Bua do Trump, don daonlathas agus do chearta an phobail a bhí ann

Is suarach an bealach atá le cuid de na daoine agus iad ag déanamh beagán de thuiscint dreamanna eile sa bpobal

Bua do Trump, don daonlathas agus do chearta an phobail a bhí ann

Bhí bua mór ag an daonlathas i Stáit Aontaithe Mheiriceá inné.   Bhí idir thráchtairí, lucht pobalbhreitheanna agus daoine léannta ag fógairt gur ag Hillary Clinton a bheadh an bua i dToghchán na hUachtarántachta.  Bheadh cuid mhór de na meáin chumarsáide ag taobhú léi agus bheidís siúd a chreideann go bhfuil scil ar leith acu sa saol agus sa bpolaitíocht ag súil gur aici a bheadh an geall.   Chaith Hillary Clinton féin amhras ar stuaim agus ar intleacht chuid de na daoine a bhí ag tacú le Donald Trump le linn an fheachtais.   

Ach bheadh lá eile ag an bPaorach agus ag an ‘basket of deplorables’, faoi mar a thug sí ar chuid de lucht tacaíochta Trump.

Shocraigh na milliúin Meiriceánach go raibh a fhios acu féin cé acu iarrthóir ab fhearr leo agus beag beann ar an sruth poiblí a bhí ina n-aghaidh, thugadar a gcuid vótaí do Donald Trump.  Choinnigh siad le ráiteas stairiúil Abraham Lincoln:  ‘Government of the people, by the people, for the people’.  Ní Rialtas bunaithe ar thuairimí na dtráchtairí a bhí i gceist ag Lincoln.

Ach an ndearna pobal Mheiriceá an socrú ceart aréir?  Sin ceist eile. ’Sí an aimsir a thabharfaidh freagra uirthi – má thugann.

Dúirt Churchhill gur drochchóras é an daonlathas nó go rachaidh tú i muinín chuile chóras eile acu.  Toil na ndaoine, bíodh sé ceart nó contráilte atá i gceist; vótaí caite faoi rún agus gan fuacht ná faitíos ar an saoránach. 

Is suarach an bealach atá le cuid de na daoine agus iad ag déanamh beagán de thuiscint dreamanna eile sa bpobal.  Bhí sé amhlaidh i Meiriceá an iarraidh seo –  cén chaoi, a dúradh liom go minic le linn an fheachtais seo sna Stáit, a mbeadh daoine chomh craiceáilte agus go dtabharfaidís vóta do Donald Trump?   Cuireadh branda ar na daoine seo. Daoine nach raibh mórán eolais ná mórán ‘oideachais’ orthu a bhí imithe ar an bhfánaíocht seo, a dúradh.   Sa taobh ó dheas den tír is minice a bheadh fáil ar na ‘blocáin’ seo, de réir scéil.     

Ní sna Stáit amháin atá an leagan amach seo ag daoine. 

Nuair a vótáil pobal na Breataine go n-imeoidís as an Eoraip, dúirt tuilleadh daoine léannta gur dream as tuaisceart Shasana ba chiontach leis an gcinneadh, daoine nach raibh eolas ceart acu. 

Go deimhin, tosaíodh cineál feachtas inar moladh go reáchtálfaí an phobalbhreith sa mBreatain arís sa chaoi agus go mbeadh deis ag na hamadáin vóta ‘ceart’ a chaitheamh agus an toradh a athrú.

Ar ndóigh, níl muid saor anseo.

Bíonn an-chraic ag dream áirithe ar an gcaoi a dtoghtar Michael Healy-Rae agus Jackie Healy-Rea.  Ní thuigeann an dream seo, ach an oiread, cén chaoi a n-éiríonn chomh maith sin le Michael Lowry i dTiobraid Árann.  Daoine ‘áitiúla’ aineolacha a bheadh ag vótáil ar an gcaoi sin!

Bhí, ar ndóigh, an t-am ann nár tugadh vóta ach dóibh siúd a raibh maoin agus airgead acu.  Ach, de réir a chéile, buíochas le Dia, tugadh seans do chuile dhuine a lámh féin a chur sa gcóras, an vóta dlisteanach agus daonlathach sa gcuid seo den domhan. 

Is féidir a dhul níos doimhne sa scéal agus fiafraí cén t-údar a gcaitheann daoine a gcuid vótaí ar bhealaí áirithe.  Deireadh Micheál Ó Móráin, as Carna i gConamara,  a bhí tráth ina Chomhairleoir Contae agus ina bhall de phainéal toghcháin Raidió na Gaeltachta, gur vótaí in aghaidh duine éigin eile a bheadh sa gcuid is mó de na vótaí a gheofá.    Seans gurb í vótáil Chonamara a bhí i gceist ag Micheál ach sa deireadh thiar thall b’fhéidir gur beag difríocht atá ann ar fud an tsaoil. Agus Meiriceá aréir san áireamh. 

Ach sin leas dlisteanach bainte as an gcóras daonlathach freisin.    

Agus an raibh sé de cheart ag pobal Mheiriceá Donald Trump a chur sa Teach Bán le fonn nó le mífhonn?  Is léannta an té a déarfadh nach raibh.  An ndearna siad botún?  Déarfadh daoine léannta go ndearna agus b’fhéidir go bhfuil an ceart acu.  Ach, rinne muid féin corrbhotún anseo in Éirinn ag roghnú polaiteoirí  agus bhí míle beag fiosrúchán (costasach) againn go bhfeicfeadh muid cá ndeachaigh muid amú ag riaradh na tíre.

Níl tír gan locht, níl saoi gan locht agus is cinnte nach bhfuil an daonlathas gan locht.

Sin sula rachfar i muinín na gcóras eile.