BREXIT: Lámh chúnta aneas – port an DUP ag athrú?

Níor bheag an ní é blas den realpolitik a chothú i gcainteanna Thuaidh/Theas na seachtaine seo

BREXIT: Lámh chúnta aneas – port an DUP ag athrú?

Coicís tar éis ionsaí Arlene Foster ar an Taoiseach ag comhdháil bhliantúil an DUP bhí an bheirt i bhfochair a chéile in Inis Ceithleann Dé Domhnaigh ag seirbhís na bpoipíní. Ba chosúil gur fháiltigh sí roimh Enda Kenny d’ainneoin an léasadh teanga a thug sí dó féin agusdá chomhrialtas faoina bheith “ag cur toscairí thar lear chun beag is fiú a dhéanamh d’eacnamaíocht Thuaisceart Éireann ar mhaithe le tograí infheistíochta a sciobadh ó Invest NI”.

Neosadh ansin go ngabhfadh an Chéad-Aire Foster go Baile Átha Cliath Dé Máirt chun bualadh leis an Taoiseach arís roimh an gcruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha Dé hAoine. Admháil ab ea an turas go Baile Átha Cliath go raibh gá le réamhchaint idir cheannaire an DUP agus Kenny sula dtiocfadh na hairí ón dá dhlínse le chéile go foirmeálta. Ní gnáthchleachtas é sin.

Ba í Arlene Foster an t-aon duine de sheisear ceannairí i Stormont nár bhuail leis an Taoiseach faoi Bhreatimeacht le linn a chuarta aneas le déanaí, nó ag an gcomhdháil uile-oileáin. Cé go ndearna an UUP baghcat ar an gcomhdháil mar a rinne an DUP, bhuail Mike Nesbitt leis an Taoiseach nuair a bhí sé i Stormont le gairid; níor bhuail ceannaire an DUP leis.

Cibé maolú a tháinig ar dhearcadh Arlene Foster idir chomhdháil a páirtí agus a cuairt ar an Taoiseach – má tháinig maolú i ndáiríre – ba léir gur thuig an DUP nárbh é a leas siúd ná leas an phobail abhus naimhdeas do rialtas na hÉireann a chothú.

Mhaígh an DUP go raibh an ceart ag a gceannaire nuair a chuir sí bradaíl i leith an IDA, an tÚdarás Forbartha Tionscail. Níor ghá ach sracfhéachaint a thabhairt ar ráiteas an rialtais i ndiaidh an reifrinn, a dúradar, nuair a d’fhógair an rialtas go mbeadh buntáiste infheistíochta le baint as Breatimeacht.

Cibé ní faoin ‘bhfainic’ is fíor gur chualathas ionsaí Arlene Foster ó dheas. Rinne an Taoiseach iarracht an ghoimh a bhaint as. Dúirt sé nach raibh an caidreamh fuaraithe ach, ar ndóigh, bhí ceannaire an DUP míshásta le Enda Kenny ón samhradh nuair a d’fhógair sé cainteanna uile-Éireann faoin mBreatimeacht gan a dhul i gcomhairle léi. Thug sí an t-eiteachas as éadan do na cainteanna sin ag rá nach raibh gá ar bith lena leithéid agus gur leor an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Botún ab ea é gan í a chur ar an eolas faoin bplean uile-Éireann agus seans go raibh a deasca á baint aici as an Taoiseach mar gheall air nuair a d’ionsaigh sí é.

Ghoill líomhaintí an DUP ar fheidhmeannaigh agus ar Theachtaí Dála sa rialtas agus sa bhfreasúra. Shéan an tAire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan iad agus cheistigh sé an tAire Fiontair i Stormont, Simon Hamilton faoin scéal.

D’ardaigh Brendan Smith TD, Fianna Fáil, an cheist sa Dáil leis an Aire Fiontair agus Nuálaíochta Mary Mitchell O’Connor a sholáthair figiúirí mar chruthúnas ar chomhoibriú trasteorann sa tóir ar infheistíocht. De réir an eolais ón Aire, thug Fiontraíocht Éireann agus an IDA comhlachtaí ón tuaisceart thar lear leo ar 15 tionscnamh idir 2010 agus 2015. (Níl figiúirí na bliana seo ar fáil go fóill.)

Dúirt an Teachta Smith in agallamh nuachtáin gur cothú deighilte idir lucht gnó ar dhá thaobh na teorann a bhí ar siúl ag Arlene Foster; bhí sé sin doghlactha, ar sé, nuair is comhoibriú idir na háisíneachtaí forbartha atá riachtanach ar mhaithe le gach éinne.

Luíonn se le réasún go mbeadh iomaíocht idir áisíneachtaí forbartha atá sa tóir ar infheistíocht. Seans gur air sin a bhí ionsaí Foster bunaithe agus táthar ag súil go bhfuil deireadh leis an gconspóid sin anois.

Má shásaigh sé baill den DUP ag a gcomhdháil bhliantúil, b’fhéidir gur leor sin agus gur féidir a dhul i ngleic leis an obair phráinneach anois, comhoibriú trasteorann san áireamh.

Is í an phríomhfhadhb an deacracht a bhaineann le cur chuige uile-Éireann i leith Breatimeachta a ullmhú. Teastaíonn eolas ón rialtas ó dheas faoi leagan amach Stormont ach tá scoilt mhór idir an DUP agus Sinn Féin. Tá an DUP ag iarraidh a bheith in aon leaba leis na Tóraithe agus fágann éiginnteacht Whitehall iad gan treoir. Tá Sinn Féin dubh dóite in éadan na Breatimeachta agus iad ag iarraidh stádas speisialta do Thuaisceart Éireann, ach tá doiléire faoina gcur chuige.

Níl plean rialtas na hÉireann beachtaithe ach an oiread. Ar a laghad beidh siad ag an mbord idirbheartaíochta nuair a bheidh margáil faoi Bhreatimeacht ar siúl. Tír bheag, aon ghlór amháin i measc 27 glór. Ach más glór aonair féin é, is maith ann cara sa chúirt. Tuige nach mbeadh Stormont á iarraidh sin – mar atá bunáite na bpáirtithe sa Tionól. Ní leor idé-eolaíocht ná cantal faoi chaidreamh idir áisíneachtaí mar leithscéal chun lámh chúnta a dhiúltú.

Tá an DUP in ard a réime faoi láthair ach má dhéanann siad faillí ar leas an phobail mar gur mian leo a bheith ar leathshúil, ní hiadsan amháin a bheidh thíos leis.

Níor bheag an ní é blas den realpolitik a chothú i gcainteanna na seachtaine seo.