BREXIT: An Ríocht Easaontaithe agus Cameron agus an tAE cloíte

Ar éigean is féidir éiginnteacht agus corraíl a sheachaint agus ceisteanna móra thall agus abhus i ndiaidh an vóta ar son Brexit

David Cameron

Is fada daoine ag caint ar an deighilt san Ríocht Aontaithe, ag trácht go hiondúil ar an difear idir na ceantair shaibhre i ndeisceart Shasana agus an chuid eile den Bhreatain Mhór. Faoina sé a chlog ar maidin, Dé hAoine, ba léir ó thoradh an reifrinn faoi Brexit cé chomh heasaontaithe is atá an Ríocht Aontaithe.

Ag ceathrú tar éis a hocht rinne an Príomh-Aire, David Cameron iarracht chun daoine a chur ar a suaimhneas ach, lena fhógra go n-éireodh sé as i gceann ráithe, cuireadh an t-ualach chun déileáil leis an gcrith talún polaitíochta seo ar dhuine éigin eile. Beidh an rás do cheannaireacht na dTóraithe dian agus teasaí mar ba chosúil gur feachtasaíocht don cheannaireacht sin a bhí ar siúl ag cuid de lucht na Breatimeachta le trí mhí anuas.

Vótáil Tuaisceart Éireann le fanacht san Aontas Eorpach. Rinne Alba an beart céanna, mar a rinne Londain. Bhí sé fánach acu, áfach, mar bhí an lá le lucht na Breatimeachta. Cé is moite de threascairt Cameron, ní fios conas a láimhseálfaidh an bhunaíocht caidreamh leis an Eoraip ná conas a ghabhfaidh an tAE i ngleic leis an gcor nua i stair na comhpháirtíochta Eorpaí. Thug na margaí airgeadais a mbreithiúnas go pras. Thit luach an sterling thar oíche mar a bheadh corp ag titim le haill agus d’admhaigh Mark Carney, gobharnóir Bhanc Shasana, go mbeadh tréimhse ghuagach ann ach go gcinnteodh sé go dtabharfaí tacaíocht don phunt agus do bhainc.

Mar a bhí á thuar, chothaigh na torthaí i dTuaisceart Éireann agus in Albain guagacht bhreise agus ceisteanna faoi thodhchaí na ríochta go mór sa treis anois. Ar éigean a bhí na vótaí comhairthe nuair a d’éiligh Sinn Féin vóta faoin teorainn – reifreann faoi aontú na hÉireann. In Albain bhí Alex Salmond, iarcheannaire an Pháirtí Náisiúnaigh, ar an bport céanna – ag rá gur ghearr go n-éileodh a chomharba, Nicola Sturgeon, reifreann neamhspleáchais eile. Drochsheans go ngéillfear dóibh sa ngearrthéarma ach ar éigean is féidir éiginnteacht agus corraíl a sheachaint.

Bhí gearáin agus cáineadh faoi conas a ritheadh feachtas ‘Fanacht’ sa Bhreatain ach bhí ceisteanna i dTuaisceart Éireann freisin, go háirithe faoi Shinn Féin. Mhéadaigh líon na ndaoine a chaith vóta sna ceantair aontachtacha, ach thit an tinreamh i dtoghcheantair náisiúnacha. Chuir Patsy Mac Giolla Eoin ón SDLP i leith Shinn Féin nach raibh aon amharc orthu ar na sráideanna i rith an fheachtais. Dúirt fear amháin as Contae Thír Eoghain go raibh sé ag vótáil imeacht mar go ndúirt Sinn Féin leis go gcinnteodh sé sin reifreann faoi Éire aontaithe.

Duine amháin a bhí i gceist, agus ní fios cé chomh hionadaíoch is a bhí sé, ná cé a dúirt leis an méid sin, ach mar sin féin ní hé sin a bhí á rá ag Sinn Féin go poiblí.

Baineadh siar as cuairteoir ón Astráil a thiomáin ó Bhéal Feirste go hInis Ceithleann dhá lá roimh an reifreann mar nach bhfaca sé tada ach póstaeir mhóra le haghaidh Brexit agus faic ón taobh eile.

Díol suntais ab ea an titim san tinreamh in iarthar Bhéal Feirste, áit a raibh an ráta vótála ab ísle – 57.8% i dtoghchán an Tionóil an mhí seo caite ach 48.85% sa reifreann.

Bhí an ráta vótála íseal i nDoire freisin, 57%, agus in iarthar Thír Eoghain 61.6% a bhí i gceist. Vótáil An Dún Thuaidh le fanacht ach bhí feachtas láidir ar siúl ansin agus léim an tinreamh ó 49% go 67%. Bhí ardú mór ar an tinreamh i Loch Cuan agus in Aontroim Thoir a bhí i measc na seacht dtoghcheantar a thacaigh le Breatimeacht.

Bhí lucht imeachta ó thuaidh ríméadach as an 44% a fuaireadar (56% ar son ‘fanacht’), an DUP ag maíomh gur neamhspleáchas, féinriail agus neart atá i ndán don Ríocht Aontaithe. Go príobháideach, admhaíonn cuid acu nach féidir guagacht agus a thuilleadh easaontais a sheachaint. Cé go raibh lucht fanachta abhus sásta leis an toradh áitiúil, bhí go leor acu brónach agus an-imníoch faoina bhfuil i ndán dóibh.

Agus maidir leis an teorainn? Ní fios cén rian a fhágfaidh toradh an reifrinn uirthi. An gcaithfear í a dhaingniú mar a mhaígh lucht ‘Fanacht’ nó a mhalairt? Nil ansin ach ceann de na ceisteanna a eascraíonn as toradh an reifrinn, ceisteanna arb údar imní iad do rialtas na hÉireann.