‘Bog braon’ – an t-aon hit amháin atá agam!

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is beag fáilte a chuirtear roimh iarrachtaí an cheoltóra cur lena stór amhrán

1/1/2011 New Years babies. The first baby born at
Pictiúr: Photocall Ireland

Is orm fhéin atá an locht i ndáiríre. Ní raibh agam ach aon hit amháin agus nuair a d’éirigh chomh maith leis, choinnigh mé orm dhá chasadh.

Cheap mé nach raibh suantraí ar bith ar eolas agam go dtí tráthnóna cinniúnach amháin.

Tháinig na focail chugam mar a bheadh aingil Dé tagtha anuas as na flaithis á rá liom. ‘Bog braon, bog braon, bog braon don seanduine…’

Thit suaimhneas anuas ar an seomra. Dhún mé mo chuid súile agus choinnigh mé orm mar a bheadh mé ar stáitse an X-Factor agus vótaí uaim go géar, ‘cuir a chodladh, cuir a chodladh, cuir a chodladh an seanduine, cuir a chodladh, nigh a chosa is bog braon don seanduine.’

Bhraith mé an codladh ag titim anuas uirthi agus d’oscail mé mo chuid súile is bhí an diabhailín beag imithe agus aingilín tagtha ina háit ina codladh go sámh i mo ghabháil.

‘Wú-hú!’

Ach ní raibh a fhios agam céard a bhí amach romham.

Tuigim anois do leithéidí Neil Diamond agus Cat Stevens atá ag iarraidh éalú ó na hamhráin mhóra a bhí acu. Chuala mé scéal uair amháin faoi Cat Stevens nuair a chuaigh sé ar camchuairt lena albam nua. Bhí na sluaite bailithe le n-éisteacht leis, laoch mór an cheoil.

Ach ní raibh mórán díobh ag iarraidh na hamhráin nua a chloisteáil agus is dócha nach raibh mórán fonn ar Stevens na seanamhráin a chanadh. Lean sé air leis na hamhráin nua nó gur bhéic duine den lucht éisteachta amach ar deireadh, ‘Sing Peace Train you w****r!’

Bhí mo dhóthain agam fhéin de ‘Bog braon’ an oíche cheana agus chuimhnigh mé ar ‘Seoithín Seothó’. D’fhoghlaim mé ruainne dhó de ghlan mheabhair (tá leaganacha deasa den dá amhrán le cloisteáil ar sheinnteoir TG4).

Tháinig an tráthnóna mór.

Bhí mé ullamh. ‘Cas Bog Braon a Mhamaí.’ Dhún mé mo shúile agus thosaigh mé, ‘seoithín seothó, mo stór é mo leanbh, mo sheod gan chealg, ‘s mo chuid den tsaol mór...’

Nóiméad ar bith anois, a dúirt mé liom fhéin, tiocfaidh an codladh. ‘Seoithín, seothó mo stór é mo leanbh. Mo stóirín ina leaba ina chodladh gan brón.’

D’fhan mé ar an suaimhneas titim anuas orainn. Níor thit. Bhéic duine den lucht éisteachta amach ar deireadh, ‘tá mé ag iarraidh Bog Braon!’

Bhí an breithiúnas tugtha. Níl agam ach aon hit amháin.

Fág freagra ar '‘Bog braon’ – an t-aon hit amháin atá agam!'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Beidh ort an scéal céanna a insint, nó an leabhar céanna a léamh míle uair chomh maith!

  • Mise Áine

    Tá’n ceart ag Iarla..:-)

  • Breandán

    Ar a laghad níor bhéic siad ‘cas bog braon you wxxxxr’!!!