“Bhur gcéad fáilte chuig Leagan Cainte…”

Tá closleabhar le foilsiú ar an gclár raidió Leagan Cainte chun cabhrú le daoine teacht isteach ar na gnéithe is tábhachtaí d’fhoghlaim na teanga.

Painéal Leagan Cainte (ó chlé): Seosamh Ó Cuaig, Liam Mac Con Iomaire, Eibhlín Ní Mhurchú agus an tOllamh Dónal Ó Baoill. Ina sheasamh: Seosamh Ó Braonáin, Léiritheoir an chláir.
Painéal Leagan Cainte (ó chlé): Seosamh Ó Cuaig, Liam Mac Con Iomaire, Eibhlín Ní Mhurchú agus an tOllamh Dónall Ó Baoill. Ina sheasamh: Seosamh Ó Braonáin, Léiritheoir an chláir.

Tá breis agus deich mbliana anois ann ó tháinig deireadh leis an gclár raidió iontach Leagan Cainte, a chraoltaí gach aon seachtain ar Raidió na Gaeltachta.

Plé ar chora cainte, focail, foghraíocht agus a bhfuil de dhifear idir na canúintí beo Gaeltachta a bhí sa chlár.

Phléití freisin na difríochtaí idir na canúintí agus an scríobh caighdeánach.

Painéal de thriúr a bhí i gceist, faoi chathaoirleacht Liam Mhic Con Iomaire.

An tOllamh Dónall Ó Baoill, Seosamh Ó Cuaig agus Eibhlín Ní Mhurchú, nach maireann, an triúr a bhíodh i dteannta Liam.

Tá cead faighte le tamall agam ó Raidió na Gaeltachta trascríobh a dhéanamh ar mhíreanna éisteachta ón gcéad séasúr den chlár i dtreo is gur féidir liom leabhar agus dlúthdhiosca a fhoilsiú amach anseo a bheadh ar aon dul le leithéidí Ó Bhéal an Bhab agus Seoda ár Sinsear.

Beidh míniú ar leaganacha canúnacha ann don té nach bhfuil aige ach an Caighdeán Oifigiúil agus ceachtanna foghraíochta i ngach ceann de na canúintí le haghaidh foghlaimeoirí ar gach leibhéal. (Molfar do léitheoirí canúint a roghnú).

Is de réir chaint bhaill an phainéil a bheidh na ceachtanna foghraíochta sin agus iad deartha de réir mhodh múinte traidisiúnta an ‘athrá’.

Anuas air sin, beidh ceachtanna scríofa ann don fhoghlaimeoir agus don chainteoir dúchais araon, arb é is aidhm leo oiliúint a chur ar dhuine idir scríobh canúnach agus scríobh caighdeánach a leáimhseáil.

Déanfar plé ar chúrsaí foghraíochta ó chanúint go chéile ar bhealach a chabhrós le duine teacht isteach ar léamh na teanga ón mbonnleibhéal aníos agus bainfear leas as an bhfogharscríobh chun an méid sin a dhéanamh, mar aon le treoir shimplí fuaimnithe atá ar aon dul leis an gceann atá le feiceáil i dtús Fhoclóir Uí Dhuinnín (Patrick S. Dineen), ach é curtha in oiriúint do na canúintí ar fad.

Míneofar go simplí téarmaí gramadaí do léitheoirí nach dtuigeann an ghramadach nó nach bhfuil ar a suaimhneas ag dul i ngleic léi, sa tslí is gur féidir leo teacht isteach ar na téarmaí sin de réir a chéile agus a sceon rompu a chur de dhroim seoil.

Pléifear a bhfuil de dhifear idir an focal labhartha agus an focal scríofa i bhfoirm fonótaí (tá samplaí thíos).

Is éard ba mhian liom i ndeireadh báire go mbeadh idir labhairt, éisteacht, léamh agus scríobh na teanga sealbhaithe go maith ag daoine a cheannós an leabhar agus an dlúthdhiosca, bídís ina nglantosaitheoirí nó ina gcainteoirí líofa.

Iad siúd nach bhfuil spéis ar bith acu sna haidhmeanna oideachais atá laistiar den leabhar, is féidir leo díreach éisteacht le caint bhreá, shaibhir an phainéil ach greim a fháil ar an leabhar agus an dlúthdhiosca.

Comhlachtaín beag de chuid mo mhuintire, Doon & Auburn, a fhoilseoidh é agus tá i gceist agam é a chur ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair, chomh maith lena chur ar fáil sa chruth traidisiúnta.

Seo thíos blaiseadh beag den méid a bheidh le léamh (agus le cloisteáil) ann…..

_ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _ _

Liam: Go mbeannaí Dia dhaoibh a chairde agus bhur gcéad fáilte chuig Leagan Cainte.

Tá an fhoireann chéanna anseo le m’ais: Eibhlín Ní Mhurchú, an tOllamh Dónall Ó Baoill agus Seosamh Ó Cuaig.

Agus an chéad litir faoinár láimh…. ó Liam Prút í.

‘A Liam agus a chairde’, a deir sé, ‘leaganachaí [1a] cainte a chuala mé anseo sa Dáil: an focal ‘stán-áil-the’ ag Seán Ó Sé, nach maireann, ag cur síos ar an saghas bráca a chuirfeadh seisiún cúpla uair a’ chloig dianeagarthóireachta ar Acht ar aistritheoir bocht. “Táim stánáilthe aige”, a deireadh sé.

