Cé a shéidfidh an t-idirlíon san aer, má bhíonn gá leis sin amach anseo?

Agus néalta dorcha an fhaisisteachais ag bailiú os cionn an domhain, tá imní ar ár gcolúnaí faoina bhfuil sna néalta eile úd, na cinn dhigiteacha…

Cé a shéidfidh an t-idirlíon san aer, má bhíonn gá leis sin amach anseo?

Ar an 10 Bealtaine 1940, nuair nach raibh arm na Gearmáine ach tar éis teorainn na hÍsiltíre a thrasnú, scrios triúr Ollannach cartlann thábhachtach san Háig.

Is éard a bhí sa chartlann sin ná ainmneacha agus seoltaí baile bhaill uile an NWHK, cumann do dhaoine aeracha agus leispiacha. Bunaíodh an eagraíocht sin thiar sa bhliain 1912 agus bhí sí ar cheann de na chéad chinn dá leithéid ar domhan. Ba mhaith a thuig an triúr fear (bhí bunaitheoir an chumainn ina measc) go ndéanfadh na Naitsithe géarleanúint ar homaighnéasaigh, agus gurbh fhearr fáil réidh leis an mbunachar ballraíochta.

Níl dabht ar bith faoi ach gur shábháil a ngníomh fadradharcach beatha go leor daoine.

Is minic a bhíonn an triúr fear sin ar m’aigne le deireanas. 

Sa lá atá inniu ann, ní ar chártaí ballraíochta fisiciúla a dhéantar ár gcuid sonraí pearsanta a stóráil, ach i mbunachair dhigiteacha i néalta eolais a bhíonn ar foluain áit éigin idir neamh agus talamh, nó sin a shamhlaítear dúinn. Ar ‘fheirmeacha freastalaithe’ a bhíonn na néalta sin i ndáiríre. 

D’fhéadfadh sé go bhfuil níos mó sonraí fúinn sna néalta sin ná mar ba mhaith linn. Ag ceapadh gur sna leabhair staire a d’fhanfadh púcaí na staire agus go raibh muid slán sábháilte i saol teolaí liobrálach ár nDomhain Thiar, thug muid – agus tugaimid – uainn eolas leochaileach pearsanta nach dtabharfadh ár sinsir uathu go brách. Ar eagla na míthuisceana, ní daoine LGBT amháin atá i gceist agam nuair a deirim sin. Aon duine a bhfuil cuntas Facebook, Twitter, Instagram nó eile aige, tugann sé uaidh eolas faoina stíl bheatha, agus go deimhin faoina chlaonadh polaitiúil, gan stad gan staonadh – agus go minic i ngan fhios de féin. Duine ar bith a mbíonn guthán cliste ar iompar aige, bíonn a fhios ag ollchomhlachtaí príobháideacha cá mbíonn an duine sin. Bunaithe ar phatrúin laethúla agus ar chuardaigh idirlín an duine sin, bíonn tuairim réasúnta ag na comhlachtaí sin céard a bhíonn ar bun aige.

Focal spéisiúil é ‘idirlíon’, i nGaeilge, i mBéarla, agus in go leor teangacha eile. Samhlaímid gréasán a cheanglaíonn daoine lena chéile.

Ach cuir ceist ar iascaire céard is brí leis an bhfocal ‘líon’?

Agus néalta dorcha ag bailiú os cionn an domhain, luíonn sé le loighic go n-éireoimis buartha faoi na néalta eile sin, na cinn dhigiteacha. Dia idir sinn agus an drochrud, ach cá bhfios nach fada uainn an lá gur chun ár leasa féin a bheadh sé na bunachair sonraí sin lán eolas leochaileach fúinn a scriosadh.

Ach rith sé liom, agus mé ag machnamh faoin triúr saoránach sin a scrios an chartlann úd san Háig fadó, go mbeadh sé ionann is dodhéanta gníomh dá leithéid a chur i gcrích sa lá atá inniu ann.

Bheadh ar dhuine an t-idirlíon ar fad – is é sin le rá, an t-infreastruchtúr fisiciúil a chuireann ar a chumas feidhmiú – a shéideadh san aer. Má bhíonn gá lena leithéid amach anseo, cé a dhéanfas an beart?

Tá rud amháin cinnte.

Níor leor triúr.