Bás tubaisteach eile ar an tsráid – tá sé thar am gnímh

Fear gan dídean tar éis bháis i lár na cathrach i mBéal Feirste agus polaiteoirí i Stormont ag déanamh gaisce faoi chomh hoilte is atá siadsan le freastal ar riachtanais an phobail

Part of the By a Wall series.
Pictiúr: Garry Knight

Bhí sé beagán le cois 30 bliain d’aois, é gan dídean le tamall agus é de nós aige na hoícheanta a chaitheamh ag doras siopa tréigthe i bPlás Dhún na nGall, príomhshráid siopadóireachta Bhéal Feirste. Is mór idir an rachmas agus an chumhacht sa cheantar sin agus easpa dídine. Fearacht an fhir a fuair bás in aice le Dáil Éireann cailleadh an fear seo os comhair Halla na Cathrach i mBéal Feirste.

Cor scanrúil é an méadú sa líon daoine gan dídean. Ba é an fear óg seo an ceathrú duine gan dídean sa chathair a fuair bás le bliain. Ach oiread leis na húdaráis ó dheas ní mór do Halla na Cathrach i mBéal Feirste, na comhairlí ar fud an tuaiscirt agus an feidhmeannas i Stormont a dhul i ngleic le easpa dídine.

Thart ar a trí a chlog ar maidin Dé Domhnaigh nuair a bhí daoine ag dul abhaile tar éis oíche spraoi tugadh faoi deara go raibh an fear óg ag doras an tsiopa, ina ndíoltaí cártaí tráth, i dtrioblóid. Grúpa ban, altraí ina measc a tháinig air gan aithne gan urlabhra. Chuir said fios ar na seirbhísí éigeandála a rinne a ndícheall chun é a athbheochan ach theip orthu. Níor léir cad ba chúis lena bhás. Tá scrúdú iarbháis le déanamh, ach dúirt na póilíní nach raibh rud ar bith amhrasach i gceist. Beidh ceisteanna le freagairt faoin mbás truamhéalach seo lá is faide anonn ach tá gníomh riachtanach sa ngearrthéarma chun a theacht i gcabhair ar dhaoine leochaileacha.

Bhí aithne mhaith ag oibrithe carthanachta air agus cion acu air, is léir. Ba iad na heagraíochtaí Hope Outreach for the Homeless agus Amethyst Outreach a tharraing aird ar an tubaiste. Dúirt oibrí Hope, Donna Connor, go raibh aithne mhaith aici ar an bhfear óg, go raibh sé spraíúil, suáilceach. Bhí sé pósta agus b’athair é ach bhris an caidreamh síos; dúirt Donna Connor go raibh sé sa bhaile faoi Nollaig ach go raibh sé ar ais ag doras an tsiopa gan mhoill. Bhí sé san ospidéal cúpla lá an tseachtain seo caite ach gan dídean arís san oíche Déardaoin nuair a d’iarr sé ar Connor barróg a thabhairt dó.

Ó Luan go hAoine a bhíonn Hope amuigh istoíche le bia te agus málaí codlata a thabhairt do dhaoine. Bhí Amethyst amuigh oíche Dé Sathairn. Thug siad mála codlata don bhfear tar éis meán oíche agus nuair a thug siad sciuird eile ar Phlás Dhún na nGall níos deireanaí chonaic siad daoine bailithe agus iad corraithe. D’aithin siad gurb é a gcliaint a bhí breoite agus d’fhan siad leis fad is a rinneadh iarrachtaí chun a chroí a bheochan – breis is leathuair. Tugadh chun ospidéil é mar ar fógraíodh go raibh sé marbh.

Tá feachtas ar siúl ag Amethyst le tamall ag bailiú ainmneacha mar thaca le hachainí ar Chomhairle na Cathrach chun foirgnimh nach bhfuil in úsáid a oscailt do dhaoine gan dídean. Tabharfar an achainí ar láimh don Mhéara go luath. Measann oibrithe as eagraíochtaí eile gur mhaith an ní é na foirgnimh a oscailt ach nach leor sin. Bheadh gá le hacmhainní freisin- foireann, trealamh, cosaint, sábháilteacht agus cóir leighis don chorp is don mheabhair.

Is léir nach bhfeileann na cineálacha céanna cóiríochta do gach duine. Tá aithne ag carthanachtaí ar dhaoine idir seacht mbliana déag d’aois agus trí scór go leith, fir den chuid is mó. Ní lia duine gan dídean ná cúis leis an anró. Maítear nach raibh baint ar bith ag an bhfear óg a fuair bás maidin Dé Domhnaigh le drugaí ach tá andúiligh i measc na ndaoine gan teach ná foscadh. Tá alcólachas coitianta freisin ach tá daoine gan dídean ar chúiseanna níos simplí – gan a bheith in ann an cíos a íoc, póstaí briste, nó ag éalú ó mhí-úsáid.

Ar ndóigh tá go leor fadhbanna i sochaí iar-choimhlinte (an ráta féinmharaithe is airde sa Ríocht Aontaithe, mar shampla). Is mór an dúshlán iad do na húdaráis, ach ní leithscéal é sin le faillí a dhéanamh san easpa dídine. Is maith leis na polaiteoirí i Stormont a bheith ag déanamh gaisce faoi chomh hoilte is atá siadsan le freastal ar riachtanais an phobail – buanna na cumhachta díláraithe, dar leo. Ní gá éirim Einstein ná saibhreas Chréasais chun dídean a sholáthar – tá sé thar am gnímh.

Fág freagra ar 'Bás tubaisteach eile ar an tsráid – tá sé thar am gnímh'

  • alan

    Scéal uafásach truamhéalach eile, an dála céanna thuaidh agus theas is dealraitheach. An córas caipitlíoch neamhthrócaireach, brúidiúil seo faoina bhfágtar tithe folamh agus daoine ag fáil bháis ar na sráideanna cheal dídine. Agus na polaiteoirí etc ina suí go te.