An bhfuil a leithéid ar phaidrín Eibhlín? Níor chuala mé ó aon duine eile é.’

Bhuel anois, a Eibhlín, ‘bhfuil paidrín agatsa sa gcéad áit agus ansin an bhfuil sé ar do phaidrín?

Eibhlín: Tá agus trí cinn de phaidríní!

Liam: Chreidfinn é!

Eibhlín: Bhí aithne agam ar Sheán. Duine uasal ab ea Seán – bhí gaol agam le Seán! Anois, [1b] ní déarfainn “stánáilthe” dá mbeinn á rá; ní chuala [2] riamh é sa tslí sin – “stánáltha” – chuala “fuaireas mo stánáil.” Is é sin nuair a buailfí [3] thu [4] ar scoil.

‘Táim tugtha’ a déarfainnse leis sin; ‘táim tugtha aige’ nó ‘táim tugtha amach aige’. Ach ní dheineas-sa [5] oiread oibre riamh is go mbeinn ‘stánáltha’ aige!

Liam: ‘Sea, ‘sea! A Sheosaimh, níl ‘stánáltha’ nó ‘stánáilte’ thiar againne.

Seosamh: Níl.

Liam: Ach tá sé spéisiúil go bhfuil ‘tugthaí’ againne agus go bhfuil ‘tug-ha’ (tugtha) ag Eibhlín.

An bhfuil an ‘stánáil’ agaibhse, a Dhónaill?

Dónall: Níl. Tá ‘stán’ againn….

Eibhlín: Bhuel, chun na fírinne a dh’insint [6], ní fhéadfainn a rá go bhfuil an ‘stánáltha’ agam ach tá an ‘stánáil’ agam. Thuigfinn cad é an rud ‘stánáltha’ – a bheith tugtha amach aige mar bheifeá tugtha amach ag an stánáil, leis.

Liam: ‘Bhfuil ‘tugtha’ agaibhse, a Dhónaill Uí Bhaoill?

Dónall: Tá.

Liam: Mar sin, tá ‘tugtha’ sna trí chanúintí. [7]

Dónall: Tá ‘cortha’ againn.

Liam: ‘Cortha’, ‘sea.

Eibhlín: Tá deifiríocht idir ‘tugtha’ agus ‘cortha’.

Liam: Cén difríocht?

Eibhlín: Bheifeá ‘cortha’ agus níor ghá dhuit a bheith ‘tugtha’. Ana-thuirseach [7] ar fad is ea ‘tugtha’. Agus ‘stánáilthe’, is dócha, níos measa.

Agus ansan dá mbeadh duine éigin – comharsa – ag teacht isteach chughat [8] a bheadh ad chrá, [9] b’fhéidir, déarfá “dhera, táim cortha aici.”

 

[1a] Is gnách í a chur le focal dar críoch –acha san uimhir iolra i nGaeilge Chonamara. Tá an nós sin láidir ó thuaidh freisin.

[1b] “Ní dhéarfainn” is mó a déarfaí sna canúintí eile sa lá inniu, cé nárbh amhlaidh an scéal riamh anall. Leagan Eibhlín a mholtar sa CO.

[2] ‘Ní chuala’ is mó a deirtear i gCorca Dhuibhne. ‘Níor chuala’ atá i gCúil Aodha. Is fearr leis an Déiseach an fhoirm scartha den bhriathar anseo, i.e. ‘níor chuala mé’, mar atá le cloisteáil sna canúintí ó thuaidh.

[3] ‘Nuair a bhuailfí’ a mholtar sa CO ina leithéid seo de chás.

[4] Le u gairid (gearr) a deirtear thú ó dheas nuair a bhíonn sé ina chuspóir ag briathar, ach is coitianta tu a bheith le cloisteáil i gCúige Mumhan ar na saolta seo ina leithéid de chás. ‘Is iontach an bhean tu’, cuirim i gcás.

[5] ‘Níor dheineas-sa’ i gCúil Aodha; ‘níor dhein mise’ sa Rinn. ‘Ní dhearna mise’ atá thiar agus ‘cha dtearn mise’ ó thuaidh.

[6] Chun an fhírinne a insint sa CO; leis an bhfírinne a inseacht i gCúige Chonnacht. Leis an fhírinne a deirtear i gCúige Uladh.

[7] CO = ‘sna trí chanúint’.

[8] An nós Connachtach/Ultach a mholtar sa CO i gcás mar seo: an-tuirseach.

[9] ‘Chugat’, gan séimhiú i lár baill, an litriú a mholtar sa CO. D’fheicfí ‘chút’ mar litriú freisin i seantéacsanna Muimhneacha.

[10] Is ionann seo agus ‘do do chrá’ (ag crá + thú = do do chrá) sa CO. Is minic a fheictear scríofa é mar ‘dod chrá’ i dtéacsanna aneas freisin. Cuireann muintir Chonamara séimhiú ar an gcéad ‘do’, mar is dual dóibh a dhéanamh. Is é a fhuaimniú sin “go (i.e. dho) do chrá” sa chaint bheo thiar.