Cáineadh déanta ag iarrthóir toghcháin de chuid Shinn Féin ar pholasaí oideachais an DUP

Dúirt Rosie McCorley, iarrthóir Shinn Féin do Bhéal Feirste go raibh seasamh a DUP “as alt” le tuairim an phobail i leith an Ghaeloideachais agus nach bhfillfear ar an “leithcheal” a dhéantaí air

McorleyTá cáineadh géar déanta ag iarrthóir toghcháin de chuid Shinn Féin ar pholasaí nua oideachais an DUP a deir go rachaidh an páirtí i ngleic leis an “gcóir fhabhrach” atá á tabhairt do Ghaelscoileanna agus scoileanna nua á dtógáil.

Dúirt Rosie McCorley, iarrthóir Shinn Féin do Bhéal Feirste go raibh seasamh an DUP “as alt” le tuairim an phobail i leith an Ghaeloideachais agus nach bhfillfear ar an “leithcheal” a dhéantaí air.

“Léirigh os cionn 95% díobh sin a d’fhreagair an próiseas deiridh comhairliúcháin ar Acht Teanga meon i leith na Gaeilge sa phobal atá i bhfad níos dearfaí ná an meon atá á léiriú ag ceannairí aontachtacha.

“Tá sé fíor-aisteach go mbeadh duine ar bith ag iarraidh na cosa a bhaint de chuid d’earnáil an oideachais a bhfuil an rath is mó uirthi le 30 bliain anuas. Tá buntáistí an dátheangachais léirithe go maith. Tá na torthaí a thagann ó earnáil an Ghaeloideachais thar barr,” a dúirt sí.

Dúirt sí nach mar gheall ar “chóir fhabhrach” a thugtar maoiniú don Ghaelscolaíocht ach mar gheall ar an éileamh mór atá ar an gcineál sin oideachais agus mar gheall ar an easpa infheistíochta a rinneadh ann le blianta fada.

“Bhíodh sé coitianta go maith, faoin rialú díreach ón mBreatain, nach dtugtaí maoiniú do scoileanna agus go mbíodh páistí á múineadh i gcóiríocht nach raibh sách maith, déanta na fírinne. Ní fhillfear ar na laethanta sin,” a dúirt sí.

Idir an dá linn, tá a cuid tacaíochta tugtha ag ball eile de Shinn Féin, an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada, do Chonradh na Gaeilge agus an cás cúirte atá le glacadh acu i gcoinne Fheidhmeannas Stormont.

D’fhógair an Conradh ag tús na seachtaine seo go bhfuil cás á ghlacadh acu mar nach bhfuil a ndualgais i leith na teanga á gcomhlíonadh ag an bhFeidhmeannas. Deir an Conradh gur sárú ar dhualgais reachtúla an Fheidhmeannais é nár ghlac an Feidhmeannas go fóill le Straitéis na Gaeilge 2015-2035.

Ag labhairt di i gCorcaigh inné, dúirt an Ní Riada go “leanfaidh sí [uirthi] ag tacú leis an Aire Ní Chuilín agus leis an gConradh agus iad ag lorg tacaíochta, aitheantais agus cothromaíochta” do phobal na Gaeilge.

“Leanfaidh Sinn Féin ag gníomhú i gcoinne an leithcheal i dtaobh na Gaeilge, in Éirinn agus san Eoraip. I gcomhpháirtíocht leis an Líonra Eorpach um Comhionannais Teanga (ELEN) beidh Éisteacht Teanga i bParlaimint na hEorpa á chur i láthair agam an 1 Meitheamh.

“Beidh béim ar leith ar chur chun cinn, cosaint agus cothromaíocht na Gaeilge agus teangacha neamhfhorleathana na hEorpa. Tá sé thar am toil agus gníomhú polaitiúl i dtaobh na Gaeilge a fheiscint ó gach páirtí,” a dúirt Ní Riada.