‘Béarla amháin’ ó Aer Lingus

- Freagra sa deireadh tar éis cúig lá de cheisteanna ó Ghaeilgeoirí ar Twitter faoin easpa seirbhíse Gaeilge ar shuíomh idirlín an aerlíne náisiúnta.

30/5/2014. Aer Lingus One Day Strikes
Pictiúr: Photocall Irealnd

Níl aon phlean ag Aer Lingus an Ghaeilge a chur leis an rogha teangacha ar a suíomh idirlín.

Thug an aerlíne an méid sin le fios inné tar éis cúig lá de cheisteanna ó Ghaeilgeoirí ar Twitter faoin easpa seirbhíse Gaeilge ar a suíomh.

Ba í Ciara Ní Éanacháin (@MiseCiara), bean óg as Cluain Tarbh i mBaile Átha Cliath, a tharraing aird na nGael ar shuíomh Aer Lingus ar Twitter le seachtain anuas, nuair d’fhiafraigh sí den aerlíne an raibh sé i gceist acu leagan Gaeilge dá suíomh a chur ar fáil.

Tharraing a giolc aird an phobail agus i gcaitheamh na seachtaine, rinneadh os cionn 140 athghiolc air agus tugadh an oiread céanna réaltóg dó. Nuair nár fhreagair cuntas Aer Lingus an cheist, thosaigh Gaeilgeoirí eile ar Twitter ag cur brú ar an gcomhlacht freagra a thabhairt. Ar deireadh thiar, cúig lá i ndiaidh do Chiara an cheist a chur, dúirt @AerLingus inné go gcuireann siad a seirbhís Twitter ar fáil i mBéarla amháin.

Tamall ina dhiaidh sin agus an cheist curtha arís i mBéarla, mhínigh Aer Lingus nach bhfuil an suíomh ar fáil i nGaeilge ach go raibh aiseolas Chéire Ní Éanacháin curtha ar aghaidh chuig an bhfoireann a bhíonn ag plé lena suíomh gréasáin.

Soiléiríodh don chomhlacht gurbh í an cheist ná “cén uair a bheas sí ar fáil?” seachas “an bhfuil sí ar fáil?”.

“We have not announced plans to add additional languages on our website, Ciara,” an freagra a tugadh air sin.

Dúirt Ciara Ní Éanacháin le Tuairisc.ie go mbíonn sí ag giolcaireacht go minic faoi easpa seirbhíse i nGaeilge ó chomhlachtaí éagsúla, ach nach bhfuair sí an oiread tacaíochta ó dhaoine eile riamh is a fuair sí i gcás a gearáin faoi Aer Lingus.

“Tá scéalta mar seo i mbéal an phobail le déanaí maidir le Google Translate agus le cúpla mí anuas bhí orm go leor foirmeacha a líonadh amach ina raibh fadhbanna mar gheall ar m’ainm agus mo sheoladh agus na síntí fada.

“Chun an fhírinne a rá chuir mé amach é ar an gcaoi chéanna a gcuirim go leor rudaí mar sin amach ar Twitter. Má fheicim rud i nGaeilge agus má táim sásta leis nó má fheicim drochaistriúchán, cuirim iad sin amach freisin,” a dúirt Ciara Ní Éanacháin.

Bhí ionadh uirthi nach raibh seirbhís i nGaeilge ag Are Lingus.

“Toisc go raibh Aer Lingus in úsáid agam seachas aerlíne eile, dúirt mé ‘aw yes, beidh Gaeilge acu’ ach ní raibh! Bhí siad ag giolcadh leo gach lá idir an dá linn i mBéarla.

“Ní dóigh liom go mbeadh sé ródheacair (an Ghaeilge a chur ar fáil) go háirithe nuair a bhíonn ‘beannachtaí’ Gaeilge acu ar na heitiltí acu. Tugann siad ‘Cara’ ar a n-iris – ná bídís ag cur i gcéill! Má deirtear ‘slán’ leis na freastalaithe bíonn ionadh orthu!”

Tá @AerLingus an-ghníomhach ar Twitter ó chuir siad tús le feachtas bolscaireachta nua ar na meáin shóisialta bliain go leith ó shin.

Ní raibh urlabhraí ó Aer Lingus ar fáil le ráiteas a thabhairt do Tuairisc.ie faoin scéal seo.

Fág freagra ar '‘Béarla amháin’ ó Aer Lingus'

  • Roibeard Ó Conaing

    seoladh gach duine ceist amháin chucu chuile lá i nGaeilge (faoi rud éigin nach mbaineann leis an nGaeilge féin) agus beidh orthu Gaeilgeoir a earcú le seirbhís a sholáthar dúinn

  • Páid Ó Donnchú

    Níl dóigh liom go bhfuil sé ceart brú ar chomhlacht príobháideach amháin seirbhísí a chuir are fáil thar chomhlacht eile. Tá neart seirbhísí Stáit nach comhlíonann a gcuid dualgaisí, agus is fiú plé leo siúd.

  • Éamonn Ó Gribín

    Nach le Rialtas na hÉireann 28.3% den chomhlacht?

  • Roibeard Ó Conaing

    Is ea go deimhin a Éamoinn

  • Conchubhair Mac Lochlainn

    Aontaím leat go phoínte, a Pháid, fiú más linne 28.3% den rud. Fad ‘s gur ag feidhmiú mar fiontar príobháideach atá siad, is cuma liom caidé a dhéanann, nó nach dhéanann fiú, aon dram ó taobh na Gaeilge de.

    ‘S é an áit ina bhfuil fadhb agam ná na ‘trappings’ a bhailíonn siad thart orthu, agus thar branda ‘s acu san. ‘Cara’ ar an irisleabhar. Na beannachtaí ar eitleáin ‘s acu san. An crut plaisteach iomlán, lofa, brochach, de cumraíocht shaorga atá siad i ndiadh a chruthú thart orthu féin chun pinginí suaracha a bhaint ó Poncánaigh ‘s daoine eile, ‘s bíodh chun diabhal le muíntir nó stair na tíre seo.

    Níl ansin ach masla do lucht na teanga, agus bhí deis millteanach acu sin a chur ina cheart seachtain ó shin tríd ceist a chur thart ar an oifig ag fiosrú “Lads, what’s the Irish for ‘Sorry about that Ciara, we don’t currently have plans to introduce Irish language capabilities to our online services’?”

    Níor thapaigh siad an deis, rud a léiríonn meon ‘s acu san, ‘s mar thoradh, táim ag glaoch orthu teanga ‘s againne a fhágáil fé mar atá sé, in áit uirlis chorpaireádeach a dhéanamh dí, agus uirlis nach bhfuil meas madra acu uirthí.

    Just fág í leaids, le bhur dtoil…

  • Séamas Mac Coitir

    Bhí taithí mhaith agam a bheith ag plé le ranna rialtais i nGaeilge i gcaitheamh na mblianta. Tá na rannóga éagsúla go naimhdeach in aghaidh na Gaeilge, agus feictear domsa gur snámh in aghaidh easa é a bheiith ag súil le freagra i nGaeilge ar chomhreagras ar bith i nGaeilge. Dá mba rud é go ndearna siad iarracht an comhreagras a fhreagairt i nGaeilge bheadh sé chomh beagmhaitheachas le trumpa gan teanga! Go hiondúil bhíodh sé ina dheilín gan bun ná barr, agus sin lom chlár na fírinne! Teaspach gan dúchas is deacair é a iompar!!S. Mac Coitir.