,000 duine ag glacadh páirt sna cúrsaí ar líne, agus nach bhfuil aon chomparáid idir fóraim agus seomraí cainte agus an seomra ranga.

Léiríodh i dtuarascáil a rinneadh faoi chúrsaí Mooc nach gcríochnaíonn 90% de mhic léinn Mooc a gcúrsaí.

Tá deacrachtaí ann freisin a bhaineann le maoin intleachtúil agus le cúrsaí airgeadais, go háirithe nuair a bhogann léachtóir ó institiúid oideachais amháin go hinstitiúid oideachais eile.

Tá imní ann freisin faoin tionchar a bheidh ag na cúrsaí Mooc ar an saol acadúil trí chéile. Maítear dá mhéid cúrsaí Mooc a thosófar gur lú na léachtóirí agus na hollúna a bheidh ag teastáil agus gurb é an toradh a bheidh air sin faoi dheireadh ná díothú an oideachais féin.

Fág freagra ar 'Cúrsa céime sa Ghaeilge saor in aisce ar líne le tosú ag DCU'

  • MaryMargaret ui Ghionnàin

    Bheadh an spèis agamsa anseo

  • Helena Carey

    Bheadh suim mhór agam

  • Liz Morris

    Agus agamsa

  • Peadar S

    Mise chomh maith! :)

  • Séamus Mac Chonfhormaoile

    Seo dea-scéal ar fad agus más maith is mithid. Suim mhór agamsa.

  • Pádraigín ní Mhaonaigh

    Iontach ar fad –

  • Padraig O hAinle

    Bheadh suim mor agam

  • Aj o maille

    Ta suim agam sa cùrsa Seo.

  • noelle buckley

    Go h-iontach! Mise freisin ☘️♥️??

  • Aindí Mac An Táilliúra

    Ba bhreá liom a seo a dhéanamh!

  • Rebecca nugent

    At fheabhas!

  • Ciara

    Bheadh suim mhór again freisin

  • Art

    Dea-scéal agus brostaigh ort Fhoireann Ollscoil Mhá Nuad a bhí ina gceannródaí sa áit seo le blianta anuas. Ba mhaith liom leachtaí cur le TEG agus ViFAX le feiscint ar líne go luath.

  • Amanda Stiobhaird- Mac Giolla Eáin

    Thar Cionn

  • Geróid Mac Giolla Fháoláin

    Ar fheabhas

  • Brian Anthony Farrelly

    Tá suim agam sa chursa seo. An bhfuil eolas breise le fáil?

  • P. O laimhin

    Síomha agam Ann cinnte

  • J. Delaney

    Cé go ndearna mé céim sa Ghaeilge cheana féin, bheadh suim agam ann: b’fhéidir go mbeidís ag clúdach leabhair eile sa chúrsaí agus is féidir liom ceapadh faoi 2-3 de mo chairde a mbeadh suim acu ann gan amhras. Smaoineamh iontach amach is amach é agus tá súil agam go mbeidh gach cúrsa mar seo lá éigin.

  • Soracha Nic Pháidín

    Mise freisin. Beidh an suim agamsa an chúrsa seo a dhéanamh

  • Séamus Mac ConMara

    Bhéad suim agam ann.

  • Bríd Ni Ghachàin

    Ba mhaith liom a seo a dhéanamh!

  • Áine Nic Oireachtaí

    Bhéad suim agam ann

  • Roibeárd

    An suim agamsa chomh maith

  • Zabourou Dembélé

    Je suis intéressé