‘Bhí gá le hÉirí Amach 1916’ – beirt as gach cúigear

Ach go leor den phobal idir dhá chomhairle faoi cé acu ar theastaigh nó nár theastaigh Éirí Amach na Cásca chun neamhspleáchas a bhaint amach, de réir phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown.

16/5/2012 1916 Commemorations
Pictiúr: Photocall Ireland

Tá an pobal idir dhá chomhairle faoi cé acu ar theastaigh nó nár theastaigh Éirí Amach na Cásca chun neamhspleáchas a bhaint amach, de réir phobalbhreith Tuairisc.ie/Millward Brown.

Cé go ndúirt níos mó daoine (40%) nach mbeadh neamhspleáchas bainte amach againn d’uireasa Éirí Amach 1916, bhí mórán an céatadán céanna den phobal (38%) idir dhá chomhairle nó gan tuairim faoin gceist.

Dúirt 22% de rannpháirtithe na pobalbhreithe go mbeadh neamhspleáchas bainte amach in éagmais an Éirí Amach, tuairim atá nochtaithe os ard le déanaí ag an Iar-Thaoiseach John Bruton, i measc daoine eile.

Léiríonn an phobalbhreith a rinne Tuairisc.ie/Millward Brown go gcreideann beirt as cúigear go raibh gá le hÉirí Amach 1916 chun go mbainfí neamhspleáchas amach.

Is iad an dá cheist a cuireadh ar rannpháirtithe na pobalbhreithe i dtaobh an Éirí Amach ná an raibh sé riachtanach chun neamhspleáchas a bhaint amach agus ar fíoraíodh cuid de na hidéil a ghabh leis, faoi mar a leagadh síos iad i bhForógra 1916.

Ina measc siúd is mó a chreid go raibh gá leis an Éirí Amach bhí fir; daoine os cionn 65 bliain d’aois; daoine a bhain leis an meánaicme agus leis an uas-mheánaicme; agus iad siúd a bhí ina gcónaí i gCúige Mumhan.

Ar na grúpaí is mó a chreideann gurbh fhéidir neamhspleáchas a bhaint amach in éagmais an Éirí Amach, bhí daoine atá idir 45 agus 64 bliain d’aois; daoine atá ina gcónaí i mBaile Átha Cliath; daoine atá ina gcónaí i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh; agus daoine a bhaineann leis an lucht oibre.

15% de na daoine a ceistíodh a bhí idir dhá chomhairle maidir le cé acu an raibh an tÉirí Amach riachtanach nó nach raibh.

23% a dúirt nach raibh aon tuairim acu an mbeadh neamhspleáchas na hÉireann bainte amach gan Éirí Amach 1916.


1916 lth09


 

 

 

Fág freagra ar '‘Bhí gá le hÉirí Amach 1916’ – beirt as gach cúigear'

  • Diarmuid MacSuibhne

    Ciallaíonn é seo go bhfuil formhór de dhaonra na h-Éireann i bhfábhar agus ar an dtuairim go bhfuil Poblacht na hÉireann anseo de bharr an eirí amach. Agus níl John Bruton ag feachaint ar aon rud ach a ideolaíocht “Irish Parliamentary Party” go foll, agus ag chuir as don Stair cheart!

    Caithfear feachaint ar an saghas domhan a bhí ann i 1916 nuair a thárla an Éirí amach, seachas an saghas domhan atá againn sa lá atá inniú ann.