Cé a líonfaidh an dá chathaoir le Nua-Ghaeilge, in Má Nuad agus Gaillimh?

Tá Ollúna le Nua-Ghaeilge le ceapadh in dhá ollscoil, ceapacháin a mbeidh tionchar acu ar léann na Nua-Ghaeilge féin. Seo dearcadh ó dhuine ar an taobh istigh

Cé a líonfaidh an dá chathaoir le Nua-Ghaeilge, in Má Nuad agus Gaillimh?

Dhá chathaoir le Nua-Ghaeilge a líonfar in aicearracht, Má Nuad agus Gaillimh. Gan iomrá ar fholúntais mhóra mar seo go ceann na mblianta fada agus tig beirt i gcionn a chéile. Chan iontas ar bith go bhfuil scoláirí ag amharc go faichilleach ar na poist seo. Chan amháin go bhfuil tuarastal mór ag gabháil leis an ghradam ach bíonn tionchar measartha ag na ceapacháin ar léann na Nua-Ghaeilge féin.

Is doiligh a mhíniú cad é atá i gceist leis an Nua-Ghaeilge. Cás bocht atá inti: teanga, téacsaí agus litríocht ó Acallamh na Senórach anall a bhíodh mar bhunús léi tráth.

Ach tá speisialtóireacht chomh mion sin á cleachtadh anois sa dóigh is nach dtig le haon scoláire amháin a bheith ina mháistir nó máistreás ar an cheird uile. Amaidí atá ann a bheith ag dréim leis sin ar an tsaol seo.

Sin fréamh an achrainn. Gheibhtear na scoláirí teanga agus téacsa agus lucht teangeolaíochta lena chois siúd. Feidhm le tréimhsí staire, modhanna oibre mar a bheadh fálta seicteacha. Muintir na nualitríochta, léann an chultúir astu féin, na scoláirí a phléann leis an Ghaeilge stairiúil mar scaifte eile. Treibh eile fosta bunadh na Sean-Ghaeilge ar luaithe acu an Béarla ná an Ghaeilge féin. Is measa na caismirtí idir scoláirí na sochtheangeolaíochta ná an briatharchath is nimhní as measc na mórscoláirí téacsúla.

Brainsí léinn iad seo a bhíonn ag críochantacht lena chéile ach tá moll scéaltaí fá phearsaí móra léinn fá chleith an tí chéanna nach dtiocfadh leo a bheith ag oibriú le chéile. Scoith taighdeoirí a d’oibir ar ábhar sainspéise, a rinne teagasc agus riarachán, a thug léachtaí poiblí, a chuir leabhraí, altanna agus eile i gcló, a tharraing airgead mór deontais cionn is nach mbeidís ar an neamhacra nuair a thigeadh an duais mhór chun cinn.

Agus thiocfadh le ceapachán in institiúid amháin tionchar millteanach a bheith aige ar an earnáil uile. Tá lucht na Nua-Ghaeilge Moiche go mór i dtreis anois. Cluinfidh tú lucht teangeolaíochta ag rá gur arcán an bhalláin deiridh iad. Ag lucht na dtéacsaí atá an léann dá mbeadh aird orthu. Toisc go bhfuil lear mór mac léinn agus scoláirí sármhaithe nualitríochta anois ann tá a solas siadsan ag éirí fann. Chan ar an Ghaeilge bheo atá meas agus gradam san am i láthair ach an traidisiún coimeádach agus scoláireacht Bhéarla.

Is ag muintir Ollscoil Mhá Nuad a bheas an chéad rogha. Ghníomhaigh siad iontach gasta nuair a d’imigh Ruairí Ó hUiginn go dtí Scoil an Léinn Cheiltigh. Tuigtear go bhfuil cúigear cróga i ndiaidh cur isteach ar an phost. Post a bhfuil dhá thuarastal ag gabháil leis, dála an scéil, A nó B.

Más ollamh B thú beidh do thuarastal mór ag toiseacht ag €78,000. Más ollamh A thú beidh €106,000 agat de thairbhe na trioblóide. Uachtarán na hollscoile a shocrós do ghrád! Tá Meidhbhín Ní Úrdail agus Regina Uí Chollatáin, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, luaite as measc an lucht iarratais. Scoláirí iad a bhfuil scaipeadh fada leitheadach ar a gcuid foilseachán, ach eiseamláir iad beirt den scaradh idir an sean agus an nua.

Ní thig scéal ollúnacht na Nua-Ghaeilge san ollscoil ghaelach i nGaillimh a chreidbheáil. Scrúdú Gaeilge le déanamh ag na hiarrthóirí ach agallamh Béarla. Bunadh na nualitríochta curtha ar lagchuidiú, bord meánaoiseoirí ceaptha le hagallamh a chur orthu. An mbeadh staidéar déanta acu ar shaothair le Brian Ó Conchubhair, Ollscoil Notre Dame, Pádraig De Paor, Coláiste na Tríonóide, Rióna Ní Fhrighil, OÉ, Gaillimh, Fiontán De Brún, Ollscoil Uladh, nó fear Léann na hÉireann i nGaillimh Louis De Paor?

D’fhéadfadh gur buille é leagan amach an bhoird agallaimh fosta do sheansanna sochtheangeolaithe conspóideacha amhail Conchúr Ó Giollagáin agus scoláirí breátha eile atá ag obair sa réimse chéanna, Tadhg Ó hIfearnáin, Ollscoil Luimnigh, agus John Walsh, OÉ, Gaillimh.

An gcuirfí le seansanna na dteangeolaithe stairiúla? Cá bhfios nach mbeadh dúil ag Peadar Ó Muircheartaigh, Ollscoil Aberystwyth, Peter McQuillan, Ollscoil Notre Dame, nó Mícheál Ó Flaithearta, Ollscoil Utrecht, pilleadh ar Éirinn?

An mbeadh misneach ag scoláirí na nAmhrán a n-ainmneacha a chaitheamh san fháinne – Lillis Ó Laoire, OÉ, Gaillimh, Tríona Ní Shíocháin, Ollscoil Luimnigh, nó Síle Denvir, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath? An dtiocfadh borradh faoi iarratais ó na scoláirí téacsúla –Deirdre Nic Mhathúna, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Gordon Ó Riain, Ollscoil Luimnigh agus Niamh Ní Shiadhail, Ollscoil Uppsala? Thiocfadh le scoláirí eile a bhfuil taithí mhór riaracháin acu fosta cur isteach ar an phost, leithéidí Malachy Ó Néill, Ollscoil Uladh.

Cé aige nó aici a bheas an lá i Má Nuad agus Gaillimh?

Is doiligh a rá cionn is go mbíonn, i gcead do Donald Rumsfeld, go leor rudaí i gceist i gcásanna mar seo, rudaí is eol dúinn iad agus gur eol dúinn gur eol dúinn iad, rudaí is eol dúinn nach eol dúinn iad agus rudaí nach eol dúinn agus nach eol dúinn nach eol dúinn iad.

Tá fad á chur leis na sonraíochtaí poist i dtólamh ach tchí Dia gurbh fhearr dá mbeadh meas ar mhodh sochaideartha, siosmaideach ná uaillmhian araiciseach. Tá aon ní amháin sa tsaol nach dtig a leigheas – díchéillí– agus is iomaí ollamh a déarfadh gur críonna iad na scoláirí arbh fhearr leo saol suaimhneach a chaitheamh ná callán is comórtas.