Bean maraithe i bPort Láirge agus díobháil á déanamh ag Ophelia ar fud na tíre

Maraíodh bean sna caogaidí taobh amuigh den Eaglais i bPort Láirge nuair a thit crann ar a carr ar maidin

Bean maraithe i bPort Láirge agus díobháil á déanamh ag Ophelia ar fud na tíre

Cionn tSáile. Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Maraíodh bean i gContae Phort Láirge ar maidin nuair a thit crann ar a carr le linn na stoirme Ophelia. Bhí an bhean, a bhí sna caogaidí, ag tiomáint gar don Eaglais in iarthar an chontae in éineacht le bean eile, atá sna seachtóidí, nuair a leag an ghaoth an crann.

Gortaíodh an bhean eile agus aistríodh go hOspidéal Réigiúnach Phort Láirge í, áit a bhfuil cóir leighis á cur uirthi faoi láthair.

Tá iarrtha ag an nGarda Síochána ar an bpobal fanacht istigh agus gan taisteal mura mbíonn géarghá leis an turas. Tuairiscítear go bhfuil an aimsir in iarthar Phort Láirge agus i gcathair Phort Láirge go dona agus go bhfuil go leor crainnte á leagan.

Idir an dá linn, tugadh léargas dramatúil ar a fhíocmhaire is atá an stoirm in eachtra i gCorcaigh nuair a séideadh an díon de spórtlann Phobalscoil Dhúglaise.

Tuairiscítear go bhfuil 230,000 teach agus gnólacht gan chumhacht tráthnóna agus go mbeidh a bhformhór gan aon chumhacht thar oíche. Tá rabhadh tugtha ag an BSL gan dul i ngiorracht crainnte atá leagtha ar fhaitíos go mbeadh sreanga beo leictreachais timpeall orthu.

Fág freagra ar 'Bean maraithe i bPort Láirge agus díobháil á déanamh ag Ophelia ar fud na tíre'

  • Cailleach an Airgid

    Beannacht lei mó léan tá 1987 arais arist chugainn agus an chontúirt ceanna dá thuar dhúinn?