Blade Runner – buaileann an tintreach faoi dhó

Saothar machnamhach, cumasach é Blade Runner 2049 a léiríonn ómós don chéad ghála ach a dhéanann a iomaire féin a threabhadh leis

Blade Runner – buaileann an tintreach faoi dhó

Blade Runner 2049
Stiúrthóir: Denis Villeneuve
Cliar: Ryan Gosling, Harrison Ford, Robin Wright, Ana de Armas, Jared Leto.

Tá áit ar leithligh ag Blade Runner (1982) i gcanóin na scannánaíochta. Táirge in iomaire an fhicsin eolaíochta é a bhfuil téagar ann agus a n-éiríonn leis an t-aicsean a nascadh le cíoradh machnamhach ar bhunús na beatha. Ach oiread le mórshaothair eile riamh anall bhí an cathú ann an scannán leantach a sholáthar, ach bhíothas imníoch nach bhféadfaí nó nár cheart, lorg sheoid Ridley Scott a leanúint. Ní móide go mbuailfeadh tintreach faoi dhó? Bhuel is dóigh liom gur bhuail.

Is ar Denis Villeneuve a thit an cúram cur leis an domhan suaithinseach seo agus é a sheachadadh ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile. Sa saothar machnamhach, cumasach seo léirítear ómós don chéad ghála, cinntítear leanúnachas ach déanann sé a iomaire féin a threabhadh. Tá cúig bliana déag ar fhichid gafa tharainn ó bhí Harrison i mbróga Deckard agus tá 30 bliain gafa tharainn ar scáileán.

Sa réamhrá déantar trácht ar Chomhlacht Tyrell, tíoránaigh an táirge bhunaidh, a cheap is a chruthaigh na ‘replicants,’ agus a bhí ag iarraidh iad a chur de dhroim seoil ina dhiaidh sin. Cuireadh an comhlacht é féin go tóin poill, ach tá Comhlacht Wallace tar éis tionscnamh na ‘replicants’ a chur ar a bhonnaibh arís. Tá glúin nua de na neacha seo againn anois agus iad in ainm is a bheith níos umhaile ná a réamhtheachtaithe. Neach acu is ea ‘K’ (Gosling), agus é mar chúram air na seanleaganacha a chur amach ar pinsean.

Ní i gcónaí a théann Gosling i bhfeidhm orm, go mórmhór nuair a éilíonn a chuid carachtar go mbeadh sé ag monabhar isteach ina chuid buataisí, ach chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm anseo. I radharc stuifiúil ag an tús, ina bhfuil aicsean agus cóngair chainte, cuirtear a charachtar os ár gcomhair go paiteanta. Tá sé beagfhoclach, diongbháilte ach léirítear féith an ghrinn anseo agus ansiúd. Is léir go bhfuil a ról sa domhan aduain seo ag luí go mór air agus nuair a chuirtear rúin agus coranna an scéil in iúl dúinn éiríonn leis claochlú a charachtair a chur abhaile orainn.

Bhí saol aisteoireachta Ford in airde láin sna hochtóidí luatha nuair a bhí na cnuasaigh Indiana Jones agus Star Wars i lár an aonaigh. Tá siad sin á bhfágáil le huacht ag aisteoirí eile le blianta anuas aige agus is amhlaidh atá leis an saothar/cnuasach seo. Is fada linn go dtiocfaidh sé ar scáileán agus tá cuid mhaith den scannán caite sula gcímid é, ach is fiú é. Tá sé lárnach sna hábhair suntais agus san oscailt súl ar fad. Ní féidir an seanfhondúir a bhéiteáil.

Ach oiread le saothar Scott tá an gála seo an-chineamatach agus ardcheardaíocht ann. Cloítear agus cuirtear leis an domhan aduain. Tá meafair an uisce/na báistí le feiscint tríd síos agus déantar an ciúnas/machnamh a bhriseadh le míreanna glinne foréigin.

Ní turas siar bóithrín na smaointe amháin atá anseo ach saothar a bhfuil a bhuanna féin aige agus cá bhfios ná go mbeidh tuilleadh chugainn.

Fág freagra ar 'Blade Runner – buaileann an tintreach faoi dhó'