‘Bhí fadhb agam agus mé ar Raidió na Gaeltachta an lá eile –ní chreidim  i dtodhchaí na Gaeltachta’

Deir an fealsamh Deasún Fennell nach fiú a thuilleadh a bheith ag déanamh imní faoi thodhchaí na Gaeltachta agus gur cheart díriú ar bheocht a chur i ngluaiseacht teanga uile-Éireann

An-Gaeltacht-770x385

Le déanaí bhí mé ar Iris Aniar, clár cainte ar Raidió na Gaeltachta. Cúrsaí teanga sa nGaeltacht agus todhchaí na Gaeltachta a bhí á bplé agus daoine as an nGaeltacht agus an Bleá Cliathach seo a bhí páirteach sa gcaint. Bhí na daoine as an nGaeltacht ag cur síos ar dhrochstaid na Gaeilge sa nGaeltacht agus moltaí á ndéanamh acu faoi conas an scéal a leigheas amach anseo.

Bhí fadhb agamsa.  Ní raibh suim agam sa chaint ar thodhchaí na Gaeltachta mar tá a fhios agam nach mbeidh aon Ghaeltacht ann i gceann 10 mbliana nó mar sin – is é sin, nach mbeidh pobal i limistéir tíre na Gaeltachta ag labhairt na Gaeilge mar ghnáth-theanga um an dtaca sin. (Áirítear go bhfuil an Laidin marbh ón uair ar tharla a leithéid di fadó.)

Bhí agus tá an-suim agam i ngné eile den todhchaí: todhchaí theanga na Gaeilge, teanga ársa na hÉireann, teanga ár sinsear. Is sa teanga sin a chuir Gluaiseacht na Gaeilge suim nuair a bunaíodh an ghluaiseacht sin  tuairim is 120 bliain ó shin, agus tá mé páirteach sa ngluaiseacht stairiúil sin. Is é an chuspóir a bhí agus atá ag an nGluaiseacht ná go mairfeadh an teanga, Gaeilge go deo.

Ag an tús chreid lucht na Gluaiseachta gurbh é an bealach ab fhearr chuige sin ná muintir na Gaeltachta a mholadh agus a ghríosú le go leanfadh siad ag labhairt Gaeilge, agus go méadódh, b’fhéidir, líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge dá bharr. D’eagraigh an Ghluaiseacht ranganna Gaeilge ar fud na tíre ach bhain an dóchas mór leis an nGaeltacht.

Bhí míthuiscint ann. Bhí an Ghaeltacht tar éis a bheith ag crapadh le 200 bliain anuas; b’in an nós a bhí aici – sean-nós!

Seachas roinnt daoine aonair ní raibh an toil ag muintir na Gaeltachta leanacht orthu ag labhairt Gaeilge, ach a mhalairt. Ba é a mian láidir – ar chúiseanna praiticiúla i measc rudaí eile – ná Béarla a labhairt.  Chreid an Ghluaiseacht go dtiocfadh athrú ar an gcás sin leis an moladh agus an gríosú, agus, i ndiaidh bhunú an stáit Éireannaigh, le deontais airgid.

Bhí breall ar an nGluaiseacht.

D’fhan an tseanmhian sa nGaeltacht beo, níor dúisíodh an toil.

Tá an toil sin chun an Ghaeilge a choinneáil  beo láidir fós i measc go leor ball de Ghluaiseacht na Gaeilge, ag áireamh roinnt mhaith daoine aonair as an fhíor-Ghaeltacht.

Scríobh mé alt cheana don suíomh seo – ‘Is é dán na Laidine dán na Gaeilge’. San alt céanna, áfach, dúirt mé nár ghá gurbh amhlaidh a bheadh. In ainneoin nach mbeidh pobal Gaeltachta ag labhairt Gaeilge againn, is féidir linn pobal nó comhluadar uile-Éireannach a chruthú a bhfuil an toil chomhchoiteann ina measc an Ghaeilge a choinneáil ina teanga bheo. Míle duine ar dtús, a bhfuil slite beatha éagsúla acu atá i dteagmháil lena chéile, an Ghaeilge labhartha agus scríofa ar a dtoil acu agus geallúint shollúnta tugtha acu an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh eatarthu féin agus ina dteaghlaigh féin. An méid sin mar thús agus ar aghaidh leo ina dhiaidh sin mar a leag mé amach san alt úd.