‘Caithfidh an ubh a bheith te, nó ní thiocfaidh an dragan amach’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tá séasúr an ghoir buailte linn agus an Cailín Mór Beag ag tabhairt togha na haire dá hubh dragain

Bridget ubh

‘Is mise an Cailín Mór Beag, máthair na ndragan, an té a shiúil isteach sa tine is a tháinig slán, ceannaire ridirí My Little Ponies, banríon chúinne na mbréagán, boss nua an tí seo,’ a dúirt sí agus í ag rith isteach an doras.

Seans nach bhfuil sé agam focal ar fhocal, ach bhí a fhios agam gurbh é sin a bhí i gceist aici nuair a dúirt sí, ‘Mamaí, breathnaigh, breathnaigh, fuair mé ubh dragain ag an abhainn.’

Chonaic mé rud éicint a bhí an-chosúil le hubh ina láimh aici agus í á crochadh in airde os a cionn mar a bheadh corn Sam Mhic Uidhir aimsithe ar bhruach na habhann aici agus í á iompar abhaile go caithréimeach.  

Bhí a fhios agam go mbíonn na lachain is na healaí ar gor an t-am seo den bhliain, ach ní raibh tada ar eolas agam faoi nósanna na ndragan. ‘An bhfuil cead agam breathnú uirthi?’ a d’fhiafraigh mé di.

Shín sí amach a lámh agus chonaic mé an ubh bheag chloiche leagtha ar a bois. Bhí sí thart ar an méid céanna le hubh lachan. Ní fhéadfainn a rá go cinnte nach ubh dragain a bhí inti.

‘Tá súil agam nach dragan dána a bheidh ann,’ a dúirt mé léi. Níor fhreagair sí mé.  Ag súil le dragan chomh fíochmhar is a bhí trácht air riamh a bhí sise, sílim. Bhailigh sí ceirteachaí le chéile agus rinne nead don ‘ubh’ istigh i gcoirnéal na cistine. ‘Caithfidh sé a bheith te,’ a dúirt sí, ‘nó ní thiocfaidh sé amach.’

Thosaigh sé ina ghleadhradh taobh amuigh. Bhreathnaigh mé amach agus chonaic clocha móra sneachta ag titim. An bhféadfadh go raibh an geimhreadh ag teacht arís? Leag mé lámh ar an téitheoir, bhí sé te, ach an raibh sé sách te le hubh dragain a ghoradh? Chas mé síos an teas agus d’oscail an doras, ar fhaitíos na bhfaitíos.

Maidin lá arna mhárach rith sí isteach sa gcistineach is chuaigh díreach anonn chuig an nead. ‘An bhfuil aon amharc ar an dragan?’ a d’fhiafraigh mé di. ‘Níl fós,’ a d’fhreagair sí agus an nead á cóiriú aici.

Bhí Beainín na Naíonáin Bheaga suite ag an mbord ag ithe a bricfeasta. Is dócha go raibh a dóthain cloiste aici. Lig sí osna mhór asti. ‘Actually, Mamaí,’ a dúirt sí, ‘is cloch atá ann.’