‘Bhuel, sin feic nach bhfaca mé cheana. Aire Dlí is Cirt na tíre ag beathú m’othair’

Fear meabhrach ildánach ab ea Nollaig Ó Gadhra, a deir an t-iar-aire rialtais Máire Geoghegan-Quinn. Seo aiste léi ón leabhar nua faoin scríbhneoir agus staraí ‘Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde’ a sheolfar anocht

‘Bhuel, sin feic nach bhfaca mé cheana. Aire Dlí is Cirt na tíre ag beathú m’othair’

Pictiúr: Mike Shaughnessy

Creidim gurbh é an chéad uair ar chas mé le Nollaig Ó Gadhra ná le linn an fheachtas fothoghcháin i nGaillimh Thiar i 1975. Bhí seisean ag tacú le Pól Ó Foighil ag an am. Ach ní raibh mórán caidrimh againn lena chéile ag an am sin. Ar ndóigh, scéal eile ar fad a bhí ann agus mé tofa.

Níor casadh riamh orm duine a choinnigh taisce nuachtán agus cáipéisí mar a choinnigh Nollaig. Ba leor aon chuairt amháin air sa mbaile mar chruthúnas air sin: cruacha alt, cnocáin leabhar, seilfeanna lán le nuachtáin agus irisí – agus níorbh fhoilseacháin Éireannacha iad ar fad ná baol air. Fad a bhí Fianna Fáil sa bhfreasúra d’fhaighinn clúdach mór donn go seachtainiúil sa mbaile, é ag cur thar maoil le leathanaigh ar a raibh nótaí agus tuairimí Nollaig marcáilte orthu i bpeannaireacht a scríobh an púca (de réir an tseanfhocail).

Thagadh sé chun an tí lena thabhairt dom ar an Satharn nuair a bhí a fhios aige go raibh mo chuid oibre sa gclinic dáilcheantair críochnaithe agam. B’in an chuid scríofa dá chuid comhairle orm. Thagadh an chomhairle bhéil sa nglaoch gutháin (fada) gach tráthnóna Domhnaigh. Seisiún ceisteanna agus freagraí a bhí sa nglaoch seachtainiúil seo – go minic ba é Nollaig a chuir an cheist agus a sholáthraigh an freagra. Thuig mé go maith an uair sin agus ó shin nach raibh ionamsa ach duine amháin ar liosta polaiteoirí a fuair glaonna uaidh ar an Domhnach.

Nuair a d’fhiosraigh mé leis uair amháin cén fáth gurbh é an Domhnach a rogha – d’fhreagair sé go raibh na táillí teileafóin níos saoire an lá sin. Cheapfainn mar sin féin go raibh an bille teileafóin ag muintir Uí Ghadhra thar a bheith ard. Le linn mo thréimhse mar aire stáit ar ghnóthaí Eorpacha ba nós leis cuireadh a thabhairt dom teacht chun cainte lena chuid mac léinn sa gColáiste Teicniúil Réigiúnach i nGaillimh (GMIT anois). Bhaininn an-taitneamh as an gcuairt bhliantúil seo agus bhíodh ardchaighdeán ceisteanna ag na mic léinn orm. Ba léir uaireanta gurbh é an léachtóir a réitigh na ceisteanna ab achrannaí agus ba chasta.

Agus mé i m’aire rialtais, chuireadh Nollaig eolas agus comhairle orm – i scríbhinn, ar an bhfón agus ó bhéal – faoi chuile ghné bheo den uile phortfóilió dá raibh agam. Agus mé i m’aire Gaeltachta ní raibh ceist ná ábhar nár shuim leis. Nuair a ceapadh i m’aire cumarsáide mé ní laghdú ach méadú a tháinig ar an rabharta eolais, moltaí agus fainiceachaí freisin a thagadh uaidh. Agus muid ag iarraidh bonneagar reachtúil (agus airgeadais) a leagan síos do bhunú Theilifís na Gaeilge ag an am sin, lean sé air go dícheallach leis an soláthar eolais seo, agus bhí cluas bhreise aige feasta mar gur chinntigh mé go raibh mo chomhairleoir craolacháin Ghaeilge, Pádhraic Ó Ciardha, ar a liosta freisin.

Neartaigh an flosc sin tuilleadh tar éis mo cheaptha mar aire dlí is cirt i 1993: comhairle dom féin, comhairle le seachadadh chuig an Taoiseach (cé gur mhinic é ag glaoch ar Albert Reynolds go pearsanta freisin) agus treoir faoi dhéileáil leis an státseirbhís.

Bhí a chroí is a anam i bhfuascailt chóir chothrom a fháil ar ghéarchéim Thuaisceart Éireann. Thuig sé ón tús gur bhraith go leor ar chumas na bpríomhaithe ar an uile thaobh tarraingt le chéile ar bhonn pearsanta. Bhí sé sásta le Dearbhú Shráid Downing, ach mheabhraigh sé go rialta dúinn ar fad nach raibh ann ach tús próisis. Réitigh muid go maith le chéile ar bhonn pearsanta. Bhí an diaibéiteas ainsealach air, aicíd a bhí ar an aon deartháir a bhí agam féin agus ba mhinic muid ag trácht air sin le chéile.

Chuir an diaibéiteas as d’amharc na súl acu freisin agus le himeacht ama cailleadh méaracha cos leis freisin agus thráchtadh muid air sin. Bhíodh sé ag casaoid uaireanta nach raibh líofacht Ghaeilge ag m’fhear céile, John, agus is i mBéarla a labhradh John leis nuair a thagadh Nollaig ar cuairt chugainn. Ach ansin tharla rud a chuir cor sa scéal. Agus é san ospidéal i nGaillimh, chuaigh mé ar cuairt chuige. Agus mé ansin, tháinig a dheartháir ar cuairt chuige freisin agus is i mBéarla a rinne siad a gcomhrá.

Léirigh mé m’iontas faoi sin go dtí gur dhúirt an deartháir liom gur sa teanga sin a dhéanadh sé féin agus a dheartháir ‘Noel Geary’ a gcomhrá i gcónaí.

Ba mhinic mé ag spochadh as Nollaig faoin leagan sin dá ainm ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin. Bhuail taom tinnis é ag Oireachtas na Gaeilge bliain amháin i bPort Láirge agus tugadh chun an ospidéil i gCorcaigh é. Chuir a bhean Máirín in iúl dom go raibh sé go dona tinn agus ó tharla go raibh mé sa taobh sin tíre ag toghchánaíocht, chuaigh mé ar cuairt chuige.

Agus mé cois na leapan, ba léir nach raibh sé go maith. Cé nár léir dom go raibh sé dom chloisteáil lean mé orm mar ba nós linn – ag cur síos dó ar imeachtaí polaitiúla an lae. Nuair a tháinig am lóin, seo isteach le banaltra lena bheathú. Bhí brú ar na banaltraí agus thairg mé a lón a thabhairt do Nollaig agus d’aontaigh sí. Agus mé i mbun an chúraim (agus bhí cuma an amhrais ar Nollaig lena linn, dá laige dá raibh sé) cé a thiocfadh an bealach ach a dhochtúir comhairleach! ‘Bhuel, sin feic nach bhfaca mé cheana,’ a dúirt sé. ‘Aire Dlí is Cirt na tíre ag beathú m’othair’. Mhínigh mé gur dhlúthchara liom é Nollaig cé gur dóigh nach leis an bpáirtí céanna a thacaigh muid.

Nuair a thagadh sé go Baile Átha Cliath ar ghnó éigin, ba ghnách leis sin a chur in iúl dom roimh ré agus thairgeadh mé é a bhailiú ó Stáisiún Heuston, ach ba mhinic a chuireadh sé in iúl dom nár ghá sin mar go raibh an Taoiseach ag seoladh gluaisteáin lena bhailiú agus a thabhairt abhaile chuige féin, áit a mbeadh an dinnéar réidh dóibh ag Kathleen Reynolds.

Is i Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhí mé nuair a tháinig scéala a bháis agus seo linn láithreach ar eitilt go Baile Átha Cliath agus siar go Gaillimh le freastal ar a aifreann sochraide. Ar bhealach éigin ba chuí gur lá trombháistí a bhí ann agus d’fhágamar slán aige mar ba mhaith leis – le neart paidreacha, scéalta agus gáire i láthair slua mór gaolta, comharsana, cairde, céilí comhraic, craoltóirí, iriseoirí, státseirbhísí agus polaiteoirí. Ba dheas go raibh Albert Reynolds in ann a bheith ann, rud a shásódh Nollaig, tá mé cinnte.

Is doiligh achoimre a dhéanamh ar phearsa chomh mór agus chomh hilchineálach le Nollaig: fear meabhrach, ildánach, fial, géarchúiseach ab ea é. Bhí an tírghrá go smior ann agus an Ghaeilge go smúsach. Cé go bhféadfadh sé a   bheith cantalach, ní raibh aon mhailís ina chroí mar gur theastaigh uaidh i gcónaí go ndéanfaí an rud ceart. Bhí an t-ádh orainne a raibh aithne againn air, Gael dílis a rinne a dhícheall leas a mhuintire a chur chun cinn i gcónaí – agus ar éirigh leis níos minice ná go leor eile.