CATHAL MAC COILLE: An Breatimeacht – ‘Cnoic oighir? Coinnímis orainn, ar ardluas!’

Tá an idirbheartaíocht faoi Bhreatimeacht ag tosú, agus gan fiú seachtain caite ag Leo Varadkar ina Thaoiseach

CATHAL MAC COILLE: An Breatimeacht – ‘Cnoic oighir? Coinnímis orainn, ar ardluas!’

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Bhí a fhios ag an Taoiseach nua sular toghadh é go mbeadh dhá ábhar – an Breatimeacht agus athbhunú roinnt na cumhachta i dTuaisceart Éireann – ar bharr a chláir oibre láithreach. Bhí a fhios aige freisin go mbeadh an dá ábhar sin ag teacht sna sála ar a chéile, díreach mar a tharla.

Dá mbeadh a rogha aige, b’fhearr le Taoiseach nua ar bith go mbeadh deis aige cúpla lá ar a laghad a chaitheamh ag éisteacht le comhairle na státseirbhíseach sinsearach atá ag déileáil le cúrsaí tábhachtacha. Faraor, ní raibh aon dul as ag Varadkar ach dul i mbun oibre ar an toirt.

Phléigh sé an Breatimeacht agus cúrsaí an Tuaiscirt ar an bhfón Déardaoin le Theresa May, Emmanuel Macron agus Angela Merkel. De réir an ráitis a d’eisigh an dá thaobh tar éis an chomhrá le May, gheall an príomh-aire tacaíocht dhiongbháilte do chomhaontú Aoine an Chéasta.

Cuireadh dlús leis an bplé thuaidh-theas Dé hAoine nuair a tháinig ceannairí an DUP agus Shinn Féin chun cainte leis an Taoiseach nua. Ach is sa Bhruiséil Dé Luain a thosóidh an idirbheartaíocht is cinniúnaí agus is contúirtí don oileán seo.

Glacadh leis ar feadh i bhfad nach dtosódh an idirbheartaíocht dháiríre idir ionadaithe an Aontais Eorpaigh agus an Ríocht Aontaithe go dtí go mbeadh Seansailéir agus rialtas nua tofa sa Ghearmáin i mí Mheán Fómhair. Bhí an tuairim sin bunaithe ar bharúil go mbeadh aidhmeanna agus cur chuige na Breataine soiléir faoin am sin.

Is léir do chách anois, nó is léir do gach duine taobh amuigh den Ríocht Aontaithe ar a laghad, nach bhfuil straitéis shoiléir ar bith ag rialtas na tíre sin agus an idirbheartaíocht ag tosú.  Is leor sampla amháin mar léiriú ar laigí agus ar bhearnaí chur chuige an rialtais i Londain.

No deal is better than a bad deal,’ a dúirt Theresa May go minic le linn an fheachtais toghcháin. Ach nuair a chuaigh a Rúnaí Breatimeachta David Davis os comhair coiste parlaiminte i Westminster dhá mhí ó shin, d’admhaigh sé nach raibh meastachán ná staidéar rialtais ar bith déanta ar an gcás a bheadh ann dá dtarlódh go dteipfeadh ar an idirbheartaíocht.

Dúirt an t-iar aire Liobrálach Vince Cable (a chaill a shuíochán i Westminster in 2015, ach a toghadh arís i mbliana) leis an scríbhneoir seo le gairid go raibh dearcadh rialtas na Breataine ar Bhreatimeacht cosúil le modh oibre chaptaen an Titanic. Dar leis nach dtabharfaí aird ar bith ar chomhairle ná ar fhainic ar bith. ‘Cnoic oighir? Coinnímis orainn, ar ardluas!’

Dá mbeadh stuaim i réim, chuirfeadh an rialtas i Londain moill ar an gcaint dháiríre sa Bhruiséil, ar a laghad go mbeadh Seansailéir nua i gceannas i mBeirlín. Ach is léir an chontúirt go gcuirfear brú ar ionadaithe na Breataine siúl amach as seomra na gcomhráite má iarrtar orthu 30 billiún nó 50 billiún nó níos mó a íoc mar choinníoll réitigh leis an AE.

Ní oirfeadh teip dá leithéid do Leo Varadkar ná d’Arlene Foster. Ní theastaíonn teorainn ‘chrua’ ó cheachtar ceannaire. Tá an bheirt ag teannadh le tréimhse chinniúnach, agus gan taithí ag ceachtar acu ar an ngéariomaíocht atá rompu.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.