Brexit, Blair, Bush agus meon an díoltais…

Is cuma le meon an díoltais an dtugtar ladradh don té a bhuail ar dtús tú, fad is go dtaispeánann tú don saol nach bhfuil tú ag cur suas le do bhualadh…

Blair Bush

Tá an chomh-smaoineamh pobail beo beathach i Sasana, mara bhfuil sé ar fud na Breataine faoin am seo.

Ta dóthain fianaise ann anois, ó dhaoine a bhfuil fonn orthu breith ar a n-aiféala tar éis vóta na ‘Bhreatimeachta’, gur vótáladh ar son an imeachta i gcásanna áirithe ar an tuiscint nach mbeadh an chuid eile den phobal chomh dúr is go mbeadh móramh ar a shon – ach go bhféadfadh an vótóir áirithe dul ar ais ag comhghleacaithe oibre nó comhghleacaithe óil nó comhghleacaithe polaitíochta agus a rá go fírinneach go ndearna siad a gcuid ar son na cúise, ‘ach cén mhaith …;

Bhíodar ag imirt díoltais: ar an mBruiséil, dar leo, ba chúis lena gcruachás. Nó ar an rialtas. Nó ar an saol polaitiúil trí chéile.

Cuireadh an cineál sin smaointeachais i gcuimhne dúinn arís nuair a foilsíodh tuairisc Chilcot ar pháirtíocht na Breataine san ionsaí ar an Iaráic i 2003. Thug Sir John Chilcot agus a chuideachta seacht mbliana ag scrúdú an scéil sarar fhógair siad níos túisce and mhí seo go raibh páirtíocht na Breataine san ionsaí a deineadh bunaithe (cuid áirithe ar a laghad) ar easnamh eolais, agus gur lean easba údaráis cuid den méid a rinne an rialtas Breatanach san Iaráic ina dhiaidh sin.

Tá na meáin ag tarraingt áird ar leith ar ráiteas amháin ó Phríomh-Aire an ama sin, Tony Blair, a dúirt i nóta a chuir sé chuig Uachtarán na Stát Aontaithe, George W Bush, go mbeadh sé leis, is gur chuma. Gur chuma dó cé bheadh ina aghaidh, is dócha, nó cén argóint a bheadh ina gcoinne.

Níl a fhios agamsa ar thuig Blair meoin na Meiriceánach ag an tréimhse sin, nó arbh é gur thacaigh sé leis. Is léir, ó gach foinse a bhfuil teacht agam air, gurbh fhonn le Meiriceá, in 2001 agus 2002, buille éigin a bhualadh ar na sceimhlitheoirí b’údar le “9/11” mar a thugann siad air, ionsaí na n-eitleán mí Meán Fómhair 2001 ar Nua Eabhrac agus Washington.

Ní fhéadfaí na sceimhlitheoirí féin a thabhairt chun breithiúnais, mar cailleadh iad sna pléascanna.

Ach ar shlí, ba chuma do mhuintir Mheiriceá cé bhuailfí, ach go mbeadh sé dealraitheach go dtacódh sé nó siad le meoin na sceimhleoirí sin.

Deachtóir a bhí i Saddam Hussein, ar léir don saol go raibh an dearg-ghráin aige ar Mheiriceá. Ba chuma dóibhsean go raibh údar aige dá ghráin i ndiaidh chogadh Chúáit deich mbliana roimhe sin, nuair a náiríodh an t-arm a chothaigh is a thacaigh sé. Ba leor dóibh gur ghráin leis Meiriceá.

Ina theannta sin, b’Arabach é. B’Arabaigh iad na sceimhlitheoirí a d’ionsaigh Meiriceá, freisin.

Ba chosúil dóibh go mba Mhuslamach é, freisin. Ba Mhuslamaigh iad na sceimhlitheoirí, mar bharr ar an olc.

Ní raibh aon bhaint ag Saddam Hussein le Al-Qa’eda, ar dhream dá chuid a bhí ciontach san ionsaí eitleáin. Ba chuma san do mhuintir Mheiriceá.

Go deimhin, ba chosúla don té a mbeadh eolas éigin aige ar na cúrsaí seo go mbeadh Saddam Hussein ina sprioc ag Al-Qa’eda féin. Bhí saol sóch sibhialta curtha ar fáil aige don chuid measartha den phobal i mbarr a ré san Iaráic, nuair a bhí sé le maíomh go raibh an páirtí ar de é, an Ba’ath, sóisialach agus neamh-Sharia.

Bhí an tír ina eiseamláir tamall don chuid eile den Mheán Oirthear ar conas a bhféadfaí maireachtáil leis an Córán agus an córas caipitleach ar aon.

Ach b’shin fadó, agus bhí Saddam Hussein anois i gceannas na tíre ina dheachtóir, agus ní chuirfeadh sé suas le haon fhreasúra. Nár ionsaigh sé a phobal féin le gás nimhneach? Nár fhear sé cogadh deich mbliana ar a chomharsa san Iaráin?

Caithfidh go raibh sé ag ullmhú gairis mhór-dhíobhála, mara raibh siad aige cheana. Níor inchreidte é nach mbeadh.

Agus ar an gcúis sin, níor creideadh na cigirí idirnáisiúnta nuair a dúradar nach raibh aon fhianaise acu go raibh a leithéid d’airm cogaidh ag an Iaráic, nó go raibh siad á dtógáil.

Agus ar an gcúis sin, d’aontaigh Tony Blair – nár ionsaíodh a thír féin in aon chor, agus mar a deir Chilcot, nach raibh aon chúis a cheapadh go n-ionsófaí – le George W Bush, go n-ionsódh an dá thír s’acu an Iaráic.

Thug sé le fios don Uachtarán go dtacódh sé leis, pé rud a tharlódh. Agus chloígh sé leis an ngeallúint sin go deireadh, ainneoin an fhreasúra láidir leathan a fuair sé roimhe sa Pharlaimint i Londain, i bPáirtí an Lucht Oibre, agus i measc an phobail.

Thuigeadar beirt rud tábhachtach amháin: nuair a tugtar ladradh duit, caithfidh tú ladradh a thabhairt ar ais.

Agus is cuma, ar bhealach, an dtugann tú an ladradh sin don té a bhuail ar dtús tú, fad is go dtaispeánann tú don saol nach bhfuil tú ag cur suas le do bhualadh.

Ar nós na ndaoine a bhí sásta géilleadh do thuairim na bpóilíní fadó: murab eisean ba chiontach sa chás áirithe seo, bhí sé ciontach i gcásanna eile nár éirigh linn a chruthú ina choinne, agus daortar é dá réir